Fógraíonn an tAire Foley foilsiú Ghnásanna Bí Cineálta chun Iompraíocht bhulaíochta a Chosc agus Dul i nGleic léi do Bhunscoileanna agus d’Iar-bhunscoileanna
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, sheol an tAire Oideachais, Norma Foley TD, ‘Gnásanna Bí Cineálta chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna agus do scoileanna speisialta’.
Rinneadh na gnásanna ‘Bí Cineálta’ seo a fhorbairt i gcomhar leis na comhpháirtithe oideachais agus tá siad go mór faoi threoir ag tuairimí leanaí agus daoine óga, tuismitheoirí, foirne scoile, bhaill na mbord bainistíochta agus an phobail oideachais i gcoitinne.
Tá gnásanna ‘Bí Cineálta’ bunaithe ar chur chuige atá dírithe ar chearta an linbh agus tacaíonn siad le cur chuige i gcomhar, áit a n-oibríonn baill uile phobal na scoile le chéile chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Tá uasdátú déanta ar na gnásanna chun bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, agus ciapadh gnéasach a chur san áireamh. Tacaíonn siad le scoileanna chun straitéisí soiléire a fhorbairt chun na hiompraíochtaí bulaíochta sin a chosc agus dul i ngleic leo.
Tá na gnásanna nua tagtha ar an bhfód mar thoradh ar athbhreithniú ar ‘ghnásanna Frithbhulaíochta do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna’ 2013. Is mír shuaitheanta atá ansin in ‘Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht.’
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá eispéaras scoile atá sábháilte, áthasach agus ionchuimsitheach tuillte ag gach leanbh. Is eol dúinn gur féidir leis an mbulaíocht a n-áthas agus a sonas a sciobadh ó leanbh nó ó dhuine óg agus gur féidir léi díobháil shuntasach a dhéanamh dóibh. Cuirfidh na gnásanna nua seo acmhainní agus treoir luachmhar ar fáil do scoileanna chun tacú le scoláirí agus chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi.”
Tacóidh sraith d'acmhainní foghlama gairmiúla agus de sheisiúin eolais d'fhoirne scoile, do bhaill na mbord bainistíochta agus do thuismitheoirí le feidhmiú na ngnásanna seo. Cuirfear eolas mionsonraithe fúthu sin ar fáil go luath i mí Mheán Fómhair 2024.
I measc na ngnásanna nua tá siad seo a leanas:
Mar thoradh ar an bhfás atá tagtha ar úsáid teicneolaíochtaí amhail fóin chliste, ríomhairí glúine, táibléid agus gléasanna digiteacha eile tá breis leanaí i mbaol ón gcibearbhulaíocht. Soiléirítear sna gnásanna nach féidir le scoileanna a bheith freagrach as cibearbhulaíocht i ndiaidh uaireanta scoile – ach is féidir leo gníomhú agus ní mór dóibh gníomhú nuair a leantar ar aghaidh leis an iompraíocht bhulaíochta sin sa seomra ranga agus ar thailte na scoile.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá an méadú as cuimse atá tagtha ar chumhacht na teicneolaíochta tar éis rochtain a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga ar fhlúirse eolais, rud a dhéanann an fhoghlaim suimiúil agus éifeachtach. Mar sin féin, ní mór dúinn a aithint gur féidir an teicneolaíocht a úsáid freisin mar uirlis chun daoine a ghortú agus a chrá. Dá bhrí sin, glacfaimid leis na gnéithe dearfacha a bhaineann leis an teicneolaíocht ach ar aon dul leis sin is gá dúinn sinn féin agus ár leanaí a chosaint ar na tionchair dhiúltacha.”
Dúirt an tAire Foley gur forbraíodh na gnásanna nua i ndiaidh plé as cuimse agus gur tugadh breis agus 4,600 freagra ar cheistneoir poiblí agus go ndeachthas i mbun plé leis na comhpháirtithe oideachais go léir agus le breis agus 170 leanbh agus duine óg.
“Tugaim aitheantas don obair mhór atá á déanamh ar fud ár scoileanna chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi gach lá. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na comhpháirtithe oideachais as an gcur chuige i gcomhar atá glactha acu chun na gnásanna seo a fhorbairt. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh le gach duine a chuir ionchur ar fáil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin: ceannairí scoile, foirne scoile, tuismitheoirí, baill na mbord bainistíochta agus go háirithe leanaí agus daoine óga. Is mian liom buíochas speisialta a ghlacadh leis na scoláirí ó Phobalscoileanna Chionn tSáile, Phort Mearnóg agus Phort Omna agus ó Scoil Náisiúnta Naomh Ciarán, Béal Linne, Baile Átha Luain, a dhear an polasaí ‘Bí Cineálta’ atá oiriúnach do scoláirí.”
