Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 22 Aibreán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 49 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu.
Deimhníodh i saotharlanna go bhfuil 769* duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 1pm Dé Máirt, an 21 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 631 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 16,671 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón HPSC amhail meán oíche, Dé Luain, an 20 Aibreán (15,871 cás), an méid seo a leanas le fios:
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 21 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 302 braisle i suíomhanna cúraim chónaithe, a bhfuil 179 de na braislí siúd i dtithe altranais. As na 769 bás i gcásanna a deimhníodh i saotharlann, baineann 412 díobh le cónaitheoirí suíomhanna cúraim chónaithe, agus baineann 348 díobh le suíomhanna teach altranais.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Príomhghné d’fhreagairt na hÉireann do COVID-19 é tástáil.
“Leag an FÉSPN an bhéim arís agus arís eile ar thábhacht na tástála chun gur féidir linn scaipeadh an ghalair a rianú, a laghdú agus a chur faoi chois.
“Mar chuid de thuiscint a fháil ar an tírdhreach tástála, d’iarr NPEHT go dtugann HIQA faoi Mheasúnú Teicneolaíochta Sláinte ar mhodhanna eile chun tástáil dhiagnóiseach a dhéanamh chun COVID-19 a bhrath.”
Dúirt an Dr Máirín Ryan, Leas-Phríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Measúnaithe Teicneolaíochta Sláinte, HIQA; “Tá réimse tástálacha diagnóiseacha sainaitheanta againn, atá á bhforbairt faoi láthair agus a ndearnadh tráchtálú orthu cheana féin, a mbeidh athbhreithniú le déanamh orthu mar chuid den chlár dearbhaithe cáilíochta sula nglacfar leo mar chuid de chlár tráchtála náisiúnta.
“Dheimhnigh an measúnú gurb é an tástáil a dhéantar in Éirinn faoi láthair, imoibriú slabhrúil polaiméaráise cúl-trascrioptáise cainníochtúil fíor-ama (nó RT-PCR i mBéarla) an tástáil is fearr chun cásanna COVID-19 a bhrath agus a dheimhniú.
“Leanann HIQA le monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar mhodhanna tástála diagnóisí eile do COVID-19 agus déanfaidh sé tuairisciú leis an FÉSPN ar bhonn leanúnach.”
Cuireann Deais Eolais COVID-19 na Roinne Sláinte an t-eolas is déanaí ar fáil ar chásanna.
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 10 mbás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 769 bás.