Meabhraithe ag an Aire Creed d'fheirmeoirí gurb é an 22 Feabhra an dáta deiridh do BEEP
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé meabhraithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD d'fheirmeoirí inniu faoin spriocdháta d'iarratais faoin Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) a seoladh le gairid. Glacfar le hiarratais ar an scéim, ag a bhfuil foráil maoinithe €20m, go dtí Dé hAoine an 22 Feabhra agus an lá sin san áireamh. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne ag www.agfood.ie. Mar mhalairt air sin is féidir foirmeacha iarratais a fháil ón DAFM ach glaoch ar 076 1064420.
I mí Dheireadh Fómhair 2018 a fógraíodh an scéim phíolótach bliana mar chuid de Bhuiséad 2019 agus mar mhodh chun tacú leis an mbó diúil, trí íocaíocht suas le €40/lao a íoc tar éis mheáchan an lao agus na máthar a chlárú agus a chur isteach chuig an ICBF de réir théarmaí agus coinníollacha na scéime píolótaí.
Dúirt an tAire an 30 Eanáir agus an scéim á seoladh aige:
“Is tacaíocht spriocdhírithe í an Scéim Phíolótach Mairteola um Éifeachtúlacht Chomhshaoil (BEEP) – d'fheirmeoirí bó diúil agus tá sí dírithe go sonrach ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht geilleagair agus comhshaoil i ndáil le táirgeadh mairteola a fheabhsú. Déantar sin trí éifeachtúlacht cothaithe na mbó diúil a thomhas."
Dúirt sé inniu:
“Mholfainn do gach feirmeoir mairteola iarratas a chur isteach ar an scéim roimh an spriocdháta - Dé hAoine seo chugainn. Tá an fhoirm iarratais an-éasca - níl ann ach léiriú simplí go bhfuil sé beartaithe meáchan a chur ar fáil. Trí pháirt a ghlacadh sa scéim, gheobhaidh tú aiseolas soiléir mionsonraithe ar chomh maith is atá ainmhithe aonair i do thréad ag cruthú, rud a chuirfidh ar do chumas na ba is táirgiúla sa tréad a aithint."
CRÍOCH