Feachtas earcaíochta nua oscailte ag an Aire McEntee don Gharda Síochána céad bliain ó bunaíodh é
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An 10 Feabhra 2022
Tá moladh tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, TD, do dhaoine ar mian leo dul isteach sa Gharda Síochána iarratas a dhéanamh ar phost sa tseirbhís agus í ag oscailt feachtas earcaíochta nua inniu.
Dúirt an tAire go bhfuil an Rialtas ag cur leis an méid Gardaí a bhíonn amuigh ar na sráideanna anois, tráth a bhfuiltear ag comóradh céad bliain de sheirbhís an Gharda Síochána.
Rinneadh foráil i mBuiséad 2022 d’earcú suas le 800 Garda agus 400 ball foirne sa Gharda Síochána i mbliana, agus is ón gcomórtas seo a n-earcófar go leor den líon sin.
Tá sí ag moladh do lucht phobail nua na hÉireann, do mhná agus do dhaoine as grúpaí mionlaigh cuimhneamh ar ghairm bheatha sa Gharda Síochána freisin.
Tá an Rialtas agus Coimisinéir an Gharda Síochána araon tiomanta d’éagsúlacht laistigh den Gharda Síochána a mhéadú agus dá chinntiú go mbeidh ionadaithe ó gach pobal i seirbhís póilíneachta na tíre seo.
Dúirt an tAire McEntee:
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfeachtas earcaíochta seo agus muid ag ceiliúradh 100 bliain ó bunaíodh An Garda Síochána. Anois an t-am is fearr chun dul isteach sna Gardaí, de réir mar atáimid ag obair i dtreo seirbhís póilíneachta don todhchaí a mbeidh meas mór uirthi de bharr na seirbhíse poiblí a chuirfidh sí ar fáil.
Tá teagmháil an Gharda Síochána le pobail ina bunchloch den obair ríthábhachtach a dhéanann sé agus is é a bhfuil mé ag súil leis ná go mbeidh seirbhís póilíneachta againn a bheidh chomh héagsúil leis na pobail ar a mbeidh sí ag freastal.
Molaim do dhuine ar bith ar mian leo dul ag obair leis an nGarda Síochána iarratas a dhéanamh, ach ba mhaith liom moladh ar leith a thabhairt do mhná chun cuimhneamh ar ghairm bheatha sna Gardaí. Tá iarrachtaí suntasacha déanta chun an líon ban atá sa tseirbhís a mhéadú, agus táimid chun cinn ar go leor tíortha eile, ach tá bóthar fada romhainn fós.
Ba mhaith liom daoine as pobail nua na hÉireann agus as grúpaí mionlaigh a spreagadh chomh maith céanna chun smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar ghairm atá fiúntach agus a bhfuil meas uirthi.
Is cúis áthais dom go bhfuil Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, dírithe ar sheirbhís póilíneachta ina dtugtar meas ar chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chothú mar go bhfuil sé chomh tábhachtach sin go mothaíonn gach duine sa tír go bhfuil ionadaíocht acu sna Gardaí a fheiceann siad ar an tsráid nó sa stáisiún áitiúil.
Tá seirbhís póilíneachta uainn atá éagsúil, ní hamháin ó thaobh inscne agus eitneachta de ach ó thaobh cúlra socheacnamaíoch agus geografach chomh maith. Mholfainn do gach duine a bhfuil spéis acu dul isteach sna Gardaí dul chuig publicjobs.ie agus smaoineamh ar iarratas a dhéanamh.<
Tá béim, a bhfuil fáilte roimhe, curtha ag Coimisinéir an Gharda Síochána ar éagsúlacht, de réir mar atá An Garda Síochána ag féachaint leis an bprionsabal a leabú gurb ionann cearta daonna agus bunchloch agus cuspóir na póilíneachta in Éirinn.
Áirítear mar chuid de seo athruithe ar pholasaí éide an Gharda Síochána, bunú Fhóram Náisiúnta Éagsúlachta an Gharda Síochána, agus ionadaíocht ó phobail éagsúla agus mhionlaigh i gCúltaca an Gharda Síochána. Tá an Garda Síochána ag obair chun Straitéis Comhionannais, Éagsúlachta agus Imeasctha, a chuirfear i dtoll a chéile go hinmheánach agus go seachtrach, a chur amach ag tús na bliana 2022.
Tá an comórtas seo ar an gcéad cheann dá leithéid arna reáchtáil ó tugadh isteach Rialacháin nua, lenar leasaíodh Rialacháin an Gharda Síochána (Ligean Isteach agus Ceapacháin), 2013, le go bhféadfaí achainí níos leithne ar sheirbhís leis an nGarda Síochána a dhéanamh a bheadh ina léiriú ar an éagsúlacht i Sochaí na hÉireann, atá ag dul i méid. Mar aon le leasuithe teicniúla a theastaigh chun bheith ar aon dul le hathruithe sa reachtaíocht, idir Acht na nDídeanaithe, 1996 agus an tAcht um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015, tá an riachtanas go mbeadh inniúlacht ag an iarratasóir in dhá theanga, nár mhór an Béarla nó an Ghaeilge a bheith ar cheann acu, athraithe anois chomh maith. Faoi na rialacháin leasaithe, níl inniúlacht ag teastáil ach i dteanga amháin anois - bíodh sin an Béarla nó an Ghaeilge.
Tá an Garda Síochána tiomanta fós don Ghaeilge agus beidh staidéar ar an nGaeilge fós mar chuid den BA sa Phóilíneacht a chuirtear ar gach Garda faoi oiliúint i gColáiste an Gharda Síochána, An Teampall Mór.
Tá Straitéis nua don Ghaeilge forbartha ag an nGarda Síochána agus seolfar go luath i mbliana í. Tá sé mar aidhm leis an Straitéis seirbhísí Gaeilge laistigh den Gharda Síochána a threisiú agus comhlíonadh le hoibleagáidí reachtúla teanga a chinntiú.
CRÍOCH
Nótaí d'Eagarthóirí:
Is féidir teacht ar shonraí iomlána maidir le hiarratas a dhéanamh ar Publicjobs.ie
Cuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo ar phainéal óna dtarraingeoidh an Garda Síochána iad lena dtraenáil nuair a éileoidh Coimisinéir an Gharda Síochána sin. Ba ag tús na bliana 2019 a reáchtáladh an comórtas earcaíochta deireanach.
Beidh an Garda Síochána, le tacaíocht ón Rialtas, ag glaoch ar gach aicme de shochaí na hÉireann - cainteoirí Béarla agus Gaeilge; mná agus fir, an lucht imirce, daoine den Lucht Siúil agus an pobal LADTI+ - chun iad a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar ghairm bheatha sna Gardaí.
Cuireadh clár intéirneachta nua ar siúl le déanaí, trína raibh deis ag 26 lucht fágála scoile agus céimí tús a chur le hintéirneacht bliana ina mball foirne leis an nGarda Síochána, intéirneacht a raibh pá ag dul léi.