Tionscadail Éireannacha chun breis agus €112m de mhaoiniú a fháil ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Iompar
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Roghnaíodh dhá thionscadal Éireannacha agus trí thionscadal iltíre a bhfuil comhpháirtithe Éireannacha i gceist leo, chun maoiniú a fháil ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Iompar (CEF don Iompar).
Mar thoradh air seo, infheisteofar breis agus €112m de mhaoiniú AE i dtionscadail bonneagair iompair a thacaíonn le nascacht na hÉireann agus a fheabhsaíonn sábháilteacht, inbhuanaitheacht agus digitiú ár gcóras iompair. Is í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF) don Iompar an ionstraim chistiúcháin de chuid an Aontais a thacaíonn le forbairt ar an líonra tras-Eorpach iompair (TEN-T).
Roghnaíodh Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath, an calafort is mó in Éirinn agus a láimhseálann breis agus 50% den tonnáiste náisiúnta calafoirt, chun €73.8m san iomlán a fháil faoi chomhair príomhchodanna dá Thionscadal MP2, rud a mhéadóidh acmhainn beart feistithe an chalafoirt chun déileáil le héileamh réamh-mheasta amach anseo ar lastas Rolladh Ann–Rolladh As (RóRó). Freastalóidh sé seo ar riachtanais an fháis eacnamaíoch, ar riachtanais dhaonra na hÉireann atá ag ardú, agus ar éileamh oibreoirí ar sheirbhísí róró nua agus soithí níos mó ar sheirbhísí díreacha chun na hEorpa.
Tacóidh an maoiniú le tógáil dhá bheart feistithe idirspleácha, 572 méadar san iomlán, Beart Feistithe 52 agus Beart Feistithe 53, ag Críochfort 5 ag an taobh thoir den Chalafort Thuaidh. San áireamh leo beidh nasc-réisí raonta de shraitheanna dúbailte, chomh maith le bonneagar chun soláthar cumhachta ar talamh a shuiteáil do longa agus iad feistithe sa chalafort. Tá na bearta deartha chun freastal ar na soithí RóRó is mó san aicme suas le 240m ar fad.
Is é Tionscadal MP2 an dara croíthionscadal straitéiseach i Máistirphlean 2040 an Chomhlachta. Díríonn sé ar úsáid na dtailte calafoirt atá ann cheana féin sa chuid thoir thuaidh d’eastát an Chalafoirt. Nuair a bheidh sé críochnaithe, soláthróidh sé acmhainn bhreise le haghaidh beagnach aon trian de na méaduithe réamh-mheasta ar thrácht RóRó agus LóLó Chalafort Bhaile Átha Cliath go dtí 2040.
Roghnaíodh Cuideachta Cuain Chorcaí, an dara calafort is mó sa Stát, chun €38.4m san iomlán a fháil chun dhá bheart feistithe céibhe a thógáil ag calafort domhainmhara Chuan Chorcaí ag Rinn an Scidígh, Síneadh le Beart Feistithe Críochfoirt Coimeádán (CCT2) ag Rinn an Scidígh Thoir–Corcaigh, áit a mbeidh síneadh 200m ar an mbeart feistithe coimeádán atá ann cheana féin agus tógáil Síneadh le Beart Feistithe Domhainmhara (DWB) ag Rinn an Scidígh Thiar, áit a mbeidh síneadh 182m ar an DWB reatha. Suiteálfar bonneagar soláthair cumhachta ar talamh ag an dá bheart feistithe.
Leis an tionscadal seo feabhsófar rochtain mhuirí atá sábháilte agus iontaofa agus ag an am céanna cuirfear bonneagar riachtanach ar fáil chun freastal ar riachtanais an tionscail um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta (ORE) chun gaoth sheasta amach ón gcósta a thabhairt isteach faoi 2030.
Osclaíodh Críochfort Coimeádán Chorcaí (CCT) nua Chalafort Chorcaí (CCT) ag Rinn an Scidígh ar chostas €94m go hoifigiúil i Meán Fómhair 2022. Fuair an tionscadal seo tacaíocht freisin ó mhaoiniú CEF.
Roghnaíodh trí thionscadal cuibhreannais il-tíre a bhfuil comhpháirtithe Éireannacha i gceist leo le maoiniú a fháil freisin, lena n-áirítear tionscadail aerloingseoireachta agus bainistíochta tráchta 'Clean ATM 2' agus 'Green CNS'.
Tá an Roinn Iompair/Bonneagar Iompair Éireann (TII) i measc na rannpháirtithe ar an Ardán ITS do Bhóithre-C na hEorpa, tionscadal ardáin a thacaíonn le soláthar seirbhísí comhoibríocha comhchuibhithe córas cliste iompair (C-ITS) ar bhóithre ar fud na hEorpa.
Chuir an tAire Iompair Eamon Ryan fáilte roimh an scéala agus dúirt:
“Is maith an rud é go bhfuil maoiniú suntasach CEF á bhronnadh ar thionscadail ag Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath agus ag Cuideachta Cuain Chorcaí. Tá an dá chuideachta calafoirt ainmnithe mar Chalafoirt Shraith 1 a bhfuil Tábhacht Náisiúnta leo faoi Bheartas Náisiúnta na gCalafort agus mar 'Chroí-chalafoirt' ar chonairí Iompair Eorpacha na Mara Thuaidh – na Réine – na Meánmhara agus an Atlantaigh. Tá sé ríthábhachtach go bhforbróidh ár gcalafoirt bonneagar iompair nua-aimseartha, cliste, inbhuanaithe agus acmhainneach don gheilleagar, le haghaidh nascachta agus mar mhoil ríthábhachtacha dár gclaochlú fuinnimh in-athnuaite.
“Beidh tionscadal Chalafort Chorcaí in ann an Tionscal um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta a éascú le cead pleanála iomlán atá i bhfeidhm cheana féin agus cuimsítear i dtionscadal Chalafort Bhaile Átha Cliath agus i dtionscadal Chalafort Chorcaí pleananna freisin chun bonneagar a sholáthar chun soláthar cumhachta ar an gcladach a shuiteáil, rud a léiríonn cé chomh ríthábhachtach is atá siad dár dtodhchaí fuinnimh."
Mar fhreagra ar an scéala, dúirt an tAire Stáit James Lawless:
“Mar náisiún oileánda, tá acmhainn dhóthanach agus oibriú éifeachtach réidh ár gcalafort fíor-riachtanach chun go n-éireoidh le hiompórtálaithe agus easpórtálaithe na hÉireann.
“Ar aon dul le cuspóirí an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) agus Beartas Náisiúnta na gCalafort, feabhsóidh na forbairtí bonneagair ilmhilliún seo ag Cuideachtaí Calafoirt Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí araon acmhainn agus nascacht na hÉireann agus ligfidh siad do na calafoirt freagairt do riachtanais an mhargaidh, láimhseálfaidh siad méaduithe i méid agus minicíocht na long agus freastalóidh siad ar riachtanais trádála an gheilleagair."