Molann an tAire McConalogue d'fheirmeoirí agus d'úinéirí capall a bheith ar an airdeall maidir le rioscaí dá gcuid ainmhithe in aimsir fhuar na huaire
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D. d'fheirmeoirí agus d'úinéirí capall go bhfuil rioscaí ann dá gcuid ainmhithe le linn na haimsire fuaire atá ann faoi láthair agus mhol sé dóibh cúram breise a thabhairt dá mbeostoc fad is a leanann na teochtaí ísle.
“Tuigim go dtugann feirmeoirí agus úinéirí capall an-chúram dá mbeostoc i gcaitheamh na bliana, ach ba mhaith liom a chur i gcuimhne dóibh go mbíonn bagairtí níos mó ar leas ainmhithe i gceist nuair a bhíonn an aimsir an-fhuar. Tá sé tábhachtach go gcuimhneoidh úinéirí ar na rioscaí seo agus go nglacfaidh siad na céimeanna riachtanacha lena gcuid ainmhithe a chosaint ó aimsir fhuar sna laethanta amach romhainn.”
Is féidir le beostoc, lena n-áirítear stoc níos óige, dul i ngleic le teochtaí ísle ar choinníoll go bhfuil go leor beatha agus foscadh acu. É sin ráite, nuair a bhíonn an teocht faoi bhun an reophointe d'fhéadfadh soláthar uisce a bheith ina fhadhb do bheostoc agus do chapaill araon, cibé acu an mbíonn siad laistigh nó lasmuigh le linn an gheimhridh. Ní mór saor-rochtain ar uisce a bheith ag gach aon ainmhí. Mar thúsphointe, ba cheart súil a choinneáil ar sholáthairtí uisce óil gach lá, agus ba cheart oighear a bhriseadh ar aghaidheanna trachanna faoi dhó in aghaidh an lae.
I measc nithe eile, ba cheart cuimhneamh ar na gníomhartha breise seo a leanas:
• Iniúchadh rialta a dhéanamh ar ainmhithe, go háirithe ar ainmhithe atá níos leochailí, chomh maith le beostoc atá tinn nó atá ag iompar.
• Nuair a bhíonn aimsir an-fhuar agus an-fhliuch againn sa gheimhreadh, ba cheart foráiste breise, amhail féar tirim, a thabhairt do chapaill, do phónaithe agus do bheostoc ar bith eile atá lasmuigh.
• Seachain dianphóitseáil féarach, mar bíonn tionchar ag póitseáil ar infhaighteacht féir.
• Cinntigh go bhfuil rochtain ag stoc ar fhoscadh, bíodh é foscadh nádúrtha amhail crainn agus fálta sceach, nó foscadh de dhéantús an duine.
• Má úsáidtear ruga eachaí le haghaidh capall, cinntigh go n-oireann an ruga i gceart agus déan iniúchadh rialta air.
• Ní bhíonn rugaí ag teastáil ó gach capall le linn tréimhsí fuara. Fásann fionnadh níos tibhe ar chapaill don gheimhreadh chun insliú nádúrtha a sholáthar. Sa chás go bhfuil fionnadh tiubh ar chapall agus go gcuirtear foscadh ar fáil dó, b’fhéidir nach mbeidh gá le rugaí.
CRÍOCH