Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 23 Márta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil. B’fhir ó oirthear na tíre iad an bheirt othar. Tá sé bhás a bhaineann le COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi 219 gcás dheimhnithe nua de COVID-19 in Éirinn amhail 1pm, Dé Luain an 23 Márta. Tá 1,125 chás dheimhnithe de COVID-19 ann in Éirinn anois.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh na hothair i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Nochtar an méid seo a leanas sna sonraí a d’eisigh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu, mar a bhí an scéal ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta (836 chás):
Léirítear i dtaighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go mbíonn a lámha á nglanadh níos minice ag breis agus 93% den daonra mar thoradh ar Choróinvíreas.
Déanfar suirbhé ar líne atá ionadaíoch don tír ar fad ar 1,270 aosach dhá uair in aghaidh na seachtaine agus nochtar an méid seo a leanas sna torthaí ón suirbhé a rinneadh inniu:
Má tá siomptóim amhail fiabhras agus casacht ort, féinleithlisigh agus cuir glao ar do lia-chleachtóir ginearálta, a thabharfaidh treoir duit ansin.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Tuigimid an imní atá ag teacht ar dhaoine mar thoradh ar an ráig seo. Bíonn na gnéithe uile dár gcomhairle sláinte poiblí á n-athbhreithniú go seasta ag an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí agus ní bheidh aon drogall ar bith orainn tuilleadh beart a dhéanamh nuair is gá, ar bearta iad a bheidh bunaithe ar fhianaise eipidéimeolaíochta agus a bheidh i gcomhréir le heispéireas na hÉireann ar an ráig seo.
"Tiocfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile an athuair maidin amárach, áit a leanfaimid le freagairt na hÉireann a athbhreithniú agus le tuilleadh moltaí a dhéanamh de réir mar is cuí."
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
"Is é féinleithlisiú an rud is tábhachtaí is féidir le daoine a dhéanamh nuair atá siomptóim orthu. Cé go leanfaimid le tástáil a mhéadú in Éirinn ar aon dul leis na treoirlínte ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá leithlisiú agus scaradh sóisialta ar na gníomhartha is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh in aghaidh an víris seo."
CRÍOCH
An líon iomlán cásanna | 836 | |
An líon iomlán daoine a cuireadh san ospidéal | 239 | |
An líon iomlán daoine a ligeadh isteach san Aonad Dianchúraim | 25 | |
An líon iomlán básanna | 6 | |
An ráta báis i measc na gcásanna | 0.7 | |
An líon iomlán oibrithe cúram sláinte | 208 | |
An líon braislí ar tugadh fógra fúthu | 37 | |
Aois airmheánach | 44 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Inscne | Líon | % den Iomlán |
Bean | 369 | 44 |
Fear | 460 | 55 |
Níl an inscne ar eolas | 7 | 1 |
Iomlán | 836 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Aoisghrúpa | Líon | % den Iomlán |
<1 | 3 | 0 |
1 - 4 | 2 | 0 |
5 - 14 | 16 | 2 |
15 - 24 | 69 | 8 |
25 - 34 | 166 | 20 |
35 - 44 | 165 | 20 |
45 - 54 | 158 | 19 |
55 - 64 | 117 | 14 |
65+ | 139 | 17 |
Níl an aois ar eolas | 1 | 0 |
Iomlán | 836 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Tarchur pobail | 43% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 24% |
Taisteal thar lear | 33% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Tabhair faoi deara:
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus nach raibh an duine sin thar lear nó nach raibh aon teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur pobail.
I gcás go dtaispeánfaidh toradh tástála go bhfuil COVID-19 ar dhuine agus go mbeifear in ann é sin a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, cuirfear an cás i leith tarchur áitiúil.
Taisteal thar lear | 55 | 26% |
Ní bhaineann an cás le haon taisteal thar lear | 133 | 64% |
Tá an cás fós á imscrúdú | 20 | 10% |
Iomlán | 208 |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
<5 | 2 | 1% |
5 - 14 | 2 | 1% |
15 - 24 | 14 | 6% |
25 - 34 | 31 | 13% |
35 - 44 | 26 | 11% |
45 - 54 | 42 | 18% |
55 - 64 | 37 | 16% |
65+ | 85 | 36% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Ceatharlach | ≤5 | 0% |
An Cabhán | ≤5 | 1% |
An Clár | 9 | 1% |
Corcaigh | 104 | 12% |
Dún na nGall | 8 | 1% |
Baile Átha Cliath | 471 | 56% |
Gaillimh | 33 | 4% |
Ciarraí | 12 | 1% |
Cill Dara | 23 | 3% |
Cill Chainnigh | 15 | 2% |
Laois | 6 | 1% |
Liatroim | ≤5 | 0% |
Luimneach | 18 | 2% |
An Longford | ≤5 | 1% |
Lú | 13 | 2% |
Maigh Eo | 6 | 1% |
An Mhí | 13 | 2% |
Muineachán | ≤5 | 0% |
Uíbh Fhailí | 10 | 1% |
Ros Comáin | ≤5 | 0% |
Sligeach | 8 | 1% |
Tiobraid Árann | 20 | 2% |
Port Láirge | 9 | 1% |
An Iarmhí | 20 | 2% |
Loch Garman | ≤5 | 0% |
Cill Mhantáin | 22 | 3% |
*Tomhaiseadh na staitisticí uile ag meán oíche, Dé Sathairn an 21 Márta.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.