Minister Zappone initiates review and consultation in respect of the potential introduction of open or semi-open adoption in Ireland ga
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d'fhógair Dr Katherine Zappone TD, an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, gur chuir sí tús ar an Aoine seo caite le hathbhreithniú agus comhairliúchán maidir le huchtú oscailte nó leathoscailte, a d’fhéadfaí a thabhairt isteach in Éirinn.
Agus í ag glacadh leis an leasú sa Seanad ar an Acht Uchtála (Leasaithe) 2017 chun an obair seo a dhéanamh, dúirt an tAire:
“Go ginearálta, ciallaíonn uchtú oscailte go bhfuil rochtain, go céimeanna éagsúla, ag na teaghlaigh bhitheolaíocha nó teaghlaigh uchtála ar fhaisnéis phearsanta a chéile agus go bhfuil rogha acu teagmháil a dhéanamh lena chéile. Beidh orainn teacht ar tuiscint níos fearr maidir le céard a chiallaíonn na téarmaí sin dúinn, áfach."
Le linn an athbhreithnithe agus an chomairliúcháin, caithfidh sé go ndéanfar na himpleachtaí a bhaineann leis an méid seo a leanas a phlé:
Beidh tionchar ag réimse leathan ceisteanna ar thorthaí an athbhreithnithe agus an comhairliúcháin seo lena n-áirítear an méid seo a leanas: na ceisteanna dlí agus bunreachtúla a bhaineann le stádas an teaghlaigh faoin mBunreacht, tionchar an reifrinn ar chearta an linbh agus reachtaíocht ar bith a bhaineann le caidrimh teaghlaigh. Déanfar plé ar thuairimí de réimse leathan páirtithe leasmhara agus de dhaoine a bhaineann uchtú leo.
Cuirfear tuarascáil ar thorthaí an athbhreithnithe faoi bhráid Thithe an Oireachtais tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis tús an athbhreithnithe, i.e. roimh Dhé hAoine 15 Samhain 2019.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
"Is é cur chuige sáraitheach mo Roinne maidir le haon athrú atá molta ar pholasaí uchtaithe ná go bhfuil muid dírithe go príomha ar leas an linbh."
CRÍOCH