Caomhnófar Cáipéisí a sábháladh ó thine Oifig na dTaifid Phoiblí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Caomhnófar taifid stairiúla a bhaineann leis an gcalafort le maoiniú ó Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath
Tá Comhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath ag tacú le hiarrachtaí an Stáit chun taifid atá 200 bliain d’aois a bhaineann le Calafort Bhaile Átha Cliath a chaomhnú trí mhaoiniú a chur ar fáil.
Scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann sna Ceithre Cúirteanna, i gcéad chomhrac an Chogaidh Chathartha. Tar éis thine 1922, fuarthas breis is 25,000 bileog pháipéir agus meamram ón smionagar. Tugtar ‘1922 Salved Records’ ar na taifid seo, a théann ón gceathrú haois déag go dtí an naoú haois déag. Coimeádtar sa Chartlann Náisiúnta anois iad.
Níor osclaíodh an chuid is mó den bhailiúchán seo go dtí cúig bliana anuas. Mar chomharba ar Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, tá an Chartlann Náisiúnta ina príomh-chomhpháirtí i dtionscadal Thar 2022 Amach—clár taighde uile-oileáin agus idirnáisiúnta a reáchtálann Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus a mhaoiníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meáin faoi Thionscadal Éire 2040. Tá an tionscadal ag obair chun an méid a cailleadh in 1922 a athchruthú.
Le linn imscrúdú a rinneadh le déanaí ar bhearta neamhoscailte de thaifid a sábháladh tríd an tionscadal Thar 2022 Amach, d’aithin coimeádaithe cúig bheart a raibh tábhacht stairiúil leo do Chalafort Bhaile Átha Cliath.
Anois, le tacaíocht ó Chomhlacht Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na taifid seo á n-athchóiriú ag an bhfoireann caomhantais i gCartlann Náisiúnta na hÉireann. Tá an obair chaomhnaithe á déanamh ag Caomhnóir Thionscadal Thar 2022 Amach, Jessica Baldwin, faoi threoir Zoë Reid, Coimeádaí, Seirbhísí agus Bailiúchán Poiblí. Léiríonn na doiciméid go léir roinnt fianaise ar dhamáiste ó theas na lasracha, chomh maith le taise agus báisteach ó nochtadh don aimsir tar éis na tine. In ainneoin an damáiste, is féidir le staraithe agus leis an bpobal féachaint ar na cáipéisí nach bhfacthas le 100 bliain anuas arís mar gheall ar an gcaomhnú.
Tá tábhacht stairiúil ag baint leis na mílte bileog páipéir mar nithe a tháinig slán ó scrios 1922, agus mar fhianaise úr ar fhorbairt stairiúil Chalafort Bhaile Átha Cliath. Cruthaíonn na páipéir seo léargas iontach ar shaol an chalafoirt ghnóthaigh agus na céadta duine ó áiteanna ar fud na tíre, ó chalafoirt na gCealla Beaga, Chairlinn agus Eochaill ag teacht chun tuarastail agus pinsin bhailiú agus earraí a thrádáil. Tá sonraí iontu faoi thuarastail agus faoi chúitimh, agus go leor ainmneacha cigirí agus bailitheoirí cánacha custam. Tugtar cuntas iontu ar fhíon, praghasanna mairteola agus muiceola, liúntais ar shíoda, mionsonraí aisíocaíochtaí cánach ar iasc, fuinseog, salann agus línéadach. Mar shampla tugtar léargas iontach ar long in 50 doiciméad a bhaineann le hÍocaíochtaí Éisc i samhradh na bliana 1817, ag lua baill chriú agus ag sonrú méid agus cineál na gabhála. Is sonraí tábhachtacha iad seo faoi thrádáil agus faoi thráchtáil i gCalafort Bhaile Átha Cliath nach bhfuil ar fáil in aon áit eile.
Tar éis an chaomhnaithe, beidh na doiciméid dar dáta 1817–1818 ar fáil le haghaidh taighde agus oiriúnach le haghaidh digitithe.
