An tEolas is Déanaí maidir le Tithíocht do Chách
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
- Ciste €150m tugtha isteach ag an Rialtas chun deireadh a chur le tithe atá folamh go fadtréimhseach agus tithe tréigthe i mbailte & i gcathracha
- Gealltanas nua go mbainfear leas go forleathan as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i dtithíocht phoiblí
- Dul chun cinn mór déanta i mbliana agus obair thógála tosaithe ar 13,000 teach nua & an líon is mó daoine riamh ag ceannach a dtí féin, rud atá curtha chun cinn ag scéimeanna amhail Scéim um Chuidiú le Ceannach & Scéim an Chéad Bhaile
D’fhógair an Taoiseach, an Tánaiste, na hAirí Eamon Ryan agus Darragh O’Brien sonraí inniu maidir le ciste €150 milliún chun deireadh a chur le tithe atá folamh go fadtréimhseach agus le tithe tréigthe i mbailte agus i gcathracha. Is féidir leis an gciste athrú ó bhonn a dhéanamh ar áiteanna ar fud na tíre agus pobail bhríomhara a chur chun cinn in lárionaid uirbeacha na hÉireann.
Fógraíodh an maoiniú seo mar chuid den nuashonrú ráithiúil ar dhul chun cinn maidir le Tithíocht do Chách, agus beidh sé ar fáil d’údaráis áitiúla le haghaidh bailte agus cathracha atá incháilithe don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach. Chuir údaráis áitiúla in iúl, nuair a bhí iarratas ar mhaoiniú á dhéanamh acu, go bhféadfaidís tionscadail a chruthódh 4,850 aonad cónaithe a aithint. Gheobhaidh údaráis áitiúla deontas don chostas iomlán 100% maidir le maoine oiriúnacha, a aithníodh laistigh dá bpobail, a fháil, rud a léiríonn an ardtosaíocht atá leagtha síos ag an Rialtas chun níos mó lóistín a chur ar fáil agus aghaidh a thabhairt ar thithe tréigthe. Cuireann sé sin le roinnt scéimeanna atá ann cheana chun aghaidh a thabhairt ar thithe folamha agus tithe tréigthe.
Chuir an Taoiseach, an Tánaiste, an tAire Eamon Ryan agus an tAire Darragh O’Brien in iúl freisin go bhfuil siad tugtha do bhorradh a chur faoi nuálaíocht agus acmhainní san earnáil tógála trí Threochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta a fhoilsiú. Tá sé de chumas ag Modhanna Nua-Aimseartha Tógála feabhas as cuimse a chur ar tháirgiúlacht, nuálaíocht, luas seachadta, inbhuanaitheacht agus costais ar deireadh thiar san earnáil tógála. Tá an Stát ag tabhairt ceannaireacht le dea-shampla trí na modhanna nuálacha a leabú ina chlár tithíochta poiblí.
Léirítear san athbhreithniú ráithiúil seo móiminteam maith leanúnach i mbliana agus obair tosaithe ar 13,000 teach nua ó bhí mí Eanáir ann, agus an líon is mó daoine riamh ag ceannach a dtí féin, rud atá curtha chun cinn ag scéimeanna amhail Scéim um Chuidiú le Ceannach & Scéim an Chéad Bhaile. I ráithe 2, tugadh cead pleanála do níos mó ná 2,500 teach ar Thailte Stáit, leithdháileadh maoiniú €104 milliún chun 853 teach sóisialta agus inacmhainne a thógáil ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir, agus leithdháileadh maoiniú €62 milliún do níos mó ná 1,000 leaba i lóistín do mhic léinn. Síníodh an chéad chonradh faoin Scéim, Croí Cónaithe (Cathracha), chun tús a chur le tithe d’úinéirí lonnaitheacha a thógáil. Tá athbhreithniú ar an gCreat Pleanála Náisiúnta tosaithe chomh maith le comhairliúchán poiblí ar thodhchaí na hEarnála Cíosa in Éirinn agus tá Plean Gníomhaithe nua á fhorbairt chun gairmeacha beatha i dtionscadal na tógála a chur chun cinn.
