Maoiniú de €289,030 fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., chun leabhair Ghaeilge a athchló
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá maoiniú de €289,030 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., d’Fhoras na Gaeilge chun athchló a dhéanamh ar réimse leathan foilseachán Gaeilge atá as cló cheana nó atá ar tí dul as cló.
Leis an deontas seo, tá Foras na Gaeilge ag iarraidh freastal ar an éileamh agus díol leanúnach atá ar na leabhair seo. Cabhróidh an maoiniú seo go mór leis an nGaeilge a fhorbairt ag leibhéal an teaghlaigh agus le cur chun cinn na teanga mar ghnáth-theanga labhartha. Ní hamháin sin, ach beifear ag tógáil ar agus ag cur leis an obair fhiúntach a dhéanann páirtithe leasmhara eile ar nós Tuismitheoirí na Gaeltachta tríd an bpacáiste tacaíochta teaghlaigh mar shampla.
Leis an deontas seo, tacófar le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta, sna Líonraí Gaeilge mar aon le foghlaimeoirí Gaeilge agus leis an bpróiseas pleanála teanga go ginearálta.
Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit O’Donovan agus an deontas á fhógairt aige:
“Tá obair fhíorthábhachtach ar bun ag Foras na Gaeilge ar mhaithe le húsáid na teanga a chothú agus a threisiú i measc aos óg na tíre chomh maith le comhlachtaí poiblí agus grúpaí eile sna hearnálacha príobháideacha agus deonacha i ngach gnó a bhaineann leis an nGaeilge.
"Tá tábhacht ar leith ag baint leis an athchló leabhar seo mar gur gá go mbeadh rogha leathan leabhar ar fáil do phobal na Gaeilge go háirithe sa Ghaeltacht, a chlúdaíonn réimse fairsing spéiseanna, ábhar agus seánraí agus a dhéanann freastal ar leibhéil éagsúla chumais agus líofachta.
"Chuige sin, tá áthas orm, mar Aire Stáit, go bhfuil sé ar chumas mo Roinne an deontas seo a chur ar fáil d’Fhoras na Gaeilge a thacaíonn le mianta an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.”
Nótaí don eagarthóir:
Tuismitheoirí na Gaeltachta: Pacáiste Tacaíochta Teaghlaigh