Buaileann an tAire Carroll MacNeill le Comhair Chreidmheasa Luimnigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug an Dr Jennifer Carroll MacNeill, Aire Stáit ag an Roinn Airgeadais, cuairt ar Luimneach inniu chun bualadh le seacht gComhar Creidmheasa áitiúla mar chuid den tsraith réamhghníomhach cruinnithe leis an earnáil atá á tionól aici ar fud na tíre.
Chuaigh ionadaithe tofa poiblí údaráis áitiúil i bpáirt leis an Aire Carroll MacNeill, ar a bhfuil freagracht as Seirbhísí Airgeadais, Comhair Chreidmheasa agus Árachas, ag díospóireacht comhchéime ar óstáil Comhar Creidmheasa Luimnigh agus na Dúiche é ag a bhrainse ar Shráid Liam.
Stiúir an tAire sraith cruinnithe le Conradh na hÉireann de Chomhair Chreidmheasa, leis an gCumann Forbartha Comhar Creidmheasa, leis an gCumann Bainisteoirí Comhar Creidmheasa agus leis an bhFóram Náisiúnta Maoirseoirí thar na trí mhí seo a chuaigh thart.
Bhuail sí freisin le roinnt Comhar Creidmheasa aonair ó gach cuid d’Éirinn atá ag iarraidh athruithe a fheiceáil agus atá ag iarraidh go mbainfidh Comhair Chreidmheasa barr a gcumais amach.
Ag teacht sna sála ar an gcruinniú i Luimneach, dúirt an tAire Jennifer Carroll MacNeill:
“Tá traidisiún fada bródúil ag comhair chreidmheasa i Luimneach, agus bhí lúcháir orm bualadh le stiúrthóirí deonacha, le bainisteoirí agus le baill foirne a bhfuil baint acu leis an ngluaiseacht inniu.
“Is am corraitheach é seo do Chomhair Chreidmheasa i Luimneach. Bíonn seirbhísí airgeadais ag athrú de shíor, mar is féidir a fheiceáil san fhás tapa ar an teicneolaíocht airgeadais agus ar an mbaincéireacht dhigiteach. Tá deis iontach ag comhair chreidmheasa leas a bhaint as an teicneolaíocht nua chun a mballraíocht a leathnú agus chun seirbhísí iasachta agus seirbhísí airgeadais eile a fhás.
“Beart suntasach do Chomhair Chreidmheasa ar fud na tíre is ea an Bille um Chomhar Creidmheasa (Leasú) atá á chur ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais faoi láthair. Tá sé mar aidhm ag an rialtas seo reachtaíocht chumasúcháin a thabhairt isteach lena ndéanfar socrú do bhaill a tharchur agus do Chomhair Chreidmheasa chorparáideacha a bhunú. Ar an tslí sin, cabhrófar leis an earnáil a dhéanamh slán i bhfad na haimsire do na blianta atá romhainn.
“Táim ag déanamh breithniú ar leasuithe ar an mBille sin faoi láthair, ar leasuithe iad ina dtabharfar aird ar an aiseolas a fuarthas ó na geallsealbhóirí éagsúla agus a rachaidh chun tairbhe go díreach do Chomhair Chreidmheasa agus dá mbaill araon. Thug an díospóireacht a bhí agam i Luimneach inniu misneach dom agus táim ag tnúth le leanúint leis an teagmháil sin le linn an ama a chaithfidh mé mar Aire Stáit.”
Is iad seo a leanas na comhair chreidmheasa a bhí i láthair inniu: