Fógraíonn an tAire O’Brien agus an tAire Dillon athchóirithe tar éis athbhreithniú ar na Deontais Oiriúnaithe Tithíochta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• Méadú os cionn 30% ar theorainneacha deontas agus méadú 25% ar thairseacha ioncaim le tabhairt isteach, rud a chiallaíonn go mbeidh níos mó daoine incháilithe anois le haghaidh deontais feabhsaithe
D’fhógair An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála, Alan Dillon TD agus an tAire Stáit Oidhreachta, Malcolm Noonan TD inniu (26 Meán Fómhair 2024) inniu go raibh sé ar intinn acu teorainneacha deontas a mhéadú faoi bhreis agus 30% agus na tairseacha ioncaim faoi 25% dóibh siúd a chuireann isteach ar thacaíocht faoin Scéim Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Tagann na hathruithe atá beartaithe i ndiaidh fhoilsiú na Tuarascála inniu ar an Athbhreithniú ar an Scéim Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas a mholann leasuithe a dhéanamh ar na scéimeanna. Go háirithe, moltar san athbhreithniú méadú níos mó ná 30% ar theorainneacha deontais agus méadú 25% ar na tairseacha ioncaim. Moltar sa tuarascáil freisin go ndéanfaí an chomhroinnt ualaigh d’údaráis áitiúla a choigeartú trí ranníocaíocht maoinithe an údaráis áitiúil a laghdú go 15% (ón 20% atá ann cheana féin) mar aon le roinnt leasuithe ar an tástáil acmhainne.
Rachaidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar aghaidh anois le moltaí an athbhreithnithe a chur chun feidhme trí ionstraim reachtúil a thabhairt ar aghaidh, chomh práinneach agus is féidir, le haghaidh breithniú agus síniú an Aire agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe agus é mar aidhm scéim athbhreithnithe a thabhairt isteach i Ráithe 1 de 2025.
Dúirt an tAire O’Brien inniu:
“Tacaím go hiomlán le moltaí an athbhreithnithe thábhachtaigh seo a mbeidh fíorthionchar dearfach acu ar shaol daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas. Ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm tá maoiniú na ndeontas seo méadaithe níos mó ná 27% ó €73M in 2020 go dtí níos mó ná €93M in 2024. Cinnteoidh an t-athbhreithniú seo, an chéad cheann le breis agus deich mbliana, go mbeidh níos mó daoine fós i dteideal iarratas a dhéanamh. Tabharfaidh na deontais seo go leor teaghlach agus daoine aonair slán – rud a chiallaíonn gur féidir leo maireachtáil go neamhspleách, i gcompord a bpobail féin, chomh fada agus is féidir.”
Leag an tAire Dillon béim air seo:
“Feabhsóidh na hathruithe a fógraíodh inniu, tar éis mholtaí an athbhreithnithe, saol go leor de na daoine is leochailí inár sochaí chun gur féidir leo saol níos faide agus níos neamhspleáiche a chaitheamh. Mar Aire Stáit a bhfuil freagracht orm as tithíocht do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, táim go hiomlán tiomanta do thacú le daoine aonair fanacht sa bhaile agus laistigh dá gcuid pobail féin chomh fada agus is féidir. Tabharfaidh an Tuarascáil Athbhreithnithe a foilsíodh inniu, eolas do na hathruithe is gá chun an sprioc seo a éascú do go leor dár saoránaigh agus leathnóidh sí an méid tacaíochta is féidir linn a thabhairt dóibh siúd is mó a bhfuil sé de dhíth orthu i bpobail ar fud na tíre.”
Lean an tAire Noonan leis seo a leanas:
“Tá an-áthas orm inniu fáilte a chur roimh na hathruithe seo mar léiriú soiléir ar thiomantas an Rialtais seo don scéim seo mar go bhfuil na deontais seo chomh tábhachtach chun cabhrú le daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas ina saol laethúil. Bíonn tionchar chomh dearfach ag na deontais seo ar shaol sa bhaile na dtairbhithe agus tá ról ríthábhachtach acu maidir le cabhrú le daoine faoi mhíchumas agus le daoine scothaosta leanúint ar aghaidh ag maireachtáil go neamhspleách ina dtithe féin. Ciallaíonn na leasuithe ar na tairseacha ioncaim go mbeidh níos mó daoine i dteideal iarratas a dhéanamh ar na deontais, agus cuirfidh an t-ardú ar na leibhéil uasta deontais tacaíocht airgeadais fheabhsaithe ar fáil do theaghlaigh incháilithe.”
