Fógraíonn an tAire Míchumais go gcuirtear tús iomlán arís le seirbhísí míchumas lae ón 22 Deireadh Fómhair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D., inniu go gcuirfear seirbhísí lae do dhaoine fásta faoi mhíchumas a chur ar siúl arís faoi lánacmhainneacht faoin 22 Deireadh Fómhair, ar aon dul lenár bhfreagairt do COVID 19, an treochlár ‘An Dúshlán a Athfhrámú’ (‘Reframing the Challenge’) chun srianta a bhaint.
Iarradh ar sholáthraithe seirbhíse lae a dtreochláir féin seirbhíse lae a fhorbairt chun an leibhéal de sholáthar seirbhíse lae a méadú aníos go dtí aischur 100% do gach úsáideoir seirbhíse lae faoin 22 Deireadh Fómhair. Cuireann seo leis an meánchandam seirbhíse a chuirtear ar fáil ó Mheán Fómhair na bliana seo caite, arbh ionann é agus 40% (comhionann le 2 lá sa tseachtain) aníos go dtí 60% ó Eanáir 2021.
Dúirt an tAire Rabbitte,
“Táim an-sásta a fhógairt go gcuirfear seirbhísí lae míchumais atá cistithe ag FSS ar siúl go hiomlán arís faoin 22 Deireadh Fómhair. Is féidir linn tabhairt faoi na bearta seo mar gheall go bhfuil ár straitéis fhoriomlán ag oibriú agus go bhfuil sé sábháilte anois go méadóidh seirbhísí lae a n-acmhainneacht. Is eol dom a bhuíche a bhíonn gach duine as seo mar gheall gur féidir leo anois a bheith ag tnúth le taitneamh a bhaint as gnáthamanna a chaitheamh le cairde agus am a chaitheamh leis na rudaí a mbaineann siad taitneamh as arís. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le teaghlaigh agus cúramóirí as an tacaíocht a thug siad dá ndaoine muinteartha i rith na tréimhse an-dúshlánaí seo.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann soláthraithe seirbhíse lae as a dtiomantas agus a ndúthracht i dtaobh tacaíocht a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas. Is iomaí laoch gan aitheantas i seirbhísí míchumais, agus ba mhaith liom a chur in iúl dóibh gur thug mé faoi deara na holliarrachtaí a rinneadh lena chinntiú gur tháinig a laghad athrú ar an ngnáthshaol agus ab fhéidir i measc roinnt de na daoine is leochailí inár sochaí.”
Leanfaidh bearta coisc agus rialaithe ionfhabhtuithe a tugadh isteach chun tacú le seirbhísí lae míchumais do dhaoine fásta a sholáthar go sábháilte ó thosaigh COVID 19 de bheith i bhfeidhm i ndiaidh an 22 Deireadh Fómhair. Áirítear leis na socruithe seo measúnuithe riosca, sláinteachas feabhsaithe comhshaoil, agus socruithe inar cuireadh faighneoga ar fáil i láithreacha seirbhíse lae. Beidh maisc le caitheamh go fóill i seirbhísí lae, seachas ina measc siúd atá díolmhaithe ó chlúdach aghaidhe a chaitheamh.
CRÍOCH