Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin an 10 Márta 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 47 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 14 díobh sin i mí an Mhárta, 18 i mí Feabhra agus 15 díobh i mí Eanáir.
83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 60 - 95 an raon aoise.
4,499 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Máirt an 9 Márta, cuireadh 631 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 224,588 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
Amhail 8am inniu, tá 370 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 92 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 31 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 07 Márta, bhí 525,768 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 09 Márta 2021)* | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 09 Márta 2021)* | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (24 Feabh 2021 go 09 Márta 2021)* | Cásanna Nua le 14 lá anuas (24 Feabh 2021 go 09 Márta 2021)* | |
Éire | 631 | 488 | 162.5 | 7,739 | |
An Longfort | 14 | 8 | 396.3 | 162 | |
Uíbh Fháilí | 31 | 19 | 363.0 | 283 | |
Baile Átha Cliath | 247 | 205 | 240.6 | 3,242 | |
An Iarmhí | 6 | 8 | 234.3 | 208 | |
An Mhí | 44 | 30 | 217.4 | 424 | |
Lú | 19 | 15 | 215.7 | 278 | |
Luimneach | 32 | 26 | 196.0 | 382 | |
Cill Dara | 50 | 29 | 174.4 | 388 | |
Dún na nGall | 23 | 12 | 149.5 | 238 | |
Ceatharlach | 8 | 6 | 149.3 | 85 | |
Maigh Eo | 9 | 13 | 142.5 | 186 | |
Laois | <5 | 4 | 135.8 | 115 | |
Gaillimh | 19 | 17 | 134.9 | 348 | |
Tiobraid Árann | 12 | 14 | 129.1 | 206 | |
Muineachán | 9 | 4 | 120.5 | 74 | |
An Clár | 5 | 4 | 97.6 | 116 | |
Port Láirge | 19 | 10 | 96.4 | 112 | |
Ros Comáin | <5 | 2 | 94.5 | 61 | |
Cill Mhantáin | 7 | 11 | 88.5 | 126 | |
An Cabhán | 5 | 3 | 84.0 | 64 | |
Sligeach | <5 | 4 | 77.8 | 51 | |
Loch Garman | 8 | 10 | 73.5 | 110 | |
Ciarraí | 8 | 7 | 65.0 | 96 | |
Liatroim | 0 | 0 | 59.3 | 19 | |
Corcaigh | 41 | 21 | 57.3 | 311 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.