Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly TD maidir le criosanna eisiaimh timpeall ar shaoráidí cúram sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar Aire Sláinte, táim lántiomanta do reachtaíocht a thabhairt isteach maidir le criosanna rochtana sábháilte timpeall ar ár saoráidí cúram sláinte. Tá an tiomantas seo sa Chlár Rialtais.
Bhí sé beartaithe ar dtús foráil a dhéanamh do rochtain shábháilte chun Toirchis a Fhoirceannadh san Acht Sláinte (Rialú Foirceannadh Toircheas) 2018. Mar sin féin, sainaithníodh roinnt saincheisteanna dlí ar ghá iad a bhreithniú tuilleadh.
Leanann oifigigh sa Roinn Sláinte ag obair liom chun rochtain shábháilte ar áiseanna míochaine a chinntiú.
Bhí mé ag plé freisin le raon páirtithe leasmhara agus grúpaí sochaí sibhialta maidir leis an athbhreithniú ar an Acht um Foirceannadh Toirchis a Rialáil atá á thabhairt chun críche d’fhonn é a thosú sna seachtainí amach romhainn.
Tosaíocht domsa mar Aire Sláinte is ea cúram sláinte na mban agus seirbhísí sábháilte a sholáthar do gach bean.
Críoch