Toradh an phróisis soláthair do Sheirbhísí Fostaíochta Comhpháirtí Intreo náisiúnta nua fógartha ag an Aire Humphreys
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fháiltigh an tAire, Heather Humphreys, TD, roimh thoradh na forbartha is mó ar sheirbhísí fostaíochta le blianta fada anuas.
D’fhoilsigh an tAire Humphreys ainmneacha na 17 dtairgeoir roghnaithe chun Seirbhísí Fostaíochta Comhpháirtí Ceantair Áitiúil Intreo nua a sholáthar.
Dheimhnigh an tAire go bhfuil na 17 dtairgeoir rathúla ag obair san earnáil phobail agus dheonach.
Is é seo céim a dó den phróiseas soláthair, agus tá 19 gcontae san áireamh.
Rolladh Céim a hAon amach níos túisce i mbliana agus díríodh ar sheacht gcontae i Lár na Tíre agus san Iarthuaisceart i rith Chéim a hAon.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Humphreys:
“Cúis áthais dom sonraí a roinnt inniu maidir le ceann de na forbairtí is mó in earnáil na seirbhísí fostaíochta le blianta fada anuas.
“Bhí caighdeán na dtairiscintí a cuireadh ar fáil le haghaidh Sheirbhísí Fostaíochta Comhpháirtí Ceantair Áitiúil Intreo nua ar fad ar fheabhas. Cúis áthais dom a dheimhniú go bhfuil na 17 dtairgeoir rathúla ag obair san earnáil phobail agus dheonach.
“Tá fianaise ar an mbéim atá á leagan ag mo Roinn ar sheirbhísí ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile, le fáil sna torthaí.
“Is ionann toradh an tsoláthair agus méadú ar mhaoiniú don Earnáil Phobail agus Dheonach, ó €21 milliún go dtí €39 milliún.
“Is ionann é seo agus méadú suntasach ar an méid seirbhísí fostaíochta atá á soláthar ag an Rialtas atá á gcur ar fáil ag soláthróirí pobalbhunaithe.
“Tá an Margadh Fostaíochta ag feidhmiú go maith i láthair na huaire agus tá a fhios agam go bhfuil obair mhór á déanamh ag na seirbhísí áitiúla seo chun tacú le agus cabhrú le grúpaí leochaileacha agus le grúpaí atá scartha ón margadh fostaíochta poist a aimsiú.”
Cuireadh in iúl do thairgeoirí roghnaithe Sheirbhís Fostaíochta Náisiúnta Chomhlántach Comhpháirtí Intreo inniu gur éirigh leis na tairiscintí a rinne siad. Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí teagmháil leis na tairgeoirí roghnaithe anois agus síneofar conarthaí agus cuirfear tús le seirbhísí a chur ar fáil do na daoine atá scartha ón margadh fostaíochta a luaithe agus is féidir.
Den chéad uair, soláthróidh Seirbhísí Comhpháirtithe Intreo nua conair struchtúrtha trí sheirbhís na Roinne do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do chohóirt eile, agus cinnteofar go mbeidh an tseirbhís a theastaíonn ó dhaoine á cur ar fáil ag an am ceart le linn dóibh filleadh ar an margadh fostaíochta.
Is seirbhísí do dhaoine atá dífhostaithe le haghaidh idir 12 agus 24 mí den chuid is mó a bheidh á soláthar ag Seirbhísí Fostaíochta Náisiúnta Comhpháirtí Intreo. Soláthróidh Seirbhísí Fostaíochta Comhpháirtí Ceantair Áitiúil Intreo tacaíocht do dhaoine atá scartha ón margadh fostaíochta. Is príomhghnéithe den tSeirbhís Fostaíochta Poiblí iad na seirbhísí nua seo agus cuireann siad le hacmhainn seirbhíse fostaíochta Intreo na Roinne.
CRÍOCH
1. Comhpháirtíocht Chathair Chorcaí (Fochonraitheoirí – Comhpháirtíocht SECAD, Comhpháirtíocht Avondhu Blackwater, CTR Forbartha Bhealach Eabhra agus agus IRD Dhúiche Ealla)
2. Comhpháirtíocht (Fochonraitheoirí – LDC an Chláir, Cuideachta Forbartha Thuaisceart Thiobraid Árann, Forbairt Bhealach Eabhra agus Acmhainní Iarthar Luimnigh)
3. Forbairt Oirthuaisceart & Iarthar Chiarraí (Fochonraitheoir – Comhpháirtíocht Forbartha Chiarraí Theas)
4. Forbairt Chomhtháite Mhuineacháin (Fochonraitheoir – Forbairt Áitiúil Chontae an Chabháin)
5. Comhpháirtíocht Leadar Lú (Fochonraitheoir – Comhpháirtíocht Phobail, Thuaithe agus Shóisialta na Mí)
6. Comhpháirtíocht Leader Phort Láirge. (Fochonraitheoir – CTR Thiobraid Árann Theas agus Comhpháirtíocht Are Phort Láirge)
7. Forbairt Áitiúil Loch Garman
8. Comhpháirtíocht Leader Chill Chainnigh
9. Comhpháirtíocht Chathair na Gaillimhe
10. Comhpháirtíocht LEADER Oirthuaisceart Mhaigh Eo (Fochonraitheoir – Cuideachta Forbartha Iardheisceart Mhaigh Eo agus Comhpháirtíocht Leader Ros Comáin)
11. Comhpháirtíocht Cheantar Bhré (Fochonraitheoir – Seirbhís Fostaíochta Áitiúil Chill Dara)
12. Forbairt Áitiúil Empower (Fochonraitheoir – Comhpháirtíocht Iarthuaisceart Bhaile Átha Cliath)
13. Comhpháirtíocht an Deiscirt
14. Comhpháirtíocht an Tuaiscirt
15. Comhpháirtíocht Contae Bhaile Átha Cliath Theas
16. Ionad Fostaíochta Bhaile Munna
17. Comhpháirtíocht Bhaile Formaid-Shéipéal Iosóid (Fochonraitheoir – Comhpháirtíocht Chathair Bhaile Átha Cliath Theas)