Cuireann an tAire Humphreys fáilte roimh an méadú ollmhór ar an líon tuismitheoirí a gcuirtear Sochar Tuismitheora ar fáil dóibh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys, inniu gur eisigh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí Sochair Tuismitheora ar a bhfuil luach €14 milliún sa tréimhse ceithre mhí ó Aibreán go hIúil 2021. Tá méadú nach mór faoi chúig tagtha ar an líon tuismitheoirí a bhfuil Sochar Tuismitheora á fháil acu i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
Cuireadh síneadh an 1 Aibreán i mbliana le Saoire Thuismitheora agus Sochar Tuismitheora go dtí cúig seachtaine – ar méadú trí seachtaine é seo – ar aon dul leis an ngealltanas i gClár an Rialtais. Ó shin i leith, bronnadh Sochar Tuismitheora ar 30,411 tuismitheoir.
D’eisigh an Roinn íocaíochtaí in Iúil 2021 amháin ar a raibh luach €4.4 milliún do thuismitheoirí a bhfuil Sochar Tuismitheora á fháil acu. I gcomparáid leis sin, d’eisigh an Roinn luach €572,000 d’íocaíochtaí Sochair Tuismitheora in Iúil 2020, nuair a íocadh an tacaíocht ar feadh dhá sheachtain.
Íoctar Sochar Tuismitheora ar an ráta céanna a íoctar Sochar Máithreachais agus Sochar Uchtaíoch, arb é €245 sa tseachtain. Tá sé ar fáil don bheirt tuismitheoirí lena cheadú dóibh níos mó ama a chaitheamh lena leanaí nuabhreithe i rith na mblianta tábhachtacha agus foirmithe nó lena leanaí uchtaithe.
Ag trácht di ar na figiúirí, dúirt an tAire Humphreys:
“Is mian liom máithreacha agus aithreacha a spreagadh am a ghlacadh saor ón obair lena naíonáin nuabhreithe i dtráth atá an-speisialta do theaghlach ar bith.
“Ba dheas liom an méadú ar Shochar Tuismitheora a thabhairt isteach i mo chéad Bhuiséad mar Aire Coimirce Sóisialaí agus tá gliondar croí orm go léiríonn an glacadh i measc tuismitheoirí go dtí seo i mbliana an tóir atá ar an scéim.
“Bronnadh 20,411 iarratas ar Shochar Tuismitheora le ceithre mhí anuas i gcomparáid le 4,600 i gcaitheamh na tréimhse céanna in 2020 – is ionann seo agus méadú nach mór faoi chúig ar líon na n-iarratas agus tá seo dochreidte.
“Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh lena mheabhrú d’aon tuismitheoirí a bhféadfadh gur ghlac siad an bhunsaoire dhá sheachtain cheana féin go mbaineann an síneadh a fógraíodh sa Bhuiséad go siarghabhálach do thuismitheoirí leanaí a rugadh nó a uchtaíodh ón 1 Samhain 2019, agus is féidir leo anois na trí seachtaine breise a éileamh anois atá ar fáil dóibh.
“Tá súil agam go leanfaidh an glacadh fairsing leis an scéim seo sna míonna amach romhainn agus spreagaim gach tuismitheoir incháilithe iarratas a sheoladh ar aghaidh ar www.MyWelfare.ie.”
Chuir an tAire Humphreys síneadh trí seachtaine ar Shochar Tuismitheora in aghaidh an tuismitheora, maidir le leanaí a rugadh nó a uchtaíodh i ndiaidh an 1 Samhain 2019, mar chuid de Bhuiséad 2021.
Rinneadh foráil don mhéadú seo trí seachtaine faoin Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2021.
Is féidir Sochar Tuismitheora a ghlacadh i rith na chéad dhá bhliain tar éis breith nó socrúchán uchtála linbh.
Is é an bealach is éasca agus is tapúla chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Tuismitheora ar líne ag www.MyWelfare.ie. Ardán é seo atá sábháilte, slán agus inrochtana tráth ar bith, áit ar bith agus ar gach gléas.
CRÍOCH
Éilimh ar Shochar Tuismitheora a bronnadh in 2021 | Éilimh ar Shochar Tuismitheora a bronnadh in 2020 | |
Aibreán | 6,700 | 702 |
Bealtaine | 4,637 | 924 |
Meitheamh | 4,400 | 1,172 |
Iúil | 4,674 | 1,807 |
Iomlán ó Aibreán go hIúil | 20,411 | 4,605 |
Íocaíochtaí Sochair Tuismitheora a eisíodh in 2021 | Íocaíochtaí Sochair Tuismitheora a eisíodh in 2020 | |
Aibreán | €2,665,659.20 | €273,232.40 |
Bealtaine | €3,561,806.25 | €280,293.60 |
Meitheamh | €3,292,136.83 | €394,002.72 |
Iúil | €4,413,340.99 | €572,087.13 |
Iomlán ó Aibreán go hIúil | €13,932,943.27 | €1,519,615.85 |
Tugadh dhá sheachtain de Shaoire Thuismitheora íoctha isteach san Acht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019 do gach tuismitheoir ar féidir é a ghlacadh sa chéad bhliain tar éis breith nó socrúchán uchtála linbh.
Tar éis gur cuireadh tús leis an Acht um Shaoire Theaghlaigh agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2021, cuirtear trí seachtaine sa bhreis de Shochar Tuismitheora ar fáil do gach tuismitheoir, agus cuirtear síneadh leis an tréimhse inar féidir an tsaoire a ghlacadh go dtí an chéad dá bhliain tar éis breith nó socrúchán uchtála linbh. (Roimh an 1 Aibreán, bhí an tsaoire agus sochar le cur ar fáil sa chéad bhliain.)
Leanann an síneadh ar an Acht um Shaoire agus Sochar Tuismitheora, 2019 roinnt leasuithe reachtaíochta a rinneadh le déanaí atá dírithe ar a chur ar chumas tuismitheoirí oibre níos mó ama a chaitheamh lena leanaí. Áirítear leo seo síneadh a chur in 2020 le Saoire Thuismitheora neamhíoctha go dtí 26 seachtain do leanbh faoi 12 bhliain d’aois, Saoire agus Sochar Tuismitheora dhá sheachtain a thabhairt isteach in 2019 agus Saoire Atharthachta a thabhairt isteach in 2016.