Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin an 25 Samhain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 4,764* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 598 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 126 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Is cúis imní í minicíocht COVID-19 fós, agus tuairiscíodh 62,401 cás le 14 lá anuas. Caithfimid leanúint ar aghaidh ag déanamh gach iarracht is féidir le minicíocht an ghalair a laghdú agus slabhraí an tarchuir a bhriseadh.
"Scaipeann COVID-19 nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe i ngar do dhaoine eile. Is é an bealach is fearr is féidir linn stop a chur le scaipeadh COVID chuig na daoine a mbuailimid leo ná trí bualadh le níos lú daoine agus sluaite a sheachaint.
"Má tá tú ag sóisialú, smaoinigh ar an riosca a bhaineann leis na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat. Cuimhnigh na céimeanna simplí is féidir leat a ghlacadh chun tú féin agus na daoine a mbuaileann tú leo a choinneáil slán:
"Bí aireach ar do theagmhálacha sna laethanta ina dhiaidh duit sóisialú agus smaoinigh go háirithe ar aon duine a mbuailfidh tú leis a d’fhéadfadh a bheith imdhíon-lagaithe nó leochaileach do COVID-19.
"Má bhíonn siomptóim agat aonraigh leat féin láithreach agus socraigh tástáil PCR - ní tástáil antaigin."
CRÍOCH
Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.
Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:
Tá staitisticí ar fáil anois ar Deais COVID-19