Ráiteas leis an Taoiseach ar bhreithiúnas Chúirt Uachtarach an RA i gcás Pat Finucane
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Ag labhairt dó i ndiaidh go ndearnadh breithiúnas Chúirt Uachtarach an RA i gcás Pat Finucane, an cinneadh d’aon ghuth ina measc nár cuireadh imscrúdú ar bun a bhí comhlíontach i dtaobh Airteagal 2 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine ar dhúnmharú Pat Finucane, dúirt an Taoiseach:
“Beidh muintir Finucane agus Rialtas na Breataine ag iarraidh breithniú iomlán a dhéanamh ar an mbreithiúnas seo. Beidh scrúdú dlúth á dhéanamh ag an Rialtas, chomh maith, ar an mbreithiúnas.
“Ceapann an Rialtas gur cheart fiosrúchán neamhspleách poiblí a chur ar bun ar dhúnmharú Pat Finucane, ar aon dul leis na gealltanais pholaitiúla a rinne Rialtais na Breataine agus na hÉireann ag Páirc Weston in 2001. Shoiléirigh an Rialtas an seasamh seo go comhsheasmhach do Rialtas na Breataine agus leanfaidh sé le hamhlaidh a dhéanamh.
“Chas mé le muintir Finucane le roinnt bheag míonna anuas, agus chas an Tánaiste leo, chomh maith, le tacaíocht leanúnach an Rialtais a dheimhniú chun an fhírinne agus an ceartas a bhaint amach. Tá teagmháil leanúnach á déanamh ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála leis an teaghlach faoi láthair.”