Le linn don Taoiseach Leo Varadkar TD a bheith ag nochtadh tuairimí faoi fhoilsiú na tuarascála, dúirt sé:
“Tá an tógáil tosaithe ar bheagnach 13,000 teach agus muid leath bealaigh tríd an mbliain agus tá dul chun cinn láidir á dhéanamh againn agus an chuid eile den bhliain amach romhainn. Tá muinín againn go mbainfidh muid amach nó go sáróidh muid na spriocanna tithíochta atá againn don bhliain seo chugainn maidir le 29,000 teach, lóistín do mhic léinn agus athchóiriú. Bhí an líon ceadanna pleanála a bronnadh i ráithe 1 40% níos airde ná an líon a bhí ann sa tréimhse chéanna anuraidh, agus tá níos mó daoine ag ceannach a gcéad tí ná mar a ceannaíodh i dtréimhse ar bith le níos mó ná deich mbliana anuas. Tá cead á thabhairt do níos mó ná 700 ceannaitheoir tí céaduaire gach seachtain chun morgáiste a fháil. Is é sin an figiúr is airde ó tosaíodh ag coimeád taifead.
Tá muid ag tógáil níos mó tithe sóisialta ná mar a tógadh in aon bhliain eile ó 1975 i leith. Sa dara ráithe den bhliain, cheadaigh muid maoiniú €100 milliún chun níos mó ná 800 teach sóisialta agus inacmhainne a thógáil ar Bhóthar Oscair Mhic Thréinir, Baile Átha Cliath, fuair muid cead pleanála do níos mó ná 2,500 teach atá le tógáil ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún ar Thailte Stáit agus leithdháil muid maoiniú €60 milliún do níos mó ná 1,000 árasán do mhic léinn.
Inniu tá ciste €150 milliún á fhógairt againn chun beocht a chur i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. Cuireann an tionscnamh seo leis na gníomhartha atá ar bun againn cheana féin. Déanann sé ciall díriú ar thithe tréigthe agus folmha. Tá cumas ar leith ag an tionscnamh seo beocht a chur i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha na hÉireann. Agus leis an gciste seo, anois tá sraith chuimsitheach beart i bhfeidhm againn lena chinntiú go bhfuil gach duine – ceannaitheoirí aonair, forbróirí agus údaráis áitiúla – spreagtha chun maoine atá as úsáid a thabhairt ar ais in úsáid.”
Is éard a dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“I dtaca le cúrsaí tithíochta, is é soláthar, soláthar, soláthar an freagra, agus tá níos mó soláthair de gach cineál tithíochta ag teastáil uainn. In ainneoin na ndúshlán, tá muid ag déanamh an-dul chun cinn faoi Thithíocht do Chách agus tá níos mó tithe sóisialta, inacmhainne agus cíosa costais á dtógáil againn.
Chun an soláthar tithe nua a mhéadú tuilleadh, tá lucht saothair láidir ag teastáil uainn agus tá Plean Gníomhaithe nua forbartha againn chun an tógáil a chur chun cinn mar ghairm bheatha tharraingteach do dhaoine óga agus lena chinntiú go mbeidh níos mó cumais agus acmhainní san earnáil tógála.
Is éard a dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:
“Má bhaintear leas as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála, tá sé de chumas aige sin feabhas suntasach a chur ar tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht na hearnála tógála agus costais a laghdú ag an am céanna freisin. Is ionann an ‘Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta’ agus tionscnamh ollmhór claochlaitheach nuálaíochta san earnáil phoiblí le go mbeifear in ann soláthar tithe nua a mhéadú trí úsáid a bhaint Modhanna Nua-Aimseartha Tógála. Cuirfidh sé sin le haschuir an Ghrúpa Oibre maidir le hAdhmad i dTionscal na Tógála atá le teacht go luath le go mbeidh muid in ann tithíocht inbhuanaithe a thógáil ar chostas níos ísle trí úsáid a bhaint as ábhar a fhástar sa bhaile.
Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD freisin: “Inniu tá ciste imrothlach €150m á fhógairt againn chun aghaidh a thabhairt go sonrach ar thithe atá folamh go fadtréimhseach agus ar thithe tréigthe laistigh de bhailte agus cathracha. Leis an gciste sin, cuideofar leis an gcroílár uirbeach atá ag go leor pobal a athneartú, cuirfear níos mó tithe ar fáil in áiteanna le go mbeidh daoine in ann a bheith ina gcónaí in aice le seirbhísí áitiúla, áiseanna, agus fostaíocht agus go deimhin tá sé de chumas ag an gciste seo athrú mór a dhéanamh.