Cabhraíonn Deontais Oiriúnaithe Tithíochta leis na hoiriúnuithe riachtanacha, le deisiúcháin nó le hoibreacha feabhsúcháin chun an chóiríocht a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a thacaíonn leo cónaí ina dtithe. Áirítear trí dheontas ar leith sa scéim Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas, is iad sin an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, Deontas na nÁiseanna Soghluaisteachta agus an Deontas Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta.
Íocadh os cionn 13,000 deontas in 2023. Ó seoladh an scéim i mí na Samhna 2007, tá méadú suntasach ar leibhéil ghníomhaíochta fós ag údaráis áitiúla agus os cionn 150,000 deontas á n-íoc le daoine scothaosta agus le daoine faoi mhíchumas. D’éascaigh sé sin do na hiarratasóirí sin fanacht ina dtithe agus ina bpobail féin, agus i gcuid mhór cásanna chuir sé cosc ar iontráil roimh am chuig cúram cónaithe.
Nótaí don Eagarthóir
Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar na Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas
Is iad na príomh-mholtaí ná:
(i) Na teorainneacha deontais a ardú faoi níos mó ná 30% agus na tairseacha ioncaim a ardú faoi 25%, rud a chinntíonn arduithe molta mar atá sa doiciméad seo:
Increased grant limits and income thresholds following review of the Housing Adaptation Grants for Older People and People with a Disability – September 2024
Teorainneacha méadaithe deontais agus tairseacha ioncaim tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas – mí Mheán Fómhair 2024
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Féach ar an gcomhad Féach
(ii) An tástáil acmhainne a leasú lena n-áirítear:
• Filleann ioncam teaghlaigh ar shainmhíniú 2007 – measúnú a dhéanamh ar an úinéir tí agus a c(h)éile i dtithíocht úinéir-áitithe amháin, agus an tionónta agus a c(h)éile i dtithíocht phríobháideach ar cíos.
• Measúnú ar thuilleamh na bliana reatha i gcúinsí eisceachtúla
• Méadú ar an asbhaint do leanaí (€5,000 go €6,250)
• Méadú ar an asbhaint do chúramóirí lánaimseartha (€5,000 go €6,250)
• Tabhairt isteach Asbhainte le haghaidh Costais Morgáiste/Cíosa Tithíochta (suas le €6,250)
• Tabhairt isteach Asbhainte le haghaidh táillí Cúraim Chónaithe (suas le €12,500)
• Tabhairt isteach Asbhainte le haghaidh Costas Cúraim sa Bhaile (suas le €12,500 nó €6,250 má éilítear Asbhaint cúramóra lánaimseartha)
(iii) Socruithe comhroinnte ualaigh le húdaráis áitiúla a leasú chun ranníocaíocht an údaráis áitiúil a laghdú go 15% (síos ón ranníocaíocht reatha 20%) agus ranníocaíocht an Státchiste a mhéadú go 85% (suas ón ranníocaíocht reatha 80%).
(iv) I measc na moltaí ilghnéitheacha eile tá:
• Grúpa oibre a bheidh sainiúil ó thaobh ama de a bhunú leis na hEagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas (EDManna), brateagraíochtaí agus Údaráis Áitiúla a bhfuil ionadaíocht acu chun an próiseas iarratais a fheabhsú tuilleadh.
• Iniúchadh a dhéanamh ar an gcumas chun bogadh i dtreo próiseas iarratais ar líne.
• Ceardlanna a dhéanamh le húdaráis áitiúla ar aon Rialacháin, Treoir nó Ciorcláin nua i gcomhthéacs nuashonruithe agus athbhreithnithe ar na scéimeanna. Mar chuid den chumarsáid ar Threoir, smaoinigh ar dhoiciméid teimpléid bhreise.
• Tacú le húdaráis áitiúla chun an rogha a sholáthar maidir le próiseas céimnithe íocaíochta deontais.
• Soláthróidh an Roinn treoir nuashonraithe d’údaráis áitiúla ar theicneolaíochtaí cúnta oiriúnaithe tithíochta a bhaineann le daingneáin agus feistis réadmhaoine a cháilíonn laistigh de na scéimeanna i bhfianaise nádúr athraitheach na teicneolaíochta sin.