Tá an mana ‘Bí Cineálta’ mar thaca leis na gnásanna seo agus leis an gcur chuige chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi. Tá bratach Cineáltas, a thugann aitheantas don dea-obair atá á déanamh ag scoileanna cheana féin chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi, scaipthe ar gach bunscoil agus ar gach iar-bhunscoil sa tír. Tá ócáid seóthaispeántais Cineáltas beartaithe don 25 Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh chun deis a thabhairt do scoileanna léiriú a dhéanamh ar an méid atá déanta acu cheana féin chun Cineáltas a chur cinn ina bpobal scoile féin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Foley:
“Tá dul chun cinn mór déanta le beagán le cois bliana, ó foilsíodh an plean forfheidmithe do Cineáltas. In Cineáltas, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige oideachais uile a ghlacadh i dtaca leis an bhfadhb shochaíoch seo agus creidim gur gá dúinn a bheith dírithe i gcónaí ar gach gníomh a sholáthar nó go mbeidh an 61 gníomh curtha i bhfeidhm.”
Tá cóip de ghnásanna ‘Bí Cineálta’ ar fáil anseo ar https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/ba1ac-cinealtas-plean-gniomhaiochta-ar-an-mbulaiocht/
Iompar spriocdhírithe a dhéanann dochar, ar líne nó as líne, is ea bulaíocht. D'fhéadfadh sé gur dochar fisiciúil, sóisialta agus/nó mothúchánach a bheadh i gceist. Leanann iompraíocht bhulaíochta ar aghaidh thar thréimhse ama agus bíonn neamhchothroime cumhachta i gceist ann sa chaidreamh idir beirt daoine nó grúpaí daoine sa tsochaí.
Ar an 1 Nollaig 2022 Foilsíodh ‘Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht’. Is é Cineáltas cur chuige oideachais uile na Roinne chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi i scoileanna. Tá Cineáltas dírithe ar bhulaíocht, cibearbhulaíocht, bulaíocht chiníoch, bulaíocht maidir le féiniúlacht inscne agus ciapadh gnéasach, i measc réimsí eile, a chosc agus dul i ngleic leo i scoileanna.
Tá sé dírithe ar chur chuige atá bunaithe ar chearta an linbh agus soláthraíonn sé fís chomhchoiteann agus treochlár soiléir maidir leis an mbealach ar féidir le pobal uile an oideachais agus leis an tsochaí oibriú i gcomhar chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi inár scoileanna. Cuimsíonn Cineáltas gach ceann de na naoi gcinn de chomhpháirteanna atá sa Chur Chuige Oideachais Uile de chuid EOECNA chun bulaíocht a chosc agus dul i ngleic léi.
Foilsíodh plean forfheidhmithe do Cineáltas ar an 10 Aibreán 2023 agus tá sé tiomanta do gach ceann den 61 gníomhaíocht atá in Cineáltas a fhorfheidhmiú laistigh de thréimhse cúig bliana.
Tá Grúpa Forfheidhmithe agus Measúnachta bunaithe chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na ngníomhaíochtaí agus ar fhoilsiú na dtuarascálacha bliantúla ar fhorfheidhmiú agus ar mheasúnacht a gcuirfidh aiseolas ó leanaí agus ó dhaoine óga, tuismitheoirí, foirne scoile, comhpháirtithe oideachais, príomhpháirtithe leasmhara agus gníomhaireachtaí ábhartha bonn eolais fúthu. Táthar ag súil go bhfoilseofar an chéad tuarascáil ar fhorfheidhmiú agus measúnacht sna míonna seo amach romhainn.
Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an 61 gníomhaíocht atá in Cineáltas. Faoi Cineáltas, tá clár de thacaíochtaí comhairleoireachta á reáchtáil againn ar bhonn píolótach do bhunscoileanna, tá Aonad um Rannpháirtíocht Scoláirí bunaithe againn sa Roinn, tá samhail chigireachta forbartha againn chun an fholláine a chur chun cinn i scoileanna agus tá acmhainní oiliúna á bhforbairt againn chun cuidiú le scoileanna iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi.
Tugadh bratach Cineáltas do gach scoil mar shiombail chun an tábhacht a bhaineann le cineáltas, meas, comhionannas agus ionchuimsitheacht a mheabhrú do phobal uile na scoile. Tugann bratach Cineáltas aitheantas don dea-obair atá á déanamh ag scoileanna cheana féin, agus a bheidh á déanamh acu chun iompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi agus chun comhionannas, ionchuimsitheacht, éagsúlacht agus folláine a chur chun cinn. Tá ócáid seóthaispeántais Cineáltas beartaithe don 25 Meán Fómhair i bPáirc an Chrócaigh. Tabharfaidh an ócáid deis do scoileanna léiriú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu cheana féin chun Cineáltas a chur chun cinn ina bpobal scoile féin agus an tionchar a bhí aige ar shaol a scoile. Chomh maith leis sin, tugadh cuireadh do scoileanna daoine aonair nó grúpaí a ainmniú a chuir go mór le hiompraíocht bhulaíochta a chosc agus dul i ngleic léi agus a chuir comhionannas, ionchuimisitheacht, éagsúlacht agus folláine chun cinn ina bpobal scoile féin de bharr a gceannaireachta pearsanta, a gcuid rannpháirtíochta nó a gcuid éachtaí. Níl iontu sin ach cuid de mhórán gníomhaíochtaí a rinneadh faoi Cineáltas.
Chun tuilleadh eolais a fháil féach ‘Cineáltas: Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht’ https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/ba1ac-cinealtas-plean-gniomhaiochta-ar-an-mbulaiocht/