Labhraíonn an tAire do Dhaoine Scothaosta ag Comhdháil maidir le hAosú UNECE i ndiaidh tuarascáil náisiúnta a fhoilsiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler TD, ag glacadh páirte i gCúigiú Comhdháil Airí maidir le hAosú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (UNECE) sa Róimh inniu. Tarraingítear aird i dtuarascáil náisiúnta a d’ullmhaigh an Roinn Sláinte ar an dul chun cinn a rinne Éire sa tréimhse idir 2017 agus 2021 chun déileáil le trí phríomhchuspóir Chonradh Liospóin, a comhaontaíodh ag an gCeathrú Comhdháil Aireachta maidir le hAosú, a reáchtáladh i Liospóin in 2017:
Seo a leanas teideal chomhdháil an lae inniu 'Domhan inbhuanaithe do gach aois: ag obair i gcomhpháirt ar mhaithe le dlúthpháirtíocht agus comhdheiseanna i rith an tsaoil'. Díreoidh an tAire Butler ar an téama seo inniu trí labhairt faoi aosú a phríomhshruthú ar mhaithe le sochaí do dhaoine de gach aois a chruthú. Tá fianaise ar an méid sin le fáil in Éirinn i bhfoirm nuálaíochtaí le déanaí cosúil le Tithe Aoisáisiúla, Clár Aoisbhách agus Sláintecare.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Butler:
“Cúis áthais dom freastal ar chomhdháil #UNECE maidir le hAosú sa Róimh inniu. Is deis thábhachtach atá ann labhairt le comhghleacaithe Aireachta as ar fud na hEorpa maidir le daonra atá ag aosú, athrú aeráide agus pobail inbhuanaithe a fhorbairt.
“Is í an fhís atá i gClár Rialtais na hÉireann faoi láthair Éire Aoisbhách a chruthú. Táimid tiomanta d’aosú a phríomhshruthú agus is é an cuspóir foriomlán atá againn a chinntiú gur áit iontach í Éire le dul in aois inti.”
Glacfaidh na hAirí ar fad ó réigiún UNECE le ráiteas i rith na comhdhála ina sonrófar na cuspóirí don chéad timthriall eile (2022-2026) de MIPPA. Leagtar béim sa ráiteas ar na dúshláin atá le sárú ag daonra atá ag aosú faoi láthair, cosúil le COVID-19, coinbhleacht agus athrú aeráide.
CRÍOCH
Ghlac an Dara Comhthionól Domhanda maidir le hAosú i Maidrid le Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Mhaidrid maidir le hAosú (MIPAA) in 2002. Rinne tíortha ar fud an domhain iarrachtaí comhbheartaithe timpeallacht níos cairdiúla agus níos inbhuanaithe a chruthú do dhaonraí atá ag aosú go tapa. Sonraítear i bPlean Mhaidrid gealltanais, ag leibhéil náisiúnta agus réigiúnacha, chun na hiarrachtaí sin a threorú. D’fhógair Ballstáit, lena n-áirítear Éire, a dtacaíocht le haghaidh na ngealltanas seo, agus d’athlínigh siad beartais leo ar bhonn gníomhach.
Sonraítear an méid seo a leanas i bPlean Mhaidrid: ‘Tá sé riachtanach go mbeadh athbhreithniú córasach á dhéanamh ag ballstáit ar MIPAA ionas go mbeidh sé mar bhonn le caighdeán beatha daoine scothaosta a fheabhsú’. Déantar athbhreithniú agus breithiúnas domhanda ar MIPAA uair amháin gach cúig bliana. Is ardán atá ann chun eolas a mhalartú agus líonraí comhoibrithe a bhunú idir tíortha. Cuirfear críoch leis an gceathrú timthriall cur chun feidhme den Phlean agus le próiseas na Straitéise Cur Chun Feidhme Réigiúnaigh (MIPAA/RIS) in 2021. Fiafraíodh de gach Ballstát UNECE tuarascáil náisiúnta 2017-2021 a ullmhú. Cuirtear an tuarascáil náisiúnta san áireamh sa tuarascáil réigiúnach atá le cur i láthair ag an gCúigiú Comhdháil Aireachta UNECE maidir le hAosú atá le reáchtáil sa Róimh ar an 16 agus ar an 17 Meitheamh 2022 agus beidh an tuarascáil sin mar bhonn leis an Dearbhú Airí a eiseofar ag an gcomhdháil. Úsáidfear an Dearbhú sin mar bhonn le haghaidh tionscnamh a fhorbrófar amach anseo.
Cuireann an Chomhdháil seo críoch leis an gceathrú timthriall athbhreithnithe agus breithiúnais (2017-2021) agus tá comóradh á dhéanamh ar 20 bliain ó glacadh le Plean Gníomhaíochta Idirnáisiúnta Mhaidrid maidir le hAosú agus a Straitéis Cur Chun Feidhme Réigiúnach (MIPAA/RIS).