Fáilte curtha ag an Aire Donohoe roimh cheapachán an chéad Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin ar an HBFI
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuirfidh taithí mhór baincéireachta agus ghnó Dara Deering leis an ról nua seo
Tá fáilte curtha ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe T.D. roimh cheapachán Dara Deering ina Príomhoifigeach Feidhmiúcháin (CEO) nua ar Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann (HBFI).
Roghnaigh Bord an HBFI Dara Deering mar an chéad CEO ar an gcomhlacht tráchtála Stáit nuabhunaithe tar éis próiseas earcaithe oscailte iomaíoch níos luaithe i mbliana. D'fhóin Dara roimhe seo ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Bhaincéireacht Mhiondíola i KBC Ireland agus bhí róil ardphróifíle eile go foirmeálta aici chomh maith le Cumann Foirgníochta an EBS.
Chuir an tAire fáilte chomh maith roimh cheapachán Iar-Cheannaire Tionscadail an HBFI, Michael Broderick, go dtí an ról Príomhoifigeach Tráchtála. Beidh Michael ina Phríomhoifigeach eatramhach go dtí go rachaidh Dara Deering i mbun an phoist i Meán Fómhair 2019.
Maidir leis na ceapacháin dúirt an tAire Donohoe:
Tá an-áthas orm fáilte a chur roimh cheapachán Dara Deering ina Príomhoifigeach nua ar an HBFI. Cuirfidh taithí mhór baincéireachta agus ghnó Dara go mór leis an HBFI de réir mar a bheidh an comhlacht ag iarraidh é féin a bhunú mar sholáthróir tráchtála d'airgeadas cónaithe. Tá mé cinnte go dtabharfaidh Dara treoir láidir don HBFI sna blianta amach romhainn agus go mbeidh sí treallúsach i mbun a cuid oibre de réir mar a bheidh an HBFI ag baint amach a chuspóra airgeadas atá ag teastáil go géar le haghaidh forbairtí cónaithe ar fud na tíre a chur ar fáil'.
"Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do Michael Broderick chomh maith as an obair atá déanta aige ina Cheannaire Tionscadail agus as an ról ríthábhachtach a bhí aige ag cuidiú leis an HBFI a bhunú. Guím chuile rath air agus é ag dul i mbun an róil ina Phríomhoifigeach Tráchtála."
Críoch
Nótaí d'Eagarthóirí
Teagmháil
Deborah Sweeney, Comhairleoir Preasa an Aire Donohoe – 086 858 6878
Aidan Murphy, Preasoifigeach, An Roinn Airgeadais – 085 886 6667