Síneadh ar Chomhchomhairleoireacht Phoiblí ar an Maolú Níotráití in Éirinn
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le síneadh gearr a chur ar an gComhchomhairleoireacht Phoiblí ar an Maolú Níotráití in Éirinn go dtí an 24 Bealtaine 2019 chun na páirtithe leasmhara go léir a éascú maidir lena rannpháirtíocht i leith na saincheiste tábhachtaí sin.
Is saoráid thábhachtach an maolú d'fheirmeoirí a bhíonn i mbun dianfheirmeoireachta, go háirithe san earnáil déiríochta agus tá sé tábhachtach go ndéanfaí na cáilíochtaí ó thaobh an chomhshaoil a choinneáil. Bhain beagnach 7,000 feirmeoir dianstoic leas as an maolú sa bhliain 2018 ar limistéar talmhaíochta 466,000 heicteár. Ba ionann sin is méadú ar an limistéar agus an líon feirmeoirí a tháinig faoin maolú ó 2014.
Tá Sainghrúpa Athbhreithnithe (DHPLG agus DAFM) tugtha le chéile chun na haighneachtaí ar fad a gheofar le linn na comhchomhairleoireachta poiblí a athbhreithniú agus na torthaí a chur faoi bhráid an dá Aire.
Is féidir cóip den doiciméad comhchomhairleoireachta a fháil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.agriculture.gov.ie/ruralenvironmentsustainability/environmentalobligations/nitrates/2019nitratesderogationreview nó www.gov.ie/en/consultation/5f1779-public-consultation-on-irelands-nitrates-derogation.
Is féidir aighneachtaí a sheoladh ar ríomhphost chuig DerogationReview@agriculture.gov.ie nó sa phost chuig Athbhreithniú ar Mhaolú, Níotráití, Bithéagsúlacht agus Innealtóireacht, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Eastáit Chaisleán Bhaile Sheonach, Co Loch Garman Y35 PN52. Tá líne chabhrach ar fáil freisin maidir leis an athbhreithniú ag an uimhir 053 9163444.