Dúirt an Rialtas go seasta go mbainfidh muid leas as gach uirlis atá againn le dul i ngleic leis na dúshláin tithíochta atá againn agus sin go díreach atá á dhéanamh againn. Tríd an gciste seo, beidh muid níos tapa ag tabhairt foirgnimh fholmha agus thréigthe ar ais le húsáid thairbheach a bhaint astu mar thithe nua do dhaoine.”
Is éard a dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris TD: “Chun dlús a chur le tógáil chónaithe, is fúinne atá sé a chinntiú go gcuirfidh muid cúrsaí agus cláir oiliúna ar fáil chun freastal ar éilimh, rud a chuireann daoine cumasacha sároilte, éagsúla agus saibhre ar fáil. Tá réimsí amhail Modhanna Nua-Aimseartha Tógála á gcur chun cinn agus á dtabhairt chun tosaigh, agus tá ár lucht saothair ag forbairt scileanna agus eolais maidir le tuiscint ar chúrsaí comhshaoil agus inbhuanaitheachta. D’fhógair mé an tseachtain seo caite gur fhorbair agus nuachóirigh an Campas Náisiúnta Oiliúna Tógála in Mount Lucas réimse clár nua tógála chun soláthar a fheabhsú tuilleadh.”
Is éard a dúirt an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Simon Coveney TD:
“Inniu tá ‘Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta’ á fhoilsiú againn. Léirítear sa treochlár sin tiomantas an Rialtais le teacht ar na modhanna tógála is forbartha chun tithíocht nua a chur ar fáil ar bhealach níos éifeachtúla, níos inbhuanaithe agus le hinacmhainneacht fheabhsaithe. Táim ag súil le hobair a dhéanamh ar fud an Rialtais agus ar fud thionscal na tógála chun an t-éiceachóras a fhorbairt le go mbeidh Modhanna Nua-Aimseartha Tógála faoi bhláth.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
R2 2023 An méid atá bainte amach
Is éard is bun agus barr an phlean, Tithíocht do Chách, ná an soláthar tithe a bhfuil géarghá leis a mhéadú. Le linn R2 2023, tá an dul chun cinn seo a leanas déanta againn i leith na haidhme sin:
Leithdháiltí an Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach
An t-údarás áitiúil | Leithdháileadh Maoinithe | |
Carlow County Council | €1,500,000 | |
Cavan County Council | €3,500,000 | |
Clare County Council | €2,500,000 | |
Cork City Council | €6,000,000 | |
Cork County Council | €5,000,000 | |
Donegal County Council | €4,000,000 | |
Dublin City Council | €10,000,000 | |
Dun Laoghaire – Rathdown County Council | €6,000,000 | |
Fingal County Council | €7,000,000 | |
Galway City Council | €3,000,000 | |
Galway County Council | €2,000,000 | |
Kerry County Council | €2,500,000 | |
Kildare County Council | €4,000, 000 | |
Kilkenny County Council | €6,000,000 | |
Laois County Council | €2,000,000 | |
Leitrim County Council | €1,000,000 | |
Limerick County Council | €9,000,000 | |
Longford County Council | €1,500,000 | |
Louth County Council | €7,000,000 | |
Mayo County Council | €2,000,000 | |
Meath County Council | €6,500,000 | |
Monaghan County Council | €1,500,000 | |
Offaly County Council | €2,000,000 | |
Roscommon County Council | €1,000,000 | |
Sligo County Council | €2,000,000 | |
South County Dublin Council | €6,000,000 | |
Tipperary County Council | €5,000,000 | |
Waterford City and County Council | €9,000,000 | |
Westmeath County Council | €2,500,000 | |
Wexford County Council | €6,500,000 | |
Wicklow County Council | €2,500,000 |
Tithíocht do Chách
• Is plean tithíochta an Rialtais d’Éirinn suas go dtí an bhliain 2030 é ‘Tithíocht do Chách’. Is féidir é a léamh ag www.gov.ie/housingforall. Is é cuspóir iomlán an phlean ná: ‘Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach duine sa Stát ar theach le ceannach nó le fáil ar cíos a bhfuil costas inacmhainne air, atá tógtha ar ardchaighdeán agus atá tógtha san áit cheart agus a chuirfeadh caighdeán ard saoil ar fáil.’
• Is féidir Tithíocht do Chách - Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn R4 2023 agus Tuarascáil Ráithiúil ar Staidreamh a léamh anseo
• Is féidir an Treochlár chun Leas Níos Mó a bhaint as Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Sóisialta a léamh anseo
• Is féidir an Treoir Thosaigh ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála a léamh anseo