Tá an tAire Sláinte ag ceiliúradh Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly ceiliúradh inniu ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda. Tacaíonn Éire leis an tionscnamh idirnáisiúnta seo, faoi stiúir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). Is é téama thionscnamh domhanda na bliana seo ná "Dlús a chur le gníomh le chéile SÁBHÁIL BEATHA - Glan Do Lámha". Le chéile, is féidir linn dlús a chur le gníomhaíocht chun ionfhabhtuithe agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha i gcúram sláinte a chosc agus cultúr sábháilteachta agus cáilíochta a thógáil ina dtugtar ardtosaíocht d'fheabhsú sláinteachais láimhe.
Tá glanadh lámha go rialta ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun stop a chur le scaipeadh go leor ionfhabhtuithe coitianta, lena n-áirítear COVID-19. Tá sláinteachas láimhe rialta, ceart, ar cheann de na rudaí is tábhachtaí agus is simplí is féidir linn a dhéanamh chun ár sláinte, sláinte ár dteaghlaigh agus ár n-othar a chosaint.
I mbliana comóradh 75 bliain na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). I mí Dheireadh Fómhair 2005, sheol EDS agus a chomhpháirtithe an chéad Dúshlán Domhanda um Shábháilteacht Othar leis an téama >"Is Cúram Níos Sábháilte é Cúram Glan" le Treoirlínte EDS maidir le Sláinteachas Láimhe i gCúram Sláinte atá ar fáil.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
"Ba mhaith liom an EDS a mhacallaigh agus iad ag díriú ar ár lámha a ghlanadh. Le blianta beaga anuas táimid go léir ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le sláinteachas láimhe. Ní hamháin go dtugann lámha glana aire níos fearr d'othair agus do theaghlaigh, cosnaíonn sé oibrithe sláinte agus cúraim shóisialta freisin."
Dúirt an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna:
"Inniu ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda, ba mhaith liom gach duine, baill foirne, othair agus cuairteoirí i ngach suíomh cúraim sláinte a spreagadh chun sláinteachas éifeachtach lámh a chleachtadh go minic chun a chinntiú go gcosnaímid muid féin agus daoine eile. Is é níochán do lámha go rialta an bealach is éifeachtaí chun stop a chur le scaipeadh go leor ionfhabhtuithe.”
Dúirt an Dr Eimear Brannigan, Ceannasaí Cliniciúil FSS maidir le Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha agus Foireann Rialaithe Ionfhabhtaithe:
"Tá a fhios againn go mbíonn claonadh ag daoine filleadh ar a sean-nósanna nuair a thosaíonn géarchéim ag éirí níos fearr, mar sin tá sé ríthábhachtach go dtuigimid go léir nach le haghaidh COVID-19 amháin atá sláinteachas láimhe, is don saol é. Caithfimid filleadh ar na bunrudaí agus ba mhaith liom daoine a spreagadh chun leanúint ar aghaidh ag glanadh a lámha. Má bhíonn díghalrán agus rochtain ar áiseanna níocháin lámh acu, beidh sé níos éasca do gach duine a nósanna maithe sláinteachais lámh a choinneáil."
Tuilleadh eolais ar Lá Sláinteachais Láimhe Domhanda: https://www.who.int/campaigns/world-hand-hygiene-day/2023
Tuilleadh eolais ar AMR agus an Dara Plean Gníomhaíochta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021-2025: www.gov.ie/amr
Tuilleadh eolais ar Phlean Gníomhaíochta Domhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030
Is ionfhabhtuithe iad HCAIanna a fhorbraíonn mar thoradh díreach ar idirghabhálacha cúraim sláinte amhail cóireáil leighis nó máinliachta, nó ó bheith i dteagmháil le suíomh cúraim sláinte. Tá go leor HCAIanna inchoiscthe. Tá dualgas ar chóras cúraim sláinte cosc a chur ar HCAInna a mhéid is praiticiúla.
Is cuspóir straitéiseach é Cosc agus Rialú Ionfhabhtuithe (IPC) Dara Plean Gníomhaíochta One Health na hÉireann ar Fhrithsheasmhacht In Aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach 2021-2025 a foilsíodh i mí na Samhna 2021. Is príomhchumasóir é IPC chun cúram sláinte agus sóisialta sábháilte a sheachadadh, lena n-áirítear ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HCAIanna) a chosc. Aithnítear é freisin mar réimse fócais i Straitéis Dhomhanda EDS um Shábháilteacht Othar 2021-2030. Glacann Éire cur chuige bunaithe ar fhianaise maidir le cleachtais IPC agus tá obair ar siúl ar Threoirlíne Chliniciúil Náisiúnta chun tacú le dea-chleachtas sa réimse seo.