Ag labhairt faoin gcomhpháirtíocht, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin:
“Tá an chomhpháirtíocht seo idir Thar 2022 Amach, an Chartlann Náisiúnta agus Calafort Bhaile Átha Cliath tábhachtach agus suntasach. Tionscadal suaitheanta faoi Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán an Rialtais atá á stiúradh ag Aonad Comórtha mo Roinne is ea an próiseas chun na taifid a sábháladh ón tine in Oifig na dTaifead Poiblí i mí an Mheithimh 1922 a shábháil.
“Bhí an fhoireann in Oifig na dTaifead Poiblí breis agus 100 bliain ó shin an-chúramach chun an oiread taifead agus ab fhéidir a shábháil. Tá foireann cartlannaithe agus coimeádaithe ardoilte agus tiomanta ag leanúint leis an obair sin chun léargas a fháil ar shaol Chalafort Bhaile Átha Cliath in 1922.”
Dúirt Éamonn O’Reilly, Príomhfheidhmeannach Chalafort Bhaile Átha Cliath:
“Is acmhainn thábhachtach í ár gcartlann shaibhir féin a úsáidtear go gníomhach agus a mbímid ag brath uirthi go rialta chun scéal Chalafort Bhaile Átha Cliath a insint. Tá lúcháir orainn anois a bheith in ann cur leis na hábhair chartlainne bhreise a bhaineann le Calafort Bhaile Átha Cliath atá i seilbh na Cartlainne Náisiúnta trí thacú le caomhnú taifead a fuarthas tar éis tine sna Ceithre Cúirteanna céad bliain ó shin.”
Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Cuidíonn caomhnú na dtaifead seo go mór le príomhthionscadal oidhreachta an Stáit ó Dheich mBliana na gCuimhneachán. Tá na taifid seo, a tarrtháladh ón tine in 1922, faoi chúram Chartlann Náisiúnta na hÉireann le beagnach 100 bliain mar institiúid chomharba ar Oifig na dTaifead Poiblí agus tá tús curtha aici leis an bpróiseas caomhnaithe anois. Tá an tacaíocht seo ó Chalafort Bhaile Átha Cliath fíor-luachmhar ó thaobh ligean dúinn an obair seo a chur chun cinn.”
Dúirt an Dr Peter Crooks, ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus Stiúrthóir Acadúil thionscadal Thar 2022 Amach:
“Agus gach leathanach de na cartlanna suimiúla seo á athchóiriú, cuirtear leathanach eile de stair na hÉireann ar ais sa taifead poiblí. Tugtar léargas iontach sna doiciméid seo ar an ngnáthshaol 200 bliain ó shin — ní hamháin i mBaile Átha Cliath, lena líonra fairsing trádála, ach ar fud na hÉireann i gcoitinne freisin.”
Is toradh é Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann ar chlár taighde cúig bliana dar teideal ‘Thar 2022 Amach', atá maoinithe ag an Stát.
I mí an Mheithimh 2022, céad bliain tar éis na tine tubaistí a scrios Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus a bailiúcháin chartlainne, osclófar Taisce Thaifid Fhíorúla na hÉireann don phobal ar líne.
Trí thaithí thumtha Web3D, beidh cuairteoirí ar líne in ann dul isteach arís i seomra álainn léitheoireachta Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, mar a bhí sé ar an oíche roimh a scriosta, agus a bhailiúcháin athchóirithe a iniúchadh.
Caomhnaíonn an Chartlann Náisiúnta cuimhne an Stáit i bhfoirm a thaifid scríofa. Faigheann sé agus cosnaíonn sé taifid phoiblí na hÉireann, agus ar an gcaoi sin cinntítear go bhfuil na taifid ar fáil mar acmhainn do chách. Baineann na taifid seo le stair shóisialta, chultúrtha, eacnamaíoch agus pholaitiúil oileán na hÉireann ó na Meánaoiseanna go dtí bunú Shaorstát na hÉireann in 1922 agus sa ré nua-aimseartha.