Cuireann 41,000 feirmeoir isteach ar an gClár Náisiúnta Aolta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá spéis ollmhór léirithe ag feirmeoirí sa Chlár Náisiúnta Aolta nua le 4.5m tona iarrtha ag 41,000 feirmeoir roimh spriocdháta an Chláir ar an 20 Aibreán.
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Charlie McConalogue T.D líon na n-iarratas don chlár agus chuir sé síos air mar ‘léiriú ar neart comhshaoil' ag feirmeoirí.
Chuir beagnach 41,000 feirmeoir isteach ar pháirt a ghlacadh sa Chlár Náisiúnta Aolta faoin dáta deiridh, an 20 Aibreán 2023.
Le tacaíocht i leith breis agus 4.5m tona aoil iarrtha, tá an meántonnáiste iarrtha in aghaidh an iarratasóra faoin gclár beagán os cionn 111 tonaí.
Ag ráta de €16/tona, bheadh buiséad de bhreis is €72m ag teastáil dá ndéanfar an t-aol a iarradh go léir a cheadú agus dá ndéanfadh na feirmeoirí é go léir a éileamh. Bhí tonnáiste bliantúil aoil a úsáideadh le blianta beaga anuas, lena n-áirítear aol a úsáideadh ar na feirmeacha sin nach bhfuil incháilithe faoin scéim, idir 700,000 tona agus 1.3 milliún tona.
Agus é ag tagairt don leibhéal spéise sa Chlár, dúirt an tAire McConalogue go ndéanfaidh sé measúnú anois ar an mbealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh i bhfianaise an éilimh ollmhóir.
“D'éirigh go hiontach leis an gClár Náisiúnta Aolta nuálach agus ceannródaíoch agus léirítear go soiléir leis an gclár cé chomh dírithe is atá feirmeoirí ar thorthúlacht na hithreach agus ar a n-úsáid as leasacháin cheimiceacha a laghdú. Molaim go mór an chaoi a ndeachaigh feirmeoirí i ngleic leis an gclár nua seo agus go bhfuil iarratais i bhfad chun tosaigh ar noirm feirmeoireachta - is léiriú iontach é ar neart comhshaoil ag feirmeoirí. Ba mhaith liom féachaint ar an mbealach is fearr dúinn chun cur leis seo lena chinntiú gur féidir linn an oiread aoil agus is féidir a scaipeadh i mbliana.
“Ní mór dúinn pH na hithreach a cheartú ar chuid shuntasach dár dtalamh feirme chun inbhuanaitheacht chomhshaoil agus eacnamaíoch a fheabhsú agus chun astuithe fhoriomlána ón earnáil a laghdú. Agus é seo san áireamh, is iontach a fheiceáil cé chomh dírithe is ata feirmeoirí ar an sampláil ithreach le míonna beaga anuas agus táimid ag súil go mbeidh plean bainistíochta cothaitheach níos fearr anois lena mbeidh úsáid spriocdhírithe aoil agus leasacháin i gcomhréir le riachtanais na mbarr.”
Mar gheall ar an leibhéal éilimh seo ar an gClár Aolta nach bhfacthas riamh cheana, tá sé deimhnithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, go mbeidh uirthi, i gcomhréir le Téarmaí agus Coinníollacha an chláir, teorainn a chur ar na hiarratais a cheadófar chun fanacht laistigh den bhuiséad a leithdháileadh don Chlár. Beidh an Roinn i dteagmháil dhíreach le gach iarratasóir in am trátha.