Fógraíonn Airí Rialtais cúnamh COVID-19 don Liobáin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra Colm Brophy TD, le roinnt Ranna Rialtais, FSS agus gníomhaireachtaí stáit ag obair le chéile chun cúnamh a sholáthar don Liobáin mar fhreagairt ar mhinicíocht COVID-19 atá ag dul in olcas ann.
Fágfaidh síntiús 16,500 pacáiste de shnáthaidí sábháilteachta Magellan agus steallairí 16,400 B Braun Omnifix Luer Solo Éire ag dul chuig an Liobáin inniu, Dé Luain, an 22 Samhain. Cuideoidh na míreanna seo le clár vacsaínithe COVID-19 sa Liobáin. Bhronn FSS agus Rialtas na hÉireann iad.
Chomhordaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha seoladh na n-earraí seo tríd an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, ag obair leis an Roinn Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreachta, an Roinn Sláinte, FSS, agus eile. Tá an tacaíocht seo í Éirinn mar chuid den iarracht chomhordaithe ag Ballstáit an AE atá ar bun faoi láthair chun freagra comhoibritheach a sholáthar tar éis iarraidh na Liobáine ar chúnamh.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD:
“Tá áthas orm go bhfuil Éire in ann freagra a thabhairt ar iarraidh na Liobáine ar chúnamh. Tacóidh na míreanna seo le rolladh amach chlár vacsaínithe na Liobáine. Tá a fhios againn go bhfuil an vacsaíniú ar cheann de na huirlisí is láidre atá againn agus an bpaindéim seo á throid. Táim bródúil as iarrachtaí na hÉireann dlúthpháirtíocht a léiriú san iarracht dhomhanda i gcoinne na paindéime”
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra:
"Táim sásta gur féidir le hÉirinn rannchuidiú bríoch a dhéanamh arís leis an bhfeachtas vacsaínithe domhanda agus é sin a dhéanamh ar bhealach comhoibritheach, ar fud ár gcóras anseo sa bhaile, agus mar bhall den AE. Mhúin an phaindéim dúinn an tábhacht a bhaineann le bheith ag obair le chéile, sa bhaile agus thar lear. Tá caidreamh láidir agus fada ag Éirinn leis an Liobáin, agus seasann muid i ndlúthpháirtíocht leo agus iad ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim COVID-19."
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD;
“Tá áthas orm go bhfuil mo roinn in ann a bheith bainteach leis an iarraidh seo ar chabhair. Tá Éire chun tosaigh mar chuid d’Fhoireann na hEorpa ag léiriú dlúthpháirtíochta leis an Liobáin a sholáthraíonn tacaíocht Dhaonnúil trí Mheicníocht um Chosaint Shibhialta an Aontais. Ní mór dúinn ár gcuid a dhéanamh chun leathadh an víris uafásach seo a chosc."
Dúirt an Coimisinéir um Bainistíocht Géarchéime, Janez Lenarčič:
“Tá an AE agus a Bhallstáit tiomanta tacú le hiarrachtaí vacsaínithe ar fud na cruinne. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÉirinn as cuidiú leis an Liobáin. Ní féidir linn an phaindéim a bhualadh ach trí oibriú le chéile."
CRÍOCH
Rinneadh síntiúis roimhe seo chun cabhrú le freagairt COVID-19 a chomhordú agus a sheoladh chuig an India, Neipeal agus an Bhrasaíl as Éirinn faoin Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta le míonna beaga anuas. Bhí na síntiúis seo mar fhreagra ar iarratais ó rialtais na hIndia, Neipeal agus na Brasaíle ar chúnamh ón AE.
Tá Meicníocht um Chosaint Shibhialta an AE ag comhordú freagra an AE agus tá an tAontas Eorpach ag cómhaoiniú na gníomhaíochta. Tuilleadh nuashonruithe AE ar fáil ag baint úsáide as an haischlib #TeamEurope.