Leithdháiltear €2M ar 15 thionscadal raidió agus teilifíse do chláir Ghaeilge
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D., roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfear beagnach €2 mhilliún ar fáil do 15 thionscadal raidió agus teilifíse chun tacu le cláir Ghaeilge
Leithdháileadh an maoiniú ar na tionscadail faoi Scéim Fuame agus Físe an Chiste Craolacháin. Mar chuid de phlean níos leithne an Rialtais chun tacú agus cur le húsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil, tá sé seo ar cheann de roinnt babhtaí maoinithe breise spriocdhírithe a soláthraíodh mar gheall ar an maoiniú méadaithe a chuir an tAire Martin ar fáil don Chiste Craolacháin.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
‘Níos luaithe i mbliana, d’fhógair mé méadú suntasach ar na hacmhainní atá ar fáil chun tacú le tograí craolta le béim ar leith ar réimsí éagsúla, lena n-áirítear léiriúcháin Ghaeilge agus dhátheangacha. Soláthróidh na cláir raidió agus teilifíse a dhéanfar mar gheall ar fhógra an lae inniu níos mó deiseanna fós don lucht féachana breathnú ar léiriúcháin Éireannacha.”
Tá sonraí breise na dtionscadal, lena n-áirítear deich léiriúchán raidió agus cúig léiriúchán teilifíse a bhfuil cúig cinn acu dátheangach agus deich gcinn i nGaeilge ar fáil anseo .
Dúirt an tAire, chomh maith:
“Fáiltím go háirithe roimh an mbéim mhéadaithe sa bhabhta maoinithe seo ar chritéir ‘mná i gceannas cruthaitheach’ an Údaráis. Beidh glórtha agus ionchur na mban suntasach i léiriúchán na gclár, lena n-áirítear taibheoirí agus léiritheoirí.”
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Tá an babhta dámhachtainí seo ar cheann de go leor dámhachtainí maoinithe trí Scéim Mhaoinithe Craolacháin Fuaime & Físe, a fuair maoiniú breise €10.5m ón Aire Martin, a fógraíodh i mí Bealtaine na bliana seo. Dearadh an maoiniú seo le cur ar chumas an Údaráis tús a chur le roinnt sruthanna eile de bhabhtaí maoinithe speisialta, lena n-áirítear:
• €5m do thionscadail chraolacháin ina n-ardaítear feasacht ar athrú aeráide, a chuireann gníomhaíocht aeráide chun cinn agus a thacaíonn le hathrú iompraíochta (áirítear leis seo €2.5m a cheadaigh an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamonn Ryan).
• €2m do thionscadail chraolacháin cheoil bheo; a fógraíodh le déanaí.
• €2m d'ábhar craolacháin Gaeilge (faoina bhfuil na dámhachtainí á bhfógairt inniu).
• €1.5m do thionscadail faoi Bhabhta 42 den Scéim Fuaime agus Físe a fógraíodh níos luaithe i mbliana.
Tá an pacáiste maoinithe €2m a moladh sa bhreis ar ghealltanas Údarás Craolacháin na hÉireann 20-25% den mhaoiniú a imfhálú chun tacú le hábhar Gaeilge / dátheangach i mbabhtaí maoinithe oscailte.
I measc na dtionscadal maoinithe tá cláir faisnéise, drámaíocht, teilifís réaltachta agus ceol. Beidh an lucht féachana in ann eispéireas uathúil ar mhná na hÉireann a fháil; dháréag daoine aonair a leanúint ag aimsiú grá agus ag foghlaim na Gaeilge; nó a bheith spreagtha ag dráma coireachta teilifíse nua ina bhfuil speictream saibhir greann dorcha ag rith tríd an scéal. Beidh roinnt tionscadal nua raidió ar siúl freisin, lena n-áirítear sraith deich gcuid de cheolchoirmeacha ina ndéanfar ealaíontóirí a thaifeadadh os comhair lucht féachana beo.
Tá sonraí faoi na cúig thionscadal déag a gheobhaidh maoiniú ar fáil ar bai.ie.