Ráiteas faoi chruinniú na Comhairle Eorpaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preasoifig an Rialtais
‘Úsáideach’ an cur síos a rinne an Taoiseach Micheál Martin ar chainteanna na maidine ag cruinniú na Comhairle Eorpaí, tráth ar pléadh Covid -19 agus an bealach a bhfuil an Eoraip ag freagairt don phaindéim.
Bhí an Taoiseach ag labhairt tar éis an chruinnithe a mhair dhá lá sa Bhruiséil.
Thug baill na Comhairle eolas faoina raibh ag tarlú ina dtíortha féin maidir leis an bpaindéim agus chuir siad in iúl go raibh siad meáite ar sheasamh le chéile agus treisiú ar an gcomhoibriú i réimsí áirithe, lena n-áirítear vacsaíní a fháil agus a dháileadh ag leibhéal an AE.
Dúirt an Taoiseach;
“Tá an patrún in Éirinn faoi láthair ó thaobh Covid-19 an-chosúil leis an bpatrún atá le feiceáil ar fud na hEorpa, sa méid is go bhfuil daoine óga á tholg ar dtús agus ina dhiaidh sin go n-ardaíonn an ráta tolgtha i measc dream níos sine. Bhí cainteanna na maidine úsáideach ó thaobh a bheith ag roinnt ár dtaithí le chéile, agus go háirithe an plé a bhain le dáileadh vacsaíní agus polasaí i leith soláthair. Creidim go ngéarófar ar an obair sa tréimhse atá amach romhainn, i réimsí ar nós vacsaíní agus creataí i leith coraintín agus taistil, le go bhfeicfear níos mó comhordúcháin sna réimsí sin ar fud na hEorpa. ‘’
“Tá an-imní ar fud na hEorpa maidir le tionchar Covid-19 ar chúrsaí sláinte agus eacnamaíochta. Is léir go mbeidh tionchar fadtéarmach ag an bpaindéim ar eacnamaíocht na hEorpa agus an domhain. Dá bhrí sin tá bunús láidir eacnamaíochta níos tábhachtaí ná riamh i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le hiomaíochas, le cruthú fostaíochta agus le forbairt na heacnamaíochta ar bhealach atá inbhuanaithe. Bainfear úsáid as an bpacáiste aisghabhála a haontaíodh ag cruinniú mullaigh mhí Iúil chun gníomhú in aghaidh díobháil Covid-19, ar mhaithe le cuidiú leis an Eoraip teacht chuici féin agus a hacmhainneacht a neartú.’’
“Rinneadh plé ar Brexit freisin ag cruinniú an lae inniu agus, tar éis d’Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh an t-eolas is déanaí a thabhairt maidir leis na comhchainteanna, thug mé mo thuairim féin maidir leis an gcás reatha. Chuir mé béim ar a thábhachtaí agus atá sé go gcuirfí i bhfeidhm ina iomláine an Comhaontú Aistarraingthe, ag cur san áireamh Prótacal Thuaisceart Éireann, agus an trádáil gan stró ar fud oileán na hÉireann. Chuir mé béim chomh maith ar an ngá atá le go gcuirfí muinín athuair sna comhchainteanna idir an AE agus an RA, i ndiaidh gníomhú aontaobhach Rialtas na Breataine. Is éard a theastaíonn uainn ó na comhchainteanna ar chúrsaí trádála ná comhaontú cuimsitheach, ciallmhar idir an RA agus an AE, comhaontú a thabharfadh cosaint dár bpoist agus dár ngeilleagair, faoi seach.’’
“Rinneadh mionphlé straitéiseach ar an gcaidreamh idir an AE agus an Tuirc agus ar an tábhacht a bhaineann le timpeallacht sheasmhach shábháilte sa Mheánmhuir Thoir. D’fháiltíomar roimh an méid atá déanta ag an nGréig agus ag an Tuirc le déanaí chun go mbeidís níos iontaofa agus roimh an bhfógra nach fada go rachaidh siad i mbun réamhchainteanna díreacha arís. Ag an am céanna cháineamar go láidir an sárú atá déanta ag an Tuirc ar chearta ceannasachta Phoblacht na Cipire.’’
“Aontaíodh, sa chás is go gcuirfeadh an Tuirc deireadh lena cuid gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i leith na Gréige agus na Cipire go gcuirfí tús le plé dearfach polaitíochta leis an Tuirc, plé a bheadh dírithe ar chúrsaí trádála, teagmháil duine le duine, cainteanna ardleibhéil agus comhoibriú leanúnach ar chúrsaí imirce. ‘’
“D’iarramar ar Ard-Ionadaí Gnóthaí Eachtracha Chomhairle an Aontais Eorpaigh na paraiméadair a mheas maidir le Comhdháil Iltaobhach ar an Meánmhuir Thoir.’’
“Rinneamar plé chomh maith ar an gcás i mBealarúis agus cháineamar an foréigean do-ghlactha atá á dhéanamh ag údaráis na Bealarúise in aghaidh léirsitheoirí síochánta. Tacaíonn an Chomhairle Eorpach go hiomlán le cearta i leith saorthoghcháin dhaonlathacha gan aon chur isteach ón taobh amuigh agus d’aontaíomar go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm ar oifigigh i mBealarúis.
Beidh cruinniú eile ag an gComhairle Eorpach faoi cheann coicíse.
Críoch