Freagraíonn airí ar an aimsir a bhfuil cosc á chur aige ar scaipeadh aoileach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mar fhreagra ar dhroch-choinníollacha ithreach chun meáchan feithiclí a iompar, go háirithe le seachtainí beaga anuas, tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien T.D. tar éis solúbthacht a thabhairt chun ligean d'fheirmeoirí aoileach atá stóráilte go cuí ar thalamh faoi láthair fanacht ann ar feadh na tréimhse scaipthe dúnta.
Dúirt an tAire McConalogue
“Cuireann aoileach teorainn leis na deiseanna aoileach a scaipeadh. Mar gheall ar an aimsir fhliuch a bhí againn an samhradh agus an fómhar seo, ní raibh go leor feirmeoirí in ann aoileach a scaipeadh gan an baol go ndéanfaí dochar mór do struchtúr na hithreach. Aithníonn an tAire O’Brien agus mé féin an méid sin agus mar thoradh air táimid tar éis obair a dhéanamh chun soiléireacht a thabhairt d’fheirmeoirí atá thíos leis. Is féidir aoileach atá stóráilte go cuí ar thalamh faoi láthair fanacht ann ar feadh na tréimhse dúnta an Geimhreadh seo”.
Dúirt an tAire O’Brien
“I bhfianaise na gcúinsí, níor measadh gur chuí síneadh a chur leis an tréimhse scaipthe d'aoileach ó thaobh cháilíocht an uisce de. Ní mór dúinn a bheith feasach ar an ngá lenár n-ithir a chosaint de réir mar a mhéadaíonn tionchair ar ithir caillteanas dríodair agus cothaithigh i sruthchúrsaí. Mar thoradh air sin, beidh an díolúine teoranta seo ó na Rialacháin i bhfeidhm an Geimhreadh seo mar bheart aonuaire mar fhreagra ar na droch-choinníollacha aimsire, go háirithe le seachtainí beaga anuas.”
Faoi na Rialacháin Dea-Chleachtais Talmhaíochta chun Uiscí a Chosaint (IR 113 de 2022, arna leasú), ní féidir aoileach a stóráil ar thalamh ón 1 Samhain go dtí lár mhí Eanáir agus i gcás chontae an Chabháin, chontae Dhún na nGall, chontae Liatroma, agus chontae Mhuineacháin, go dtí an 31 Eanáir. Mar sin féin, ag eascairt as samhradh agus fómhar uafásach fliuch na bliana seo, tá go leor feirmeoirí ann nach bhfuil in ann aoileach a scaipeadh gan dochar suntasach a dhéanamh do struchtúr na hithreach.
Ó thaobh na timpeallachta de, i bhfianaise na gcoinníollacha ithreach faoi láthair, is mó an baol damáiste don ithir agus an baol a bhaineann le cáilíocht an uisce ná an baol do cháilíocht an uisce má fhanann an t-aoileach i gcarn balctha atá in áit oiriúnach.
Ní bhaineann an díolúine ón riail ach le cairn aoiligh atá stóráilte faoi láthair ar thalamh in áit oiriúnach, ag tabhairt aird ar shlánachair agus a chinntíonn nach bhfuil aon bhaol ann go dtarlóidh rith chun srutha nó úscaíl, go díreach nó go hindíreach, isteach sa screamhuisce nó san uisce dromchla. Ba cheart go bhfanfadh aoileach den sórt sin i gcarn balctha go dtí deireadh na tréimhse dúnta i mí Eanáir seo chugainn. Ag an bpointe sin is féidir é a stóráil ar an talamh de réir na Rialachán go dtí go mbeidh deis oiriúnach ann don scaipeadh ar an talamh.
I gcás go bhfanann aoileach i mbuailte, nó i saoráidí oiriúnacha clóis feirme eile, ba chóir go bhfanfadh sé ann go dtí deireadh na tréimhse dúnta. Má éiríonn toilleadh stórála i saoráidí den sórt sin ina shaincheist roimh dheireadh na tréimhse dúnta, moltar don fheirmeoir dul i dteagmháil lena (h)Údarás Áitiúil chun an bealach is oiriúnaí chun déileáil leis an gcás a phlé.
Mar fhocal scoir, chuir na hAirí in iúl go mbeadh smachtbhannaí iomchuí ann i gcás ina bhfaightear amach go raibh aoileach stóráilte go míchuí ag feirmeoir nó gur scaipeadh é le linn na tréimhse dúnta.