Déanann an tAire McConalogue comhghairdeas le hUachtarán nua ICMSA
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia & Mara, Charlie McConalogue TD, tar éis comhghairdeas a dhéanamh le Denis Drennan i ndiaidh gur toghadh é mar Uachtarán ar Chumann Soláthraithe Bainne Uachtarlainne na hÉireann (ICMSA).
Ag labhairt dó ar an toradh, dúirt an tAire McConalogue:
“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Denis agus a fhoireann ar fheachtas rathúil agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis ar bhealach tairbheach le linn a thréimhse. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don obair shuntasach agus don tiomantas a rinne an tUachtarán atá ag dul as oifig, Pat McCormack, a d’oibrigh go dian dícheallach chun ionadaíocht a dhéanamh ar leas na bhfeirmeoirí déiríochta le linn a théarma mar Uachtarán.”
CRÍOCH