Léiríonn an tAire O’Donovan críoch le Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte i dteannta le Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu thug Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW), cuairt ar Chloich na Coillte chun críoch Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte a léiriú i dteannta le Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan, trí bliana tar éis don obair thógála a thosú. Ina dteannta ag searmanas i lár an bhaile bhí an Comhairleoir Joe Carroll, Cathaoirleach ar Chomhairle Bardasach Iarthair Chorcaí, comhaltaí den Chumann Gnó áitiúil agus foireann ó OPW, Mott MacDonald, comhairleoirí innealtóireachta agus Ward & Burke Ltd, conraitheoirí, a bhí freagrach as dearadh agus tógáil na scéime faoi seach.
Dúirt an tAire O’Donovan:
“Cuireann sé áthas mór orm a bheith aseo inniu chun críochnú Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte a léiriú, agus a fhios agam go bhfuil cosaintí tuile in áit anois a chuirfidh 300 áititheoir agus gnóthas ar a suaimhneas, agus iad anois saor ó phriacal tuile. Agus sinn ag tabhairt aghaidh ar athrú aeráide amach anseo, beidh Coich na Coillte faoi chosaint leanúnach ón méadú dóchúil ar thuiliú, agus ní fheicfear arís Sráid Ceannt faoi thuile mar a bhfachthas in 2012 agus 2014.
Is dóigh liom go dtuigfidh gach duine gur infheistíocht fíor-riachtanach agus tionscadal casta is ea mórscéim fhaoisimh tuilemar seo. Is gá intleachtacht, innealtóireacht, pleanáil agus acmhainní chomh maith le comhoibriú idir iliomad gníomhaireachtaí agus disciplíní, comhghéilleadh agus foighne. Le teacht le chéile na bpáirtithe leasmhara uile inniu, seacht mbliana ó thosaigh an comhairliúchán poiblí, tuigtear dúinn an méid atá bainta amach againn. Ghlac an pobal páirt ghníomhach ó thús, breathnaíodh go cúramach ar leagan amach stairiúil an bhaile le linn tógála agus bhí comhoibriú daingean leis an bhfoireann ildisciplíneach deartha chun ríocht phoiblí neartaithe a chruthú.
Cé go léirímid críochnú na scéime inniu, níl deireadh le gealltanas OPW anseo. Tá OPW geallta um chothabháil leanúnach na scéime. Beimid ag obair leis an Údarás Áitiúil, ag tacú leo agus á mhaoiniú, chun oibriú agus cothabháil na scéime a chinntiú amach anseo. Críochnófar dichh mórscéim fhaoisimh tuile i gContae Chorcaí ins na blianta atá romhainn, chomh maith le seacht scéim a críochnaiodh sa chontae ó 2003 agus 39 scéim faoi Scéim OPW Mionoibreacha um Maolú Tuile agus Cosaint Chósta ag Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí.”
Is ionann Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte agus infheistíocht €33.8m ag an Rialtas, agus aird ar chostais chotabhála amach anseo. Cuimsíonn sé cosaintí tuile ar fud lár an bhaile agus cosaintí taoide san inbhear, ardú bóithre san áireamh. Chomh maith leis sin, maolaíonn sé réimse tuilte le struchtúr um rialú srutha agus láthair stórála nádúrtha i gcás trombháistí lastuas den bhaile. Tá an scéim seo ar cheann de 151 scéim faoi infheistíocht €1 billiún an Rialtais um priacal tuile Éireann a bhainistiú faoin Phlean Forbartha Náisiúnta.
Ins na deich mbliana atá romhainn, feidhmeoidh OPW, i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla, na scéimeanna seo bunaithe ar an gClár um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBPTA) agus na Pleananna um Bainistiú Priacal Tuile (PBPT) a d’eirigh uathu. Léiríonn na pleananna seo go bhfuil 95% de na maoine atá faoi phriacal suntasach tuile faoi chosaint, nó inchosanta cheana féin ó thuiliú, idir 45 scéim fhaoisimh tuile atá críochnaithe nó an infheistíocht leanúnach ins na 151 scéim breise. Tá 90 scéim faoi dhearadh agus faoi thógáil i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla. Ciallaíonn sé seo go bhfuil OPW agus Údaráis Áitiúla tar éis críochnú, nó ag obair ar, thionscadail a fhreagraíonn 80% de na maojne a léirítear um chosaint ins na deich mbliana atá romhainn.
Chuir Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Gillian Coughlan, fáilte roimh an scéim nua:
“Le críochnú na scéime seo tá áititheoirí agus lucht gnó Chloich na Coillte ar a suaimhneas go bhfuil bearta i bhfeidhm anois mar chosc ar dhíobháil ó thuiliú mar a tharla roimhe seo. Ní féidir choíche an tionchar pearsanta agus eacnamaíoch ó thuiliú a thomhas; i bhfianaise athrú aeráide, tá sé fíor-riachtanach dúinn oibriú as láimh a chéile chun réitigh a chruthú do bhailte móra agus sráidbnhailte an chontae.
I gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Chorcaí, tá Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis sceimeanna foaisimh tuile a chur chun cinn in áiteanna sa Chontae a scriosadh de dheasca tuilte. Anois, in Iarthar Chorcaí amháin, beidh 1,000 maoin faoi chosaint ar thuiliú. I gcomhpháirtíocht le OPW tá Comhairle Contae Chorcaí ag féachaint leis an chinnteacht seo a sholáthar do chuid mhór eile.”
Dúirt Tim Lucey, Príomh-Fheidhmeannach ar Chomhairle Contae Chorcaí:
“Mar gheall ar an gcóras deartha comhpháirtíoch idir OPW agus an Chomhairle, tá comhtháthú idir an scéim nua fhaoisimh tuile agus an cur chuige maidir le dearadh bunaithe ar oidhreacht i gCloich na Coillte. Tugann Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte cosaint ó thuiliú agus neartaíonn sé an ríocht phoiblí agus tairiscint áineasa sa bhaile.”
-CRÍOCH-
Um breis eolais, déan teagmháil le pressoffice@opw.ie
Lean sinn ar Twitter @opwireland
Faigh sinn ar Facebook @opwireland
Lean sinn ar Instagram @opwireland
Lean sinn ar LinkedIn @Office of Public Works
Cuimsíonn Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte: limistéar stórála a thógáil le claífort, braiteoirí leibhéil uisce agus monatóirí sruthum an láthair stórála a rianú, ballaí nua cosanta taoide a thógáil, claífoirt tuile taoide a thógáil, uchtbhallaí daingne a chur in áit ráillí, neartú agus ardú na n-uchtbhallaí ar Dhroichead Shráid Uí Chléirigh, an Cuarbhóthar a ardú chuig 1.7m ar feadh 200m agus 5 stáisiún caidéalúcháin stoirmuisce dromchla a thógáil.
Tugann an scéim críochnaithe cosaint ar thuile báistí 100-bliain (Dóchúlacht Sáraithe Bliantúil 1%) nó tuile taoide 200-bliain (Dóchúlacht Sáraithe Bliantúil 0.5%).
Is é an buiséad iomlán tionscadail, costais chothabhála fadsaoil san áireamh, do Scéim Fhaoisimh Tuile Chloich na Coillte ná €33.8m; déanfaidh an scéim cosaint ar 150 maoin chónaithe agus 146 maoin tráchtála.