Labhraíonn an tAire Heydon ag an gComhdháil d'Airí Talmhaíochta an Aontais Afracaigh agus an Aontais Eorpaigh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinne an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon, T.D., cathaoirleacht inniu ar sheisiún ar 'Thaighde agus Nuálaíocht maidir le beartais agus teicneolaíochtaí níos cliste' ag an gcúigiú Comhdháil d'Airí Talmhaíochta ón Aontas Afracach agus ón Aontas Eorpach a tharla ag ceanncheathrú Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe sa Róimh.
Thug an Chomhdháil, a ndearna, Coimisiún an Aontais Afracaigh agus an Coimisiún Eorpach chomhóstáil uirthi, Airí ón Afraic agus ón AE le chéile chun comhar feabhsaithe maidir le córais bhia sheasmhacha agus slabhra breisluacha agraibhia inbhuanaithe a phlé.
Agus an seisiún á oscailt aige, dúirt an tAire Heydon: “Tá infheistíochtaí sa taighde agus nuálaíocht ag teastáil chun leas a bhaint as cumas na dteicneolaíochtaí nua slándáil bia fheabhsaithe a chur ar fáil agus athrú aeráide a mhaolú. Má tá an talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus ceantair tuaithe le bheith níos táirgiúla, níos láidre agus níos inbhuanaithe, ní mór dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an taighde agus nuálaíocht oibriú as lámh a chéile chun beartais agus teicneolaíochtaí níos cliste a chur ar fáil d'fheirmeoirí, do phobail tuaithe agus do lucht déanta beartais.”
Ina dhiaidh sin, thug an tAire Heydon cur síos ar na príomhtheachtaireachtaí a bhain lena sheisiúin chuig seisiún iomlánach níos leithne den Chomhdháil, ar a raibh Josefa Sacko, Coimisinéir Talmhaíochta, Forbartha Tuaithe, an Gheilleagair Ghoirm agus Forbartha Inbhuanaithe an Aontais Afracaigh; Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir Eorpach um Talmhaíocht; agus Qu Dongyu, Ard-Stiúrthóir, Eagraíocht Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (EBT) i gceannas; agus d'fhreastail Airí Talmhaíochta ó fud fad na hAfraice agus na hEorpa air freisin.
Agus é ag ullmhú do mhisean trádála agraibhia chuig an Afraic Thiar i Meán Fómhair 2023, bhí cruinnithe déthaobhacha chomh maith ag an Aire Heydon le hionadaithe ón Nigéir agus ón tSeineagáil; agus bhí sé páirteach i gcruinniú le hArd-Stiúrthóir EBT.
Nóta d'eagarthóirí: