Deimhnithe ag an Aire Creed go bhfuil 129,000 iarratas faighte ar líne ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD inniu go bhfuil iarratas déanta ar líne ag 129,000 feirmeoir ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí (BPS) 2019 roimh an spriocdháta an 15 Bealtaine. Tá an figiúr seo ag teacht le líon na n-iarratas a rinneadh sna blianta roimhe seo. Chomh maith leis sin, fuarthas breis agus 21,140 iarratas ar líne ar Aistriú Teidlíochtaí roimh an spriocdháta an 15 Bealtaine.
Dúirt an tAire:
"Táim an-sásta a dheimhniú gur ar líne arís a rinne feirmeoirí iarratais ar an BPS i mbliana. Rinne mo Roinn iarracht mhór chun cuidiú le feirmeoirí na hiarratais a dhéanamh ar líne agus d'éirigh leis. Cuireann na figiúirí seo le beart na bliana seo caite inar aistríodh chuig iarratais ar fad a bheith ar líne - aistriú ar éirigh leis."
Sa chás go bhfuil iarratas ar líne déanta ag feirmeoir ar an BPS ach gur mian leis leasú a dhéanamh, is féidir leasuithe dá leithéid a dhéanamh ag www.agfood.ie suas go dtí meán oíche Déardaoin an 31 Bealtaine gan pionós a ghearradh air. Faigheann an Roinn iarratais dhéanacha gach bliain ar an BPS. Mar gheall air sin tá tréimhse féilire 25 lá ann i ndiaidh an spriocdháta an 15 Bealtaine chun glacadh le hiarratais dhéanacha agus le haon cháipéisíocht tacaíochta atá riachtanach. Beidh asbhaintí 1% in aghaidh an lae i gceist i ndáil le híocaíochtaí BPS áfach, maidir le hiarratais dhéanacha a fhaightear le linn na tréimhse seo.
Dúirt an tAire:
"Táim sásta a fhógairt chomh maith, sa chás nach mbeidh dóthain talún ag feirmeoir chun a chuid teidlíochtaí ar fad a úsáid mar thoradh ar athrú a dhéanamh ar iarratas BPS ar líne go mbeidh deis aige iarratas maidir le hAistriú Teidlíochtaí a chur ar aghaidh suas go dtí meán oíche an 31 Bealtaine."
Cuirtear é seo ar fáil d'fheirmeoirí atá in ann a chruthú go ndearna siad athrú ar an iarratas BPS roimh an 31 Bealtaine agus go bhfuil an t-athrú sin ina chúis dhíreach ar aistriú teidlíochtaí a bheith de dhíth.
Dúirt an tAire ar deireadh:
"Leanfaidh mo Roinn ag obair lena chinntiú go n-íocfar tacaíochtaí airgeadais tábhachtacha ar nós an BPS d'fheirmeoirí ar an mbealach is éifeachtúla agus is féidir."
CRÍOCH