Ráiteas ón Rialtas maidir leis an Úcráin
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Rialtas le chéile inniu chun an dáil thromchúiseach leanúnach de bharr chogadh mídhleathach agus mímhorálta na Rúise in aghaidh na hÚcráine a mheas, chomh maith le freagairt dhaonnúil, eacnamaíochta agus taidhleoireachta chomhordaithe na hÉireann ar an ngéarchéim.
Tá muintir na hÚcráine ag fulaingt as cuimse de bharr an chogaidh, agus fórsaí na Rúise ag díriú go leanúnach ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach.
Leanann an Rialtas, chomh maith leis an bpobal idirnáisiúnta de bheith diongbháilte ina ndlúthpháirtíocht agus ina dtacaíocht don Úcráin, agus glaonn arís ar an Rúis stop a chur láithreach leis an gcogaíocht go léir agus an Úcráin a fhágáil gan choinníoll.
Rinne an Rialtas an fhreagairt dhaonnúil leanúnach a mheas. Tá Éire ag cur €20 milliún i gcabhair dhaonnúil ar fáil, atá ag tacú leis na Náisiúin Aontaithe agus don Chros Dhearg cabhair dhaonnúil a thabhairt don Úcráin agus do thíortha lena hais chun daoine a thabhairt slán. Tá soláthairtí leighis curtha ar fáil ag an HSE trí Shásra an AE um Chosaint Shibhialta agus tá feidhm curtha le Clár Mearfhreagartha na Roinne Gnóthaí Eachtracha, trína gcuirfear daonnúlaigh a bhfuil scileanna acu ar fáil do chóras na Náisiún Aontaithe ar gearrfhógra.
I bhfianaise na gcúinsí reatha san Úcráin, tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag moladh do shaoránaigh de chuid na hÉireann dul ar foscadh in áit shábháilte, agus gan an Úcráin a fhágáil mura gceapann siad go bhfuil sé sábháilte sin a dhéanamh.
Rinne an Rialtas roinnt dúshlán a bhfuil ar an ngeilleagar aghaidh a thabhairt orthu a mheas freisin, go mór mór an tionchar ar theaghlaigh, ar ghnólachtaí, ar thalmhaíocht agus ar thionsclaíocht de bharr praghsanna fuinnimh a bheith ag ardú. Tá arduithe breise ar phraghsanna fuinnimh mar aon le luaineacht i margaí fuinnimh tarlaithe de bharr chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá sin le brath ag gach custaiméir de bharr an tionchair atá aige sin ar na harduithe sa phraghas miondíola. Is ábhar imní ar leith é don Rialtas an tionchar atá aige sin ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus leanfaidh an Rialtas de scrúdú a dhéanamh ar na bearta a d’fhéadfaí a ghlacadh chun tionchar ardú na bpraghsanna fuinnimh a bhainistiú.
D’aontaigh an Rialtas pacáiste idirghabhála spriocdhírithe ar fiú €12.2 milliún é d’earnáil na curaíochta mar fhreagairt ar an tionchar atá ag an ngéarchéim san Úcráin ar fheirmeoireacht. Tacóidh an pacáiste le níos mó arbhair dhúchasaigh agus barr próitéine chomh maith le níos mó barr nach dteastaíonn an oiread sin leasachán ceimiceach uathu a tháirgeadh, a chuirfidh leis an easnamh a bhfuiltear ag súil leis sna barra sin agus a chuideoidh le feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le infhaighteacht agus le praghas bia ainmhithe agus leasachán.
Chomh maith leis sin, rinne an Rialtas an obair mhór atá ar bun ar fud na hearnála poiblí chun freagairt dhaonnúil a chur ar fáil do na mílte daoine as an Úcráin atá ag lorg téarnaimh anseo. Is dlúthchuid den iarracht náisiúnta é tacaíocht na Croise Deirge agus go leor carthanachtaí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile. Táthar ag súil go mbeidh go leor daoine eile ag teacht go hÉirinn as an Úcráin agus go leanfaidh an Rialtas de bhorradh a chur faoin bhfreagairt dhaonnúil seo chun cóiríocht agus tacaíochtaí riachtanacha eile a chur ar fáil go sciobtha agus ag an scála a dteastaíonn siad.
Baineann dúshláin le freagairt riachtanach ar ghéarchéim ar scála dá leithéid, go mór mór i dtaobh cóiríocht leordhóthanach agus fheiliúnach a fháil do theaghlaigh as an Úcráin atá ag teacht anseo. Chomh maith le hóstáin agus cóiríocht turasóireachta seirbhísithe eile, agus ag tarraingt ar na gealltanais fhlaithiúla atá déanta tríd an gCros Dhearg, tá an Rialtas ag aithint maoine faoi úinéireacht an Stáit nó maoine Údaráis Áitiúil a d’fhéadfadh a bheith feiliúnach do riachtanais chóiríochta láithreach nó níos fadtréimhsí. Tá rannpháirtíocht leanúnach ar bun freisin le pobail reiligiúnacha agus le pobail eile chun maoine a aithint a d’fhéadfaí a úsáid.