Osclaíonn an tAire O’Donovan Ceannáras athchóirithe OPW in Áth Cinn go hoifigiúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu rinne an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD, ceannáras athchóirithe OPW in Áth Cinn, Co. na Gaillimhe a oscailt go hoifigiúil.
Ar oscailt an Cheannárais inniu dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun an oifig nuachóirithe don fhoireann OPW a oscailt go hoifigiúil. Léiríonn an foirgneamh seo an gealltanas againne um spriocanna gníomhaíochta aeráide a chomhlíonadh. Láthair oifige ar ardchaighdeán atá anseo againn; tá sé ardinslithe agus comhlíonann sé na riachtanais um fhoirgneamh atá nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.”
“Sholáthraigh an Fhoireann Tionscadail cóiríocht oifige don 50 duine atá ag obair anseo ag Oifig Réigiúin Áth Cinn a léiríonn luach ar airgead agus atá éifeachtach ó thaobh fuinnimh. Taispeánann an infheistíocht €6 milliún sa cheantar tacaíocht leanúnach OPW leis an réigiún agus leis an fhoireann, chun a chinntiú gur féidir leo oibriú ar aghaidh i dtimpeallacht atá sábháilte agus oiriúnach um fheidhmiú.”
Dhírigh an tionscadal €6 milliún ar athchóiriú agus leathnú ar an bhfoirgneamh chun láthair oibre A-rátaithe nuaoiseach den scoth a chruthú. Is anseo a bheidh Ceannáras OPW don fhoireann Cothabhála Draenála i Réigiún an Iarthair.
Ba ghá cuid mhór den seanfhoirgneamh a leagadh agus a atógáil. Ina áit tá oifigí nua atá ar ardchaighdeán, oiriúnach um fheidhmiú agus éifeachtach ina bhfuil ardleibhéil soilsiú agus aerchóiriú nádúrtha.
I measc na dteicneolaíochtaí in-athnuaite san fhoirgneamh tá taischaidéil aerfhoinse agus grianphainéil chun téamh agus leictreachas a sholáthar.
Tá an foirgneamh suite i lár an bhaile in Áth Cinn.
Tá sé rannóg OPW um Bainistiú Priacal Tuile lonnaithe san fhoirgneamh nua. Tá na baill fhoirne seo gníomhach i bhfeidhmiú an Pholasaí Náisiúnta Tuile trí bhearta um Bainistiú Priacal Tuile a sholáthar.
Tá foireann oibre suntasach OPW lonnaithe in Áth Cinn le breis agus 50 bliain. Tá áthas orainn infheistíocht don todhchaí a dhéanamh anseo, a rachaidh chun leasa sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch sa phobal áitiúil.
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Lean sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Beidh grianghraif ón Oscailt Oifigiúil ar fáil ó pressoffice@opw.ie i ndiaidh na hócáide.