Faomhadh an Rialtais á fháil ag an Aire O’Gorman chun cohórt breithe nua Ag Fás Aníos in Éirinn a bhunú
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá faomhadh an Rialtais faighte ag an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Roderic O’Gorman, chun cohórt breithe nua Ag Fás Aníos in Éirinn a bhunú.
Feicfidh an cohórt nua Ag Fás Aníos in Éirinn rian ar shaol ghlúin nua leanaí Éireannacha – leanaí atá fós le saolú agus a bheidh naoi mí d’aois i 2024. Cinnteoidh sé seo go mbeidh rochtain ag Éirinn ar shonraí náisiúnta láidre maidir lena bhfuil ann cosúil le fás aníos in Éirinn comhaimseartha iar-phaindéimeach.
Ag labhairt dó i ndiaidh chruinniú an Rialtais, dúirt an tAire O’Gorman:
“Ní hamháin go dtabharfaidh an staidéar spreagúil nua seo deis dúinn saol agus forbairt glúin iomlán nua a mheas, ach beimid in ann a dtaithí a chur i gcomparáid leis na cohóirt Ag Fás Aníos in Éirinn níos luaithe – na daoine óga sin atá 14 bliana d’aois anois agus 24. Is é an buntáiste sonrach a bhaineann le cohórt breithe nua ná go mbeidh fianaise ann gur féidir le lucht déanta polasaithe úsáid a bhaint as chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ghealltanais an Rialtais maidir le tacú le leanaí agus le leanaí óga, amhail deiseanna cothromaíochta oibre-saoil a fheabhsú, rochtain ar chúram agus ar oideachas luath-óige ardchaighdeáin. Is é aidhm an staidéir ná níos mó sonraí a bhailiú maidir le heispéireas éagsúil na dteaghlach agus na leanaí in Éirinn ná mar a bhí le fáil roimhe seo – go háirithe i measc na bhfoghrúpaí níos lú sa daonra, mar ghrúpaí eitneacha éagsúla, leanaí i dteaghlaigh imirceacha nó daoine faoi mhíchumas.
“Beidh muid in ann níos mó a fhoghlaim faoi éifeacht saincheisteanna móra domhanda ar nós athrú aeráide, chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag sainbheartais ar nós saoire atharthachta sínte. Rachaidh an staidéar nua chun sochair go mór do cheapadh beartais ar fud an Rialtais chomh maith le héascú a dhéanamh ar thaighde eolaíoch atá ar aon dul leis an gcleachtas is fearr i dtaighde fadaimseartha go hidirnáisiúnta.”
Leanann staidéar chohórt breithe fadaimseartha dul chun cinn rannpháirtithe ó bhreith nó go gairid ina dhiaidh sin, agus meastar gurb iad an cineál staidéir is fearr chun forbairt a rianú le himeacht ama agus chun cabhrú linn tionchar eispéiris luath-saoil ar thorthaí níos déanaí sa saol a thuiscint.
Thug an tAire O’Gorman an t-eolas is deireanaí don chomh-aireacht freisin ar an dul chun cinn atá déanta ar an tsamhail uaillmhianach nua seachadta Ag Fás Aníos in Éirinn, a thosóidh i mí Eanáir 2023. Leis an tsamhail nua seo beidh an Phríomh-Oifig Staidrimh i mbun freagrachta as bailithe sonraí Ag Fás Aníos in Éirinn a aistriú agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige i gceannas ar ghnéithe taighde Ag Fás Aníos in Éirinn. Is samhail chomhoibríoch é seo le haghaidh Ag Fás Aníos in Éirinn a thógann ar shaineolas agus ar shainchúram na n-eagraíochtaí agus a bhaineann an úsáid is fearr as.
Dúirt an tAire O’Gorman:
“Ó 2006 i leith, faoi mhaoirseacht Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI), chuir an staidéar Ag Fás Aníos in Éirinn go mór le heolas a chur ar fáil do bheartas agus do chinnteoireacht ar chúrsaí a mbíonn tionchar acu ar leanaí agus ar dhaoine óga. Le déanaí, thug sé fianaise dúinn ar thionchar na paindéime ar leanaí agus ar dhaoine óga. Is garsprioc an-spreagúil don staidéar é an cinneadh chun cohórt breithe nua a thosú i 2024 agus treisíonn sé an staidéar mar bhall ceannródaíoch de theaghlach idirnáisiúnta an staidéar fadaimseartha. Táim ag tnúth le todhchaí an-gheal don staidéar”.
Is é Ag Fás Aníos in Éirinn (GUI), an staidéar náisiúnta fadaimseartha ar leanaí a bunaíodh i 2006, an príomhthionscadal taighde de chuid na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) agus is ionann é agus infheistíocht an-suntasach ón Stát i dtaighde d’ardchaighdeáin agus sonraí ar shaol leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh.
Ó bunaíodh é, tá breis is 90 tuarascáil agus an iliomad torthaí ginte ag staidéar an GUI a sholáthair fianaise thábhachtach do bheartas agus ar baineadh úsáid fhorleathan astu i Ranna Rialtais agus san earnáil phoiblí i gcoitinne. Baineadh úsáid as na sonraí i raon leathan réimsí amhail cúram agus oideachas na luath-óige, aistrithe go dtí an bhunscoil, úsáid seirbhísí GP, rannpháirtíocht ealaíon agus cultúrtha, tionchar COVID-19, agus folláine shochmhothúchánach agus mheabhrach sláinte. Ina theannta sin, beidh caighdeáin náisiúnta ar fáil as an staidéar GUI gur féidir a úsáid chun sonraí níos logánta ar leanaí agus daoine óga a mheas; chun cabhrú le taithí grúpaí ar leith a thuiscint; agus chun comparáidí le torthaí i dtíortha eile a éascú.
Thabharfadh bunú staidéir nua GUI Cohórt Breithe éifeacht do na gealltanais in Na Chéad 5, Straitéis Uile-Rialtais do Bhabaithe, Leanaí Óga agus a dTeaghlaigh 2019-2028 chun luach cohórt breithe nua a mheas agus chun sonraí a fheabhsú saolta babaithe agus leanaí óga. Is straitéis iomlán de chuid an Rialtais í Straitéis Na Chéad 5 chun feabhas a chur ar shaol na mbabaithe, leanaí óga agus a dteaghlach. Is plean 10 mbliana é (2019-2028) chun cabhrú lena chinntiú go mbíonn eispéireas dearfacha luatha ag gach leanbh agus go bhfuil tús iontach acu sa saol.