Faigheann an tAire Humphreys faomhadh na Comh-Aireachta do leasuithe móra Leasa Shóisialaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí, Heather Humphreys TD, sraith athchóirithe móra leasa shóisialaigh inniu, chomh maith le bearta a thacóidh le pinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal.
Fuair an tAire Faomhadh Comh-Aireachta chun Córas Sochar Cuardaitheora Poist Pá-Choibhneasa a bhunú in Éirinn.
Is athchóiriú ó bhonn é seo ar an gcóras leasa shóisialaigh agus cinnteoidh sé go bhfaighidh daoine a bhfuil stair fhada oibre acu sochair fheabhsaithe má chailleann siad a bhfostaíocht.
Cinnteoidh an Sochar Pá-Choibhneasa go mbeidh Éire ar aon dul le tíortha eile san Aontas Eorpach.
Faoin gcóras atá ceadaithe ag an gComh-Aireacht, beidh trí ráta íocaíochta mar seo a leanas:
Má tá duine fós dífhostaithe tar éis na tréimhse naoi mí, is féidir leo iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Cuardaitheora Poist bunúsach.
Ag fógairt sonraí an tSochair Pá-Choibhneasa nua inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm faomhadh na Comh-aireachta a fháil do Chóras Sochair Pá-Choibhneasa nua in Éirinn.
“De réir na n-athchóirithe móra seo, gheobhaidh daoine a bhfuil stair fhada oibre acu agus a chuidigh leis an gcóras trína ÁSPC sochair feabhsaithe má bhíonn siad sa staid uafásach sin ina gcaillfidís siad a bpost.
“Léiríonn an córas nua seo go bhfuil líon tarrthála feabhsaithe ar fáil d’oibrithe agus cabhróidh sé leis an laghdú millteanach ar ioncam a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a chailleann duine a bpost go tobann.
“Cinnteoidh tabhairt isteach an tSochair Pá-Choibhneasa go mbeidh Éire ar aon dul le formhór mór na dtíortha Eorpacha a bhfuil córais chomhchosúla ar bun acu cheana féin.
“Tar éis faomhadh na Comh-Aireachta a fháil inniu, tá iarrtha agam anois ar m’oifigigh an reachtaíocht riachtanach a dhréachtú chun Sochar Pá-Choibhneasa a thabhairt isteach sa dara leath de 2024.”
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023
Fuair an tAire Humphreys faomhadh na Comh-Aireachta inniu freisin don Bhille Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), a thugann éifeacht don tsraith beart atá i mBuiséad 2024.
Is é an pacáiste Buiséid Leasa Shóisialaigh 2024 an ceann is mó i stair an Stáit agus soláthraíonn sé do raon tacaíochtaí do phinsinéirí, do chúramóirí, do dhaoine faoi mhíchumas agus do theaghlaigh ar ioncam íseal.
I measc na mbeart Buiséid atá sa Bhille tá:
Tar éis chinneadh an Rialtais inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tabharfaidh an Bille Leasa Shóisialaigh éifeacht do réimse leathan beart Buiséid thábhachtacha.
“Deimhníodh na bearta seo mar chuid den phacáiste Leasa Shóisialaigh is mó i stair an Stáit.
“Cabhróidh siad chun tacú lenár bpinsinéirí, cúramóirí, daoine faoi mhíchumas agus teaghlaigh ar ioncam íseal leis na brúnna leanúnacha costais mhaireachtála.
“Táim thar a bheith sásta gur chomhaontaigh mé síneadh ar Shochar Linbh go daoine 18 mbliana d’aois in oideachas lánaimseartha, rud a bhfuil a fhios agam a rachaidh chun tairbhe go leor teaghlach”.
Athchóiriú Pinsin
Ina theannta sin, Tugann na bearta arna gceadú ag an gComh-Aireacht promh-athchóirithe struchtúracha isteach ar chóras an Phinsin Stáit ó Eanáir 2024 i leith. Áirítear leo sin:
Lean an tAire Humphreys ar aghaidh:
“Is athchóiriú struchtúrach suntasach ar Chóras Phinsean Stáit na hÉireann iad na bearta a d'aontaigh an Comh-Aireachta inniu.
“Tá lúcháir orm ach go háirithe go bhfuarthas faomhadh do bhearta chun a chinntiú go gcuirtear ranníocaíochtaí ar fáil do chúramóirí fadtéarmacha agus cúnamh ar fáil do bhearnaí ina dtaifid árachais shóisialaigh. Cabhróidh sé seo lena chinntiú go mbeidh na mílte duine, mná den chuid is mó, a chaith am ag tabhairt aire do dhaoine muinteartha leo in ann cáiliú don Phinsean Stáit anois.”
Ina theannta sin, ardóidh pá breoiteachta reachtúil ó thrí lá go cúig lá, mar chuid de bhearta atá ceadaithe i mBille an lae inniu.
Déanann an Scéim Micrichreidmheasa Pearsanta foráil d’iasachtaí mionscála ó chomhair chreidmheasa d’iasachtaithe a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar chreidmheas ar chostas íseal. Méadaítear leis an mBille uasmhéid na hiasachta is féidir le Comhair Chreidmheasa a sholáthar faoin scéim, agus clúdaíonn an Roinn táillí seachtainiúla na n-idirbheart Dochair Dhírigh. Tá sé mar aidhm ag na bearta seo go nglacfar leis an scéim seo ionas nach n-úsáideann daoine leochaileacha iasachtóirí airgid.
I measc phríomhghnéithe na scéime nua Sochair Phá-Choibhneasa tá:
Áirítear sa Chlár don Rialtas agus sa Phlean Téarnaimh Eacnamaíoch gealltanais chun scéim Sochair Phá-Choibhneasa a mheas do chuardaitheoirí poist. Is é an gealltanas a rinneadh ar bhonn sonrach ná:
“Féachaint chuige go méadóidh gach aicme ÁSPC le himeacht ama chun an Ciste Árachais Shóisialaigh a athlíonadh chun cabhrú le híoc as bearta agus athruithe atá le comhaontú lena n-áirítear, …sochar cuardaitheora poist pá-choibhneasa.”
Déanann Tréimhsí Ranníocaíochta do Chúramóirí Fadtéarmacha an próiseas níos éasca do chúramóir chun cáiliú don Phinsean Stáit (Ranníocach) nuair a shroicheann an duine aois an phinsin. Is féidir le cúramóirí aon tréimhse 20 bliain nó níos mó ina bhfuil siad cláraithe leis an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur san áireamh mar thréimhse ar sholáthar siad cúram lánaimseartha do chleithiúnaí éagumasaithe, do ghaolta de ghnáth, ina dtaifid árachais shóisialaigh phá-choibhneasa (ÁSPC).
De réir an Treochláir ÁSPC atá aontaithe ag an Rialtas, beidh méaduithe incriminteacha i ngach cineál ÁSPC (fostóir, fostaí agus féinfhostaithe) sna blianta atá le teacht. Tacóidh na harduithe seo le hAois an Phinsin Stáit a choinneáil ag 66 bliana d’aois. Seo iad a leanas: