Ré nua do Chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán; An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Michael McGrath T.D., i gcomhar le Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht agus don Spórt, Jack Chambers T.D., agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., ré nua do chúrsaí Gaeilge sa Státseirbhís go hoifigiúil inniu le hos cionn 400 foghlaimeoirí cláraithe do théarma an fhómhair.
Déanfaidh Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) teistiú ar na cúrsaí a chuireann Gaelchultúr ar fáil do Státseirbhísigh thar ceann OneLearning, Aonad Foghlama agus Forbartha na Státseirbhíse. Cuireann TEG sraith scrúduithe agus cáilíochtaí ginearálta cumais sa Ghaeilge ar fáil agus is é an chéad chóras teastaithe dá chineál d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge.
Is mar thoradh ar chomhoibriú leanúnach idir an dá Roinn atá an beart seo chun a chinntiú go ndéantar Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chur i bhfeidhm ina iomláine.
I gcomhthéacs an sprioc earcaíochta atá le baint amach faoin Acht, is é sin go mbeidh 20% d’earcaigh chuig comhlachtaí poiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030, beidh buntáistí faoi leith ag baint le cáilíochtaí TEG, ní hamháin d’fhoghlaimeoirí ach d’fhostóirí chomh maith, agus daoine le scileanna teanga ar leith á lorg do réimse leathan róil éagsúla sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.
Tá an dá Roinn ag féachaint freisin ar bhealaí éagsúla chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge laistigh den chóras chomh maith le níos mó feasachta a chruthú ar an teanga i gcoitinne. Beart breise amháin atá le déanamh ná gnéithe feasachta teanga a chur le cuid de chúrsaí OneLearning, ag díriú i dtosach ar chúrsaí seirbhíse do chustaiméirí agus do bhainisteoirí sóisearacha – réimsí ina bhféadfaí tionchar mór a imirt ar iompar teanga san ionad oibre.
Ag labhairt ag ceanncheathrú a Roinne inniu, dúirt an tAire McGrath:
“Tá sé iontach a bheith in ann an nuacht a roinnt go hoifigiúil inniu go mbeidh TEG anois ag deimhniú na gcúrsaí Gaeilge a chuireann OneLearning ar fáil i gcomhpháirtíocht le Gaelchultúr. Cuirfidh na cúrsaí seo an Ghaeilge chun cinn i measc Státseirbhísigh reatha agus cuirfidh siad deiseanna breise ar fáil le haghaidh forbairt phearsanta agus ghairmiúil, arb é príomhsprioc OneLearning í.
Tá áthas orm a fhógairt go leanfaidh mo Roinn ag obair freisin lenár gcomhghleacaithe sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun bealaí eile a aithint inar féidir linn ár sraith cúrsaí reatha a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear topaicí amhail feasacht teanga agus oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Níl aon amhras orm ach go mbeidh dea-thionchar ag tionscnaimh den chineál seo ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú.”
Dúirt an tAire Stáit Chambers:
“Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil deimhniú na gcúrsaí Gaeilge a chuirtear ar fáil do Státseirbhísigh ag teacht leis an gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha, mar a thagraítear dó in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021. Cuirfidh an t-aistriú seo bonn caighdeánaithe ar fáil anois don chomhairle agus do na moltaí atá le teacht ón gCoiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge agus sna caighdeáin teanga maidir leis an inniúlacht teanga a bheidh de dhíth le haghaidh róil agus seirbhísí ar leith – rud a iarradh agus an Bille ag dul tríd na céimeanna reachtaíochta éagsúla. Tugann an deimhniú seo deis iontach anois d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon agus muid go léir ag obair i dtreo ár gcomhsprioc maidir leis na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach san Acht a bhaint amach.
Dar ndóigh, bhí an-áthas orm maoiniú tosaigh €1m a fhógairt a fuarthas do chur i bhfeidhm an Achta i gCáinaisnéis 2023. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas bealaí nuálacha eile a aithint inar féidir linn féachaint le hacmhainneacht na gcainteoirí Gaeilge sa chóras a mhéadú, ón taobh amuigh agus laistigh.
Guím gach rath ar fhoghlaimeoirí an téarma seo agus táimid ag súil go mór le sibh a fheiceáil ar an taobh eile!”
Dúirt an tAire Martin:
“Is tionscadal tras-rialtais é cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 agus tá lúcháir orm mar sin gur féidir linn an leibhéal comhoibrithe seo idir an dá Roinn a fhógairt inniu. Idir an líne bhuiséid nua a fógraíodh an tseachtain seo caite d’fheidhmiú an Achta mar aon leis an ngealltanas a tugadh i bPlean Gníomhaíochta Athnuachan na Státseirbhíse 2024 chun an Plean Náisiúnta do Sheirbhísí Gaeilge a chur i bhfeidhm go hiomlán nuair a fhoilseofar é, is léir go bhfuil an Rialtas tiomanta don Ghaeilge.
Tá lúcháir orm méadú leibhéal spéise a fheiceáil i measc Státseirbhísigh reatha chun tabhairt faoi na cúrsaí an téarma seo. Mar aon leis an méid is go bhfaca muid os cionn 1,000 ionadaí ó chomhlachtaí poiblí ag freastal ar ár seimineáir faisnéise faoin Acht i rith an tsamhraidh, sílim go léiríonn sé seo go bhfuil fíor-spéis agus toilteanas ann chun feabhas a chur ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ar fud na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí.”
Nótaí don eagarthóir:
• Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021: https://www.irishstatutebook.ie/eli/2021/act/49/enacted/ga/html
• Mír Ábharthach den Acht anseo .
• PR maidir le Bunú an Choiste anseo .
• PR maidir le Céad Chruinniú an Choiste anseo .
• PR maidir le hIarraidh ar Thairiscint i leith ullmhú an Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge anseo .
• Riarann Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad Teastas Eorpach na Gaeilge agus tá sé bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha.
• Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021: Luaitear go sonrach san Acht Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, faoina gcuirfidh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bunaíodh faoin Acht i Meitheamh na bliana seo, 2022, comhairle ar chomhlachtaí poiblí maidir leis an leibhéal inniúlachta a theastóidh le haghaidh róil agus seirbhísí éagsúla. Sonraítear san Acht freisin go bhféadfaidh na caighdeáin teanga, atá le forordú ag an Aire faoin Acht, na leibhéil éagsúla inniúlachta teanga a shonrú freisin a theastaíonn chun seirbhísí áirithe a sholáthar.