Tionscnamh Doherty chun Níos Mó Comhar Creidmheasa a Spreagadh chun Iasachtaí Micrichreidmheasa a Thairiscint
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Luan, 16 Nollaig, 2019
Tá áthas an domhain ar an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty T.D. a fhógairt nach mbeidh ar Chomhair Chreidmheasa an muirear de 25 cent in aghaidh an idirbhirt a íoc le An Post a thuilleadh chun rochtain a fhail ar Bhuiséad an Teaghlaigh (HB) do bhaill a bhaineann leas as an iasacht 'It Makes Sense' (IMS) faoin Tionscnamh Micrichreidmheasa Pearsanta.
Dúirt an tAire Doherty,
“Ó mhí Eanáir, ní ghearrfar táille beartaíochta ar Chomhair Chreidmheasa as na hiasachtaí ‘It Makes Sense’ – clúdóidh mo Roinn an costas seo go díreach.”
Rinneadh socruithe riaracáin le An Post le dáta tosaithe de 3 Eanáir 2020. Chomh maith leis na costais airgeadaíochta a laghdú do Chomhair Chreidmheasa, cuideoidh an socrú nua le hualach riaracháin a laghdú do Chomhair Chreidmheasa a thairgeann iasachtaí ‘It Makes Sense’.
Dúirt an tAire Doherty freisin,
“Tá áthas orm a bheith in ann tacú leis an scéim ‘It Makes Sense’, a bhfuil sé mar aidhm aici daoine a bhogadh amach as úsáid a bhaint as iasachtóirí ardchostas agus rochtain a sholáthar ar iasachtaí pearsanta ar chostas íseal. Tá sé dearbhaithe ag Comhair Chreidmheasa go raibh an muirear de 25 cent in aghaidh an idirbhirt chuig An Post mar chonstaic maidir le líon na gComhar Creidmheasa atá rannpháirteach sa scéim iasachta ‘It Makes Sense’ a mhéadú. Dá bhrí sin, táim ag súil go mbeidh méadú i líon na gComhar Creidmheasa a thairgeann an tseirbhís thábhachtach seo dá bpobail áitiúla mar thoradh ar an gcostas a bhaineann le riar na n-iasachtaí seo a laghdú.
“Is iontach an rud é go bhfuil beagnach leath de Chomhair Chreidmheasa na tíre ag tacú lena mbaill is leocháilí cheana féin leis na hiasachtaí seo agus ag cuidiú leis an spleáchas ar iasachtaóirí ardchostas a laghdú ina bpobail. Tá sé tábhachtach mar sin go gcuirfeadh níos mó Comhar Creidmheasa an iasacht ‘It Makes Sense’ ar fáil.”
Faoi láthair tá 109 Comhar Creidmheasa (agus a 162 fo-oifig) rannpháirteach sa tionscnamh. Tá beagnach 7,000 aisíocaíocht iasachta ‘It Makes Sense’ á n-éascú go seachtainiúil trí Shaoráid Bhuiséad Teaghlaigh de chuid An Post.
Ag trácht ar fhógairt an lae, dúirt Gerry Thompson, Uachtarán Chonradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa :
“Cuirimid fáilte mhór roimh an gcinneadh tábhachtach seo ón Aire Doherty. Tá maoiniú agus tacaíocht tugtha ag Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa don scéim Micrichreidmheasa Phearsanta ón tús agus rinne sé iarracht deireadh a chur leis an muirear beartaíochta a bhí ina bhac ar níos mó Comhar Creidmheasa a bheith páirteach ann. Laghdófar an t-ualach ar ár 109 Comhar Creidmheasa atá ag soláthar na hiasachta ‘It Makes Sense’ cheana féin dóibh siúd sa sochaí a bhfuil an gá is mó léi nuair a chuirfear deireadh leis an muirear beartaíochta 25 cent. Táimid tiomanta i leith leanúint ar aghaidh ag spreagadh daoine chun cúl a thabhairt le hiasachtóirí airgid, agus tá súil agam go spreagfaidh nuacht an lae inniu níos mó dár gComhair Chreidmheasa le clárú chun an iasacht ‘It Makes Sense’ a chur ar fáil.”
Críoch
Nóta d’Eagarthóirí:
Forálann an tionscnamh Pearsanta Micrichreidmheasa d’iasachtaí ar scála beag idir €100 go €2,000 ar a dtugtar iasacht ‘It Makes Sense’, soláthartha ag Comhair Chreidmeasa d’iasachtaithe a bhfuil deacracht acu rochtain a fháil ar chreidmheas ar chostas íseal.
Is í aidhm na scéime ná daoine a spreagadh chun cúl a thabhairt le hiasachtóirí ardchostas mar bhealach chun a riachtanais airgeadais pleanáilte a shásamh agus chun scéim iasachta phearsanta dhlisteanach chomhroghnach agus ar chostas íseal a sholáthar.
Tá an iasacht ‘It Makes Sense’ á thairiscint ag Comhair Chreidmheasa ag 271 ionad ar fud na tíre. Is féidir le faighteoirí leasa shóisialaigh aisíocaíochtaí iasachta a dhéanamh tríd an tsaoráid Bhuiséad Teaghlaigh a fheidhmíonn An Post, trí dhochar díreach nó trí bhuanordú.
Faoi láthair tá beagnach 7,000 aisíocaíocht iasachta á éascú tríd an mBuiséad Teaghlaigh. Ní áirítear san fhigiúr seo iasachtaí atá aisíoctha go hiomlán, iasachtaí breise nó iasachtaí atá á n-aisíoc trí dhochar díreach nó trí bhuanordú.
Tá an scéim deartha chun deis a thabhairt do dhuine aonair stair chreidmheasa mhaith a thógáil ags bogadh ar aghaidh chuig iasachtaí caighdeánacha, agus ar deireadh thiar, rochtain a fháil ar sheirbhísí agus táirgí airgeadais eile atá ar fáil óna gComhar Creidmeasa.
Tá eolas faoin scéim agus nuashonruithe reatha, lena n-áirítear liosta de na comhair chreidmheasa rannpháirteacha go léir le fáil ag www.itmakessenseloan.ie.
Críoch.
Sonraí Teagmhála na Preasoifige
R-phost: press.office@welfare.ie
Teil: 01 704 3082
Twitter: @welfare_ie
Instagram: instagram.com/social.protection