Figiúirí Míosúla an Liosta Feithimh – Deireadh Fómhair 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Léiríonn na figiúirí is déanaí ón liosta feithimh ospidéil a d'fhoilsigh an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) inniu do mhí Dheireadh Fómhair an dul chun cinn atá déanta trí chur chuige an phlean gníomhaíochta ilbhliantúil chun aghaidh a thabhairt ar amanna feithimh fada le haghaidh cúraim. Taispeánann an tuarascáil ghníomhaíochta ospidéil is déanaí , a d'fhoilsigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta maidir le cúram sceidealaithe agus neamhsceidealaithe a sholáthar.
Léiríonn na figiúirí go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ó thaobh othar a bheith ag feitheamh is faide. Tá laghdú thart ar 16% tagtha ar líon iomlán na n-othar atá ag feitheamh le níos mó ná 12 mhí ón tráth seo anuraidh, agus laghdú comhfhreagrach thart ar 24% ar an líon atá ag feitheamh le níos mó ná 18 mí.
Tá feabhsuithe maidir leis an bhfad ama atá othair ag feitheamh le bheith feicthe freisin, sa dul chun cinn atá bainte amach i dtreo na spriocanna Sláintecare. Ó bhí buaicphointe na paindéime ann, tá laghdú thart ar 26% tagtha ar an líon daoine atá ag fanacht níos faide ná spriocanna Sláintecare, arb ionann é agus níos mó ná 161,000 duine.
Chabhraigh feabhsuithe leanúnacha ar liosta feithimh na Roinne Othar Seachtrach (OPD) le laghdú foriomlán ar an liosta feithimh iomlán don dara mí as a chéile.
Tá ár n-ospidéil ghéarmhíochaine ag seachadadh leibhéil níos airde gníomhaíochta agus ag cur cóir leighis ar i bhfad níos mó othar. Sa tuarascáil ghníomhaíochta rollach 12 mhí is déanaí ón ospidéal a d'fhoilsigh FSS, tugtar léargas ar leibhéil ghéarghníomhaíochta, agus déantar na milliúin othar a fheiceáil agus a chóireáil gach bliain laistigh dár seirbhís ospidéil. Leagtar amach sa tuarascáil go raibh thart ar 3.8 milliún duine ag freastal ar OPD, agus thart ar 1.9 milliún duine ag freastal ar IPDC le linn na tréimhse a chumhdaítear sa tuarascáil. I gcomparáid leis na leibhéil ghníomhaíochta a soláthraíodh sa bhliain iomlán 2022, léiríonn na figiúirí sin méaduithe de thart ar 10% do ghníomhaíocht othar seachtrach agus thart ar 11% do ghníomhaíocht othar cónaitheach agus cás lae.
Chomh maith leis an gcúram pleanáilte seo, chuir ár gcóras ospidéil cóireáil ar thart ar 1.8 milliún othar le linn na tréimhse céanna i gcúram éigeandála, rud a léiríonn méadú thart ar 8% ar an mbliain iomlán 2022 agus a léiríonn na héilimh leanúnacha ar ár n-ospidéil. In ainneoin na ndúshlán uilig, tá feabhsuithe curtha i gcrích ag ár n-ospidéil, atá ag déanamh fíordhifríochta d’othair.
Tá bearta curtha i bhfeidhm ag go leor ospidéal aonair chun a liostaí feithimh agus a n-amanna feithimh araon a laghdú go suntasach sa bhliain go dtí deireadh Mheán Fómhair.
Mar shampla, in Ospidéal na hOllscoile Corcaigh, tá laghdú 45.6% tagtha ar liosta feithimh réamaiteolaíochta OPD ó thús na bliana, le 708 othar breise feicthe. Baineadh é seo amach trí acmhainn a mhéadú trí WTEnna breise agus pacáistí iomlána cúraim a sheachadadh, lena n-áirítear comhairliúcháin tosaigh agus leantacha, diagnóisic riachtanach agus tacaíocht chliniciúil/altranais.
In Ospidéal San Séamas, tá laghdú 38.7% tagtha ar liosta feithimh do mháinliacht phlaisteach IPDC, agus tá feabhas 0.8 mí tagtha ar an meán-am feithimh. Baineadh é seo amach trí thacú le laethanta fada maidir le máinliacht agus seisiúin bhreise máinliachta ar an Satharn le foirne ildisciplíneacha i láthair, le fócas ar na hothair atá ag feitheamh an tréimhse is faide.
In Ospidéal Ollscoile Thamhlachta, trí úsáid a bhaint as réitigh ionfhoinsithe chliniciúla, tá laghdú 42.6%, tagtha ó thús na bliana ar liosta feithimh Scóp GI gaistreintreolaíochta, le 764 othar breise feicthe i mbliana.
Cé go bhfuil feabhas tagtha ar amanna feithimh agus ar an leibhéal gníomhaíochta atá á soláthar, tá an líon othar atá ag feitheamh ar liostaí ró-ard i gcónaí mar thoradh ar éileamh méadaithe agus leibhéil bhreise le liostaí feithimh atá níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair, bhí 700,739 duine ar liostaí feithimh iomlána na n-ospidéal géarmhíochaine, méadú níos lú ná 1% le bliain anuas.
Cuireadh c.181k duine leis an Liosta Feithimh i mí Dheireadh Fómhair. Baineadh c.187k duine den liosta Feithimh i mí Dheireadh Fómhair. Cé go bhfuil tionchar aige ar líon na ndaoine ar ár liostaí feithimh, tá gné dhearfach ag baint le fás ar líon na n-atreoruithe chuig ár gcóras ospidéil mar go léiríonn sé daoine ag teacht ar na seirbhísí a theastaíonn uathu, feasacht mhéadaithe ar sheirbhísí chomh maith le leathnú seirbhísí.
Cuireadh maoiniú iomlán €360 milliún ar fáil don WLAP i mbliana agus leagann an WLAP amach 19 ngníomh thar thrí théama, Acmhainn a Sheachadadh, Cúram Sceidealaithe a Athchóiriú, agus Athchóiriú Cúraim Sceidealaithe a Chumasú. Cuireann Plean 2024 leis an dul chun cinn a baineadh amach in 2021, 2022 agus 2023 mar chuid de chur chuige ilbhliantúil an WLAP.
Cinnteoidh an leibhéal maoinithe a chuirfear ar fáil do liostaí feithimh do 2025 gur féidir leanúint leis an dul chun cinn sin an bhliain seo chugainn. Tá maoiniú €420 milliún á leithdháileadh ar an WLAP do 2025, lena gcuimsítear €190 milliún do FSS agus €230 milliún don NTPF. Is ionann sin agus méadú beagnach 17% (€60 milliún) os cionn an mhaoinithe shuntasaigh €360 milliún a leithdháileadh don Phlean Gníomhaíochta i mbliana. Leis an maoiniú suntasach seo do 2025, leanfaimid orainn ag dul chun cinn, chun seirbhís cúraim sláinte phoiblí a bhaint amach, ina bhfuil rochtain thráthúil agus thrédhearcach ag gach duine ar chúram sceidealaithe atá ar ardchaighdeán, san áit agus ag an am a theastaíonn sé uathu.