Óstálann an tAire Foley an chéad imeacht sárthaispeántais agus dea-chleachtais Cineáltas chun aitheantas a thabhairt do thionscnaimh frithbhulaíochta i scoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an chéad imeacht sárthaispeántais agus dea-chleachtais Cineáltas á óstáil ag an Aire Oideachais Norma Foley i bPáirc an Chrócaigh inniu chun aitheantas a thabhairt do-dhea-chleachtas maidir le tionscnaimh phobail scoile chun bulaíocht a chomhrac.
Tá aird á tarraingt ag daltaí agus scoláirí ó scoileanna ionadaíocha ar fud na tíre ar an obair atá déanta acu chun cuidiú lena chinntiú nach ndéantar bulaíocht ar aon pháiste ná ar aon duine óg agus nach bhfulaingíonn siad iarmhairtí na bulaíochta, a d’fhéadfadh a bheith ina n-athrú mór ar an saol agus ina n-iarmhairtí buana.
Tá láithreoireachtaí maidir le samplaí de Dhea-chleachtas Cineáltas á ndéanamh freisin do dhaoine aonair nó do ghrúpaí laistigh de phobail scoile a léirigh dea-chleachtas ina gcuid iarrachtaí chun bulaíocht a chosc agus chun dul i ngleic léi agus chun comhionannas, ionchuimsitheacht, éagsúlacht agus folláine a chur chun cinn ina bpobal scoile.
I measc na ndaoine a bhfuil aitheantas á thabhairt dóibh as ucht a gcuid iarrachtaí chun bulaíocht a chosc agus chun dul i ngleic léi tá:
Dúirt an tAire Foley:
“Tá sé fíorthábhachtach dom go mbíonn gach páiste agus gach duine óg in ann brath sábháilte, sona agus tacaithe ar feadh na tréimhse a chaitheann siad ar scoil. Maidir leo siúd a ndéantar bulaíocht orthu, áfach, tá a fhios againn gur féidir le bulaíocht a bhféinmheas agus a bhféinmhuinín a bhaint uathu agus dochar a dhéanamh dóibh a bhíonn marthanach.
“Is ceiliúradh é an t-imeacht inniu ar na bealaí nuálacha atá á n-úsáid ag ár bpobail scoile chun cuidiú le deireadh a chur le bulaíocht ina dtimpeallacht. Ceapaim go bhfuil an nuáil atá ar taispeáint ina léiriú fíor ar an obair shármhaith atá á déanamh i scoileanna fud fad na tíre.
“Is cúis mhór áthais dom inniu go bhfuil an deis agam bualadh le páistí, le daoine óga agus le pobail scoile atá ag croílár Cineáltas. Cé go bhfuil gach pobal scoile ar fud na tíre éagsúil, tá gach ceann acu ag obair ar a bhealach uathúil agus fiúntach féin chun a chinntiú go mbíonn siad ionchuimsitheach, cairdiúil agus fáilteach do chách.”
De réir na hachoimre a thug Cigireacht na Roinne Oideachais ina tuarascáil faoi Dhearcthaí ar Iompar Bulaíochta a foilsíodh i Meitheamh, cé go measann tuismitheoirí, múinteoirí agus scoláirí scoileanna mar thimpeallachtaí dearfacha tríd is tríd, tá tionchar dhochar na bulaíochta fós á fhulaingt ag scoláirí áirithe. Cuireadh sárthaispeántas agus imeacht dea-chleachtais Cineáltas ar bun chun aitheantas a thabhairt do scoileanna uile a bhfuil a seacht ndícheall á ndéanamh acu chun bulaíocht a chosc agus chun dul i ngleic léi ina bpobail scoile. Is ionann Cineáltas agus cur chuige oideachais uile na Roinne Oideachais chun iompar bulaíochta a chosc agus chun dul i ngleic leis i scoileanna.
Sa bhreis ar an deis chun a gcuid tionscnamh a chur i láthair, gheobhaidh an lucht freastail ag imeacht Sárthaispeántais Cineáltas a bheidh ar siúl ag Páirc an Chrócaigh inniu scéal ón Aire Foley, ó Ard-Rúnaí na Roinne Oideachais Bernie McNally agus ó roinnt scoláirí a ghlacfaidh páirt i ndíospóireacht phainéil leis an Aire Foley.
Seo a leanas na catagóirí le haghaidh na láithreoireachtaí maidir le Samplaí de Dhea-chleachtas Cineáltas a chomhroinnt:
Cineáltas: Is ionann An Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht agus cur chuige oideachais uile na Roinne Oideachais chun iompar bulaíochta a chosc agus chun dul i ngleic leis i scoileanna. Tá an plean tiomanta do chosc a chur ar bhulaíocht, ar chibearbhulaíocht, ar bhulaíocht chiníoch, ar bhulaíocht féiniúlachta inscne agus ar gnéaschiapadh, i measc réimsí eile, agus ar thabhairt faoi na réimsí uile sin i scoileanna.
Tá Cineáltas dírithe ar chur chuige bunaithe ar chearta an pháiste agus cuireann sé fís chomhchoiteann agus treochlár follasach ar fáil maidir le dóigh inar féidir leis an bpobal oideachais iomlán agus an tsochaí obair a dhéanamh le chéile chun iompar bulaíochta a chosc agus chun dul i ngleic leis inár scoileanna.
Cineáltas: Leis an bPlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht cuirtear iallach ar Chigireacht na Roinne chun tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú bunaithe ar aiseolas ó pháistí, ó dhaoine óga, ó fhoireann scoile agus ó thuismitheoirí. Tugtar achoimre i dtuarascáil 2023 Dearcthaí ar Iompar Bulaíochta ar léargais ó scoláirí, ó thuismitheoirí, ó mhúinteoirí agus ó phríomhoidí maidir le héifeachtacht straitéisí frithbhulaíochta i scoileanna na hÉireann agus tá sí ar fáil ag an nasc seo .
Tá gealltanas sa phlean feidhmithe do Cineáltas, a foilsíodh in Aibreán 2023, chun gach ceann de na 61 bheart atá i gCineáltas a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse chúig bliana. Rinneadh dul chun cinn suntasach maidir leis na gníomhartha a chur i bhfeidhm, is féidir teacht ar Phlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht de chuid Cineáltas agus ar an bplean feidhmithe a ghabhann leis ag an nasc seo .
Foilsíodh na Nósanna Imeacht nua ‘Bí Cineálta’ chun Iompar Bulaíochta a Chosc agus chun Dul i nGleic Leis do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna i Meitheamh. Tá na nósanna imeachta ar fáil ag an nasc seo .
Cuirfear seimineáir faisnéise ar fáil do cheannairí scoileanna ar feadh Dheireadh Fómhair d’fhonn treoir a chur ar fáil, agus beidh imeachtaí foghlama gairmiúla lae iomláin á soláthar ag Oide d’fhoireann teagaisc maidir leis na nósanna imeachta nuashonraithe ó Mhí na Samhna ar aghaidh.
Áirítear na nithe a leanas le príomhbhearta eile a cuireadh i bhfeidhm: