Fógraíonn an tAire McConalogue €452m de réamhíocaíochtaí do 104,000 feirmeoir sa dara ceann as trí bhabhta íocaíochta mhí Dheireadh Fómhair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. inniu go raibh tús á chur le réamhíocaíochtaí faoi Thacaíocht um Ioncam Bunúsach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) agus Tacaíocht um Ioncam Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TIAFI) 2023.
Dúirt an tAire:
“Seo é an dara Máirt as trí cinn i mí Dheireadh Fómhair a mbeidh réamhíocaíochtaí á gcur ar fáil do theaghlaigh feirmeoireachta ar fud fad na hÉireann. Inniu, is díol sásaimh dom é a dheimhniú go bhfuil tús curtha le réamhíocaíochtaí faoi TBII & TIAFI, dar luach €452 milliún do 103,764 feirmeoir. Is ionann an méid sin agus thart ar 90% d'iarrthóirí atá incháilithe faoi láthair. Tuigim go díreach cé chomh bunriachtanach is atá na híocaíochtaí seo d'ioncaim fheirmeacha teaghlaigh, ach aithním freisin cé chomh tábhachtach is atá siad do ghnóthaí ar fud na tíre atá ag cur borradh, a bhfuil fáilte mhór roimhe, le sreabhadh airgid sa gheilleagar tuaithe. Tá sé de thiomantas agam a áirithiú go gcoinníonn na híocaíochtaí scéime seo leo, á gcur ar fáil ar an mbealach is éifeachtúla is féidir lena n-áirthiú go ndéanfar iad a sholáthar d'fheirmeoirí go pras.”
Tá réamhíocaíochtaí TBII & TIAFI ag tosú inniu ar ráta 70%. Sna blianta roimhe seo, chuirtí íocaíochtaí Glasa ar fáil le Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) agus in 2023 cuirfear tús le híocaíochtaí faoi na hÉicea-Scéimeanna nua ón tseachtain seo chugainn ar aghaidh.
Beidh íocaíochtaí le feiceáil i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí sna laethanta amach romhainn agus leanfaidh an Roinn ar aghaidh ag próiseáil na gcásanna go léir atá fágtha le haghaidh íocaíochta mar ábhar práinne de réir mar a chomhlíonann siad critéir na scéime.” Iarrtar ar fheirmeoirí a bhfuil iarratais ar cháipéisí atá le cuir ar ais ón roinn fós le réiteach acu gníomhú láithreach ionas go bhféadfaí íocaíochtaí a chur ar fáil.
Táthar ag leanúint ar aghaidh le híocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Shrianta Nádúrtha (ANC) 2023, a thosaigh an tseachtain seo caite, freisin, de réir mar a cheadaítear tuilleadh cásanna d'íocaíocht.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“I bhfianaise an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí scéime d'fheirmeoirí, scríobh an Roinn chuig gach uile feirmeoir i Márta agus arís i Meán Fómhair i mbliana le cur in iúl dóibh go raibh athruithe áirithe déanta maidir le dátaí íocaíochta in 2023. Tá sé geallta agam go bhfillfidh dátaí íocaíochta do 2024 don sceideal íocaíochta a bhí i bhfeidhm i mblianta roimhe sin nuair a bheith réiteach faighte ar na castachtaí a bhaineann le CBT nua as an bpíosa a chur ar fáil.”
Leis an mbóthar a réiteach d'fheirmeoirí gur mian leo dul i dteagmháil leis an roinn maidir lena gcuid íocaíochtaí TBII nó TIAFI, tá uaireanta breisithe i bhfeidhm do Dheasc Chabhrach na n-Íocaíochtaí Díreacha. Ó Dé Máirt an 24 Deireadh Fómhair go dtí Dé hAoine an 27 Deireadh Fómhair, beidh an Deasc Chabhrach ar fáil go 8.30pm. Féadfaidh feirmeoirí glaoch ar an Deasc Chabhrach ag 057-8674422. Féadfaidh feirmeoirí aon cheist a d'fhéadfadh a bheith acu a chur isteach trí www.agfood.ie
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí
Tá comhbheartas talmhaíochta (CBT) an Aontais Eorpaigh mar chomhpháirtíocht idir an tsochaí agus an talmhaíocht lena gcinntítear go bhfuil bia á chur ar fáil go seasmhach, lena gcosnaítear ioncam feirmeoirí agus an timpeallacht, agus coinnítear beocht i gceantair thuaithe. Cuireann tíortha de chuid an Aontais CBT i bhfeidhm ag leibhéal náisiúnta le Plean Straitéiseach CBT arna ghlacadh don tréimhse 2023-2027.
• Cuirtear an Thacaíocht um Ioncam Bunúsach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII) in ionad Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS). Tá TBII ceaptha chun tacaíocht dhíreach ioncaim a chur ar fáil d'fheirmeoirí na hÉireann le taca a chur faoina gcuid inbhuanaitheachta agus inmharthanachta.
• Scéim nua is í an Tacaíocht um Ioncam Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TIAFI) atá ceaptha chun maoiniú faoi CBT a athdháileadh ó fheirmeacha níos mó ar mheánfheirmeacha agus ar fheirmeacha níos lú.
• Tá an Éicea-Scéim tugtha isteach den chéaduair mar chuid de Phlean Straitéiseach CBT 2023-2027. Is éard is aidhm leis an Éicea-Scéim ná cúiteamh a thabhairt d'fheirmeoirí, ó gach aon réimse feirmeoireachta agus ar gach aon leibhéal déine, as gníomhartha a ghlacadh a bheadh tairbheach don aeráid, timpeallacht, chaighdeán uisce, agus bhithéagsúlacht.
• Déanann an tAontas Eorpach maoiniú ar Thacaíocht um Ioncam Bunúsach i dtaobh na hInbhuanaitheachta (TBII), ar Thacaíocht um Ioncam Athdháilte Fhorlíontach i dtaobh na hInbhuanaitheachta, agus ar an Éicea-Scéim.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.gov.ie/cap