‘Bí SunSmart!’ 2023 fógartha ag an Aire Sláinte Phoiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí Comórtas Ealaíne do Leanaí.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniú d'fháiltigh an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton, roimh sheoladh Bí SunSmart! Comórtas Ealaíne do Leanaí.
Is tionscnamh de chuid Éire na Sláinte é seo atá á reáchtáil i gcomhar le Clár Náisiúnta Rialaithe Ailse (NCCP) FSS, agus tá cead ag gach leanbh bunscoile cur isteach ar an gcomórtas.
Ag brath ar a gcatagóir aoise, tabharfar cuireadh do leanaí na bileoga dathúcháin SunSmart a líonadh nó pictiúr dá gcuid féin a tharraingt a léiríonn conas a bheith SunSmart.
Is é atá mar aidhm leis an gcomórtas eolas a roinnt le daoine óga maidir leis an tábhacht a bhaineann lena gcraiceann a chosaint nuair a bhíonn siad amuigh faoin aer.
Tá leanaí agus daoine óga go háirithe leochaileach d'éifeachtaí damáisteacha ghathanna ultraivialait (UV) na gréine.
Is féidir an craiceann a chosaint, áfach, trí aird a thabhairt ar na '5 Leid' seo a leanas. Ba cheart an iompraíocht chosantach shimplí seo a chleachtadh gach lá, go háirithe idir Aibreán agus Meán Fómhair nuair atá déine na radaíochta UV ag an leibhéal is airde, fiú amháin nuair a bhíonn sé scamallach.
Seo a leanas '5 Leid' SunSmart:
Caith éadaí a chlúdaíonn an oiread de do chraiceann agus is féidir, muinchillí fada, t-léinte le cábaí;
Smear ort an t-uachtar gréine speictream-leathan (UVA/UVB) ina bhfuil fachtóir cosanta gréine (SPF) de 30+, ar a laghad, do dhaoine fásta agus 50+ do leanaí, le cosaint ard UVA, agus atá uiscefhriotaíoch. Cuir uachtar gréine ort go rialta;
Caith hata ar a bhfuil duilleog leathan: Cosain d’aghaidh, do chluasa agus do mhuineál.
Lorg scáth: Suigh faoi chlúdach na gcrann chun solas díreach na gréine a sheachaint agus úsáid scáth gréine ar do bhugaí nó pram. Coinnigh naíonáin agus leanaí amach as solas díreach na gréine.
Caith spéaclaí gréine chun do shúile a chosaint.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Naughton le linn di an comórtas a fhógairt:
“Tá sé tábhachtach ar mhaithe lenár sláinte agus folláine am a chaitheamh amuigh faoin aer, i gcás daoine óga go háirithe. Trí 5 Leid fheachtas SunSmart a leanúint, is féidir le leanaí a gcraiceann a chosaint fad is atá siad taobh amuigh ag spraoi.
“Cúis áthais dom a fhógairt go bhfuilimid anois ag glacadh le hiarratais do Chomórtas Ealaíne Bí SunSmart! agus táim ag súil go mór leis na torthaí a fheiceáil.
“Ó tharla an oiread sin buanna, samhlaíochta agus cruthaitheachta a bheith ag daoine óga tá mé ag súil go mór le tuiscint na leanaí ar iompraíocht SunSmart a fheiceáil sna pictiúir.