Buaileann an tAire Sláinte le Comhpháirtithe AE i Lucsamburg chun neartú a dhéanamh ar an Éiceachóras Cógaisíochta a phlé
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Sláinte, Stephen Donnelly ionadaíocht d’Éirinn inniu ag cruinniú d’Airí Sláinte an AE i Lucsamburg. Tionóltar an cruinniú foirmiúil seo den Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) faoi Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Eanáir go Meitheamh 2023). Tá na hairí ag malartú tuairimí maidir leis an éiceachóras cógaisíochta a neartú chun tacú le hiomaíocht agus rochtain chothrom ar leigheasanna.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá rochtain ag othair agus córais sláinte san AE ar chóireálacha nua nuálacha, chomh maith le táirgí iarphaitinne níos sine, cineálacha agus bithshamhlacha. Ní mór dúinn córas inbhuanaithe a dhearadh a éascaíonn rochtain ar fud an AE, ag cur san áireamh méideanna éagsúla margaidh agus cumas íocaíochta na mBallstát.”
Lean an tAire Donnelly ar aghaidh:
“Tacaíonn Éire le dreasachtaí spriocdhírithe a úsáid a bhfuil ról tábhachtach acu i samhail cur chuige cógaisíochta atá tiomáinte ag riachtanais. Caithfidh dreasachtaí den sórt sin aghaidh a thabhairt ar riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu, lena n-áirítear maidir le AMR. Ní mór measúnú cúramach a dhéanamh ar impleachtaí aon dreasachta ar chórais sláinte, agus éifeachtúlacht aon chógais a mheas trí thrialacha comparáideacha.”
Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:
“Tá tionscal cógaisíochta láidir ag teastáil uainn, ar mhaithe le geilleagar an AE agus a chuid othar. Tá sé ríthábhachtach intuarthacht agus comhsheasmhacht a áirithiú do nuálaithe agus do mhonaróirí cineálacha dá n-oibriú leanúnach, agus ní mór do chóras an AE gach iarracht a dhéanamh é sin a sholáthar.
“Ní mór dúinn tacú le hiomaíocht éiceachóras cógaisíochta an AE, agus an chothromaíocht ríthábhachtach a bhaint amach agus a chothabháil idir rochtain agus nuálaíocht.”
Ghlac na hAirí Moladh ón gComhairle freisin maidir le dlús a chur le gníomhaíochtaí an AE chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (AMR) a chomhrac i gcur chuige Aon Sláinte Amháin, agus chomhaontaigh siad cur chuige ginearálta maidir leis an Rialachán maidir le táillí agus muirir iníoctha leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA). Thug siad dá n-aire tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir leis an Rialachán maidir le Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus an Rialachán maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do shubstaintí de bhunús daonna atá beartaithe lena n-úsáid ag an duine.
I measc na n-ítimí eile a clúdaíodh bhí nuashonruithe ón gCoimisiún agus ón Uachtaránacht agus ar Chaibidlíocht maidir le Comhaontú Paindéimeach idirnáisiúnta agus leasuithe ar na Rialacháin Idirnáisiúnta Sláinte (2005), agus faisnéis ón gCoimisiún maidir le meabhairshláinte. Tá an tAire Donnelly ag reáchtáil roinnt cruinnithe déthaobhacha freisin.