Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála le hathoscailt i gcomhair iarratas an tseachtain seo chugainn
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Athosclófar Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála, trínar cuireadh maoiniú a raibh géarghá leis ar fáil d’ionaid taibhithe san earnáil phríobháideach, i gcomhair iarratas Dé Máirt, an 1 Márta 2022.
Is iad príomhghnéithe na scéime:
Fearacht na bliana 2021, cuirfear maoiniú ar fáil leis an scéim chun obair chaipitil a éasca a chuideoidh le heagraíochtaí a n-áitreabh a athoscailt agus leanúint de bheith ag feidhmiú go sábháilte do bhaill foirne, do chustaiméirí agus do dhaoine den lucht féachana.
Ar an obair chaipitil atá incháilithe faoin scéim, tá: córais aerála a shuiteáil nó a mhionathrú; obair mhionathraithe chun aeráil a fheabhsú; mionathruithe ar áitreabh chun sábháilteacht ball foirne agus custaiméirí a chinntiú; saoráidí taibhithe agus lucht féachana lasmuigh a shuiteáil; saoráidí lasmuigh a dhéanamh díonta ar an aimsir; saoráidí/struchtúir a chuidíonn le bainistiú sluaite nó maoirseacht a shuiteáil; trealamh slándála agus sláinte agus sábháilteachta i gcomhréir leis an bPrótacal um Oibriú go Sábháilte; trealamh stáitsithe/sruthaithe.
D’fhéadfadh eagraíochtaí a fuair deontas faoin scéim sa bhliain 2021 iarratas a dhéanamh faoin scéim seo i leith costais chaipitil dhifriúla.
Tá an scéim seo, a bhfuil léithdháileadh €5m don bhliain 2022 luaite leis, mar chuid den phacáiste tacaíochta €50m atá curtha ar fáil ag an Aire Martin chun tacú le hearnáil na dTaibhithe Beo i mbliana.
Is éard a dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá áthas orm go bhfuil an scéim seo ag athoscailt i gcomhair iarratas Dé Máirt an 1 Márta. Mar chuid den phacáiste tacaíochta €50m d’earnáil na dTaibhithe Beo, cuirfear deontais ar fiú €5m iad ar fáil faoin scéim seo i leith tionscadail chaipitil lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le COVID-19. Cuirfear maoiniú ar fáil i dtreo obair a thacóidh le téarnamh earnáil na cruthaitheachta, an chultúir, na siamsaíochta agus na n-imeachtaí. Is tacaíocht spriocdhírithe é Scéim Deontas Caipitil Siamsaíochta Tráchtála do ghnólachtaí tráchtála a oibríonn as áitreabh i réimse ceoil, siamsaíochta, taibhithe beo, dráma agus tráchtála na hearnála ealaíon a íocfar le hiarratasóirí a n-éireoidh leo mar ranníocaíocht i leith na gcostas caipitil a bhaineann le hathoscailt an áitribh tar éis dó a bheith dúnta de thoradh phaindéim COVID-19. Áirítear orthu sin pictiúrlanna, amharclanna, clubanna oíche, ionaid siamsaíochta, spásanna cleachtaidh agus scoileanna damhsa, gan bheith teoranta dóibh.”
Treoirlínte ar fáil anseo: gov.ie/CECGS2022