Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 2 Lúnasa 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.
Tá 1,763 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 1 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 53 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 26,162 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Sainaithníodh foinse an tarchuir i gcás breise agus 90% de na cásanna a tugadh le fios inniu. Dul chun cinn dearfach é seo nuair a chuirtear san áireamh an méid cásanna a tugadh le fios le cúpla lá anuas.
“Ach is é an meánlíon cásanna a tugadh le fios le cúig lá anuas 47. Caithfimid go léir leanúint le meon coiscthe a glacadh agus leanúint le roghanna maithe a dhéanamh chun sinn féin agus daoine eile a chosaint fad a dhéanaimid iarracht maireachtáil go sábháilte agus COVID-19 inár measc.
“Tá daoine soghabhálach go fóill, agus níl athrú tagtha ar an víreas seo. Is eol dúinn conas slabhraí an tarchuir a ghearradh. Leanaimis orainn trí fhad fisiciúil a choimeád amach ó dhaoine eile, ár lámha a ní go rialta, clúdach aghaidhe a chaitheamh, nuair is cuí, sluaite a sheachaint agus gach rud a dhéanamh is féidir linn chun a chéile a chosaint.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd: