Comhairliúchán Poiblí oscailte ag an Aire Smyth ar an Dréachtstraitéis um Nascacht Dhigiteach in Éirinn
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Giarálfaidh an Straitéis um Nascacht Dhigiteach na teicneolaíochtaí is déanaí, i líonraí fosaithe agus móibíleacha araon, chun tacú le rathúnas eacnamaíoch agus cuimsiú sóisialta na hÉireann
Sheol an tAire Stáit um Chomhshaol, Aeráid agus Cumarsáid, Ossian Smyth TD, comhairliúchán poiblí ar an Dréacht-Straitéis um Nascacht Dhigiteach in Éirinn.
Leagtar amach sa dréacht-straitéis uaillmhian an Stáit maidir le nascacht dhigiteach atá le baint amach faoi 2030. Leagtar amach ann freisin na 'cumasóirí' lárnacha a chinnteoidh go mbainfear amach na spriocanna sin. I measc na 'gcumasóirí' seo tá:
Tá an comhairliúchán poiblí seo ag iarraidh tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ó bhaill den phobal agus ón tionscal, ar an straitéis fhoriomlán. Tá tuairimí i leith na 'gcumasóirí' beartaithe eile á lorg aige freisin. Iarrtar ar pháirtithe leasmhara a dtuairimí a chur isteach, trí ríomhphost chuig digitalconnectivity@decc.gov.ie, faoin 31 Márta 2022.
Ag trácht dó ar an gcomhairliúchán, dúirt an tAire Smyth:
"Táimid tiomanta do na bearta atá leagtha amach sa straitéis seo a chur i bhfeidhm. Go háirithe, is mian linn straitéis a leagan amach chun ár spriocanna maidir le nascacht dhigiteach a bhaint amach – tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a sheachadadh; trínár nascacht idirnáisiúnta a chosaint; agus trínár Straitéis Chibearshlándála a chur i bhfeidhm.
"Teastaíonn nascacht dhigiteach ó Éirinn a bhfuil feidhmíocht, slándáil agus inbhuanaitheacht den scoth mar shaintréith di. Ní mór dúinn na teicneolaíochtaí is déanaí a ghiaráil, i líonraí fosaithe agus móibíleacha araon, chun tacú le rathúnas eacnamaíoch agus cuimsiú sóisialta na hÉireann.
"Tá áthas orm an comhairliúchán poiblí seo a sheoladh ar ár ndréacht-Straitéis um Nascacht Dhigiteach. Is céim shuntasach í seo le díriú ar na príomhspriocanna. Táim ag tnúth le tuairimí daoine a chloisteáil maidir leis an dréacht-straitéis seo."
Tá an Comhairliúchán ar an Straitéis um Nascacht Dhigiteach ar fáil ar gov.ie.
CRÍOCH
Tacaíonn an Straitéis um Nascacht Dhigiteach in Éirinn go díreach leis an ngné den bhonneagar digiteach a bhfuil cur síos uirthi in 'Leas a Bhaint as Digiteach – Creat Éire Dhigiteach' a seoladh le déanaí.
Leagtar uaillmhian na hÉireann amach sa chreat seo a bheith ina ceannaire digiteach i gcroílár forbairtí digiteacha Eorpacha agus domhanda. Leagtar amach ann bealach chun an t-aistriú digiteach a spreagadh agus a chumasú ar fud an gheilleagair agus ár sochaí. Tá sé mar aidhm leis folláine ár saoránach, éifeachtúlacht na seirbhísí poiblí, chomh maith le táirgiúlacht, iomaíochas, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht ár ngeilleagair a uasmhéadú.
Deacáid Dhigiteach na hEorpa: is iad na spriocanna digiteacha fís an Aontais Eorpaigh don Choimisiún Eorpach 2030 ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach faoi 2030. Mhol Coimisiún an Aontais Compás Digiteach do Dheacáid Dhigiteach an Aontais a dhíríonn ar cheithre phointe chairdinéalacha. Tá an chéad dá cheann dírithe ar na nithe seo a leanas: bonneagair dhigiteacha; agus oideachas agus scileanna. Tá an dá cheann eile dírithe ar chlaochlú digiteach an ghnó agus na seirbhísí poiblí. Leis an Straitéis um Nascacht Dhigiteach in Éirinn, tugtar aghaidh ar cholún an bhonneagair dhigitigh de Dheacáid Dhigiteach an Aontais.