Osclaíonn an tAire Stáit Smyth an Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach 2022 le haghaidh iarratais a dhéanamh
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair Ossian Smyth, an tAire Stáit sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ar a bhfuil freagracht as an nGeilleagar Ciorclach agus Cumarsáid, inniu glao ar iarratais le haghaidh bhabhta cistiúcháin na bliana 2022 den Scéim Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach (SDNGC).
Leis an scéim deontas seo is fiú €650,000, tacaítear le tionscadail nuálaíochta agus geilleagair chiorclaigh a dtugann fiontair shóisialta, eagraíochtaí deonacha agus pobail agus gnólachtaí a bhfuil níos lú ná 50 fostaí acu fúthu. Tá suas le €100,000 ar fáil le haghaidh tionscadail aonair a thaispeánann tionchar ollmhór.
Bhunaigh an tAire Smyth SDNGC i mí Aibreáin 2021, agus na hiarratais a fuarthas sa bhliain sin ag clúdach raon leathan téamaí geilleagair chiorclaigh, lena n-áirítear dramhaíl bhia, plaistigh, plaistigh aonúsáide, pacáistíocht, tógáil, teicstílí agus dramhaíl ghinearálta. Ar deireadh, dámhadh cistiú SDNGC ab fhiú thart ar €490,000 do 10 n-iarratasóir faoi bhabhta cistiúcháin na bliana 2021.
Tá an méadú bliain ar bhliain sin ar aon dul leis an ngealltanas a tugadh sa Straitéis um an nGeilleagar Ciorclach 2022-2023 go méadófaí cistiú SDNGC gach bliain go dtí an bhliain 2024.
D’aithin an tAire Smyth an ról tábhachtach a imríonn an scéim deontas. Dúirt sé:
"Tá ríméad orm a bheith in ann an dara glao le haghaidh na Scéime Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach 2022 a fhógairt. Má tá ár ngeilleagar chun teacht chun bheith ina fhíorgheilleagar ciorclach, teastóidh athruithe ar gach leibhéal dár sochaí. Leanfaidh SDNGC na bliana 2022 ar aghaidh ag tacú le pobail aistriú chuig todhchaí níos inbhuanaithe, agus díriú á leagan ar dhramhaíl a laghdú agus a dhíothú agus ar acmhainní a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir."
D’fhéadfadh iarratais ar chistiú díriú ar na réimsí téamacha a bhaineann le tosaíochtaí le haghaidh an gheilleagair chiorclaigh in Éirinn, is iad sin:
Is féidir mionsonraí iomlána faoin bpróiseas iarratais le haghaidh na Scéime Deontas Nuálaíochta ar mhaithe leis an nGeilleagar Ciorclach a fháil ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann agus beifear ag glacadh le hiarratais go dtí an 16 Nollaig 2022. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig suíomh gréasáin na Roinne.
Rud ba leithne fós, sheol an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide feachtas nua chun 'maireachtáil chiorclach' a mhíniú agus chun feasacht a mhúscailt ar na dóigheanna difriúla a bhfuil 'geilleagar ciorclach' á thógáil ag an rialtas.
Beidh i bhfad níos mó rudaí faoin ‘ngeilleagar ciorclach’ á gcloisteáil agat roimh i bhfad. Is é atá i gceist leis go bunúsach ná ár n-acmhainní a choinneáil i gcúrsaíocht ar feadh na tréimhse is faide is féidir: trí iad a dheisiú, a athúsáid, a chomhroinnt agus a bhabhtáil. Tríd an bhfeachtas, tá an rialtas ag déanamh gníomhartha chun gach duine dínn a spreagadh chun glacadh le maireachtáil chiorclach.
Ní smaoineamh nua é an geilleagar ciorclach. Déanta na fírinne, is rudaí coitianta iad a lán gníomhaíochtaí ciorclacha. Chun na tairbhí iomlána a bhaint amach, áfach, teastaíonn níos mó ná gníomhaíocht ar leibhéal an duine aonair. Teastaíonn an meascán ceart idir beartais rialtais, rialáil rialtais, samhlacha nua gnó agus córais nua táirgthe freisin. Chomh maith leis sin, teastaíonn oideachas agus feasacht, agus is é sin an réimse ina n-imreoidh an feachtas ról tábhachtach.
Faigh tuilleadh faisnéise ar shuíomh gréasáin Rialtas na hÉireann.
CRÍOCH
Is é €100,000 an t-uaschistiú a bheidh ar fáil d’aon tionscadal aonair faoi bhabhta cistiúcháin na bliana seo. Ní bhreithneofar le haghaidh an uasleibhéil cistiúcháin sin ach tograí a thaispeánann tionchar ollmhór.
Meastar gur idir €10,000 agus €50,000 a bheidh luach an ghnáthchistiúcháin do thionscadail SDNGC faoi ghlao na bliana 2022.
Is iad seo roinnt samplaí den chineál tograí le haghaidh cistiúcháin a d’fhéadfaí a bhreithniú: