Seolann an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí an comhairliúchán don Chreat Sláinte Ionchuimsithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke TD, an comhairliúchán don Chreat Sláinte Ionchuimsithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC) inniu.
Is cur chuige é sláinte ionchuimsithe i leith seirbhísí sláinte, taighde agus beartais a bhfuil sé mar aidhm aige neamhionannas sláinte agus sóisialta a chosc agus a leigheas trí idirghabhálacha agus freagairtí comhtháite cúraim sláinte a fhreastalaíonn níos fearr ar riachtanais grúpaí atá eisiata go sóisialta.
Tá Creat Sláinte Ionchuimsithe á fhorbairt ag an Roinn Sláinte chun cur chuige sláinte ionchuimsithe a chomhtháthú i ngach gné den bheartas agus den chleachtas sláinte.
Dúirt an tAire Burke:
“Tá a fhios againn go bhfulaingíonn grúpaí atá eisiata go sóisialta lena sláinte go minic, gné a théann i bhfeidhm ar a gcaighdeán saoil. Teastaíonn idirghabhálacha sláinte agus sóisialta saincheaptha uathu, a thugann aghaidh ar a gcinntithigh shóisialta sláinte agus ar na neamhionannais chasta sláinte is cúis leo. Sin an fáth go bhfuil sé chomh tábhachtach go ndéanfar sláinte ionchuimsithe a chomhtháthú inár gcur chuige maidir le forbairt beartais agus seachadadh seirbhíse, chun a chinntiú gur féidir linn freastal mar is cuí ar na daoine is leochailí inár bpobal."
Tá conradh tugtha ag an Roinn Sláinte don Ghrúpa Taighde Ionchuimsithe Sláinte (IHRG) i gColáiste an Leighis agus na Sláinte, UCC chun tabhairt faoi phróiseas comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chreata. Beidh suirbhé ar líne, imeachtaí comhairliúcháin agus comhairliúcháin i gceist leis an bpróiseas, trí úsáid a bhaint as modheolaíocht de Chaifé Domhanda. Beidh na himeachtaí seo ar siúl i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach.
Dúirt an Dr Angela Flynn, Léachtóir i Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais:
“Tá an-áthas orainn a bheith páirteach i gCreat Sláinte Ionchuimsithe d'Éirinn a mhúnlú. Cuireann an t-éiteas ildisciplíneach dár nGrúpa Taighde um Shláinte Ionchuimsithe anseo i gColáiste an Leighis agus na Sláinte, UCC, ar ár gcumas tabhairt faoin gcomhairliúchán poiblí ilghnéitheach seo.
Tá blianta fada ag gach duine againn ag obair sna seirbhísí sláinte, ag obair go dlúth le pobail imeallaithe, agus ag ullmhú na chéad ghlúine eile de ghairmithe sláinte. Táimid ar bís an deis a bheith againn cloisteáil go díreach uathu siúd a bhfuil taithí saoil acu ar eisiamh agus a chinntiú go mbeidh a nguthanna ina mboinn eolais do chur chuige sláinte ionchuimsithe i ngach gné den bheartas agus den chleachtas sláinte."
Ina theannta sin, beidh dhá phainéal sa chomhairliúchán: ceann a fheidhmeoidh mar phainéal comhairleach gairmiúil agus ceann eile, ina mbeidh daoine le taithí saoil acu. Is iad na spriocghrúpaí is mó le haghaidh seirbhísí sláinte ionchuimsithe ná daoine atá gan dídean, an Lucht Siúil agus na Romaigh, imircigh, teifigh, tairbhithe a theachtann cosaint shealadach agus iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta, íospartaigh/marthanóirí foréigin teaghlaigh, gnéis agus inscnebhunaithe (DSGBV), agus daoine a úsáideann drugaí agus alcól. I measc na ngrúpaí eile tá iarphríosúnaigh, agus oibrithe gnéis. Mar sin féin, cabhróidh an próiseas comhairliúcháin leis na grúpaí eisiata ar cheart tosaíocht a thabhairt dóibh sna seirbhísí sláinte ionchuimsithe a aithint.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Burke:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Angela Flynn agus leis an bhfoireann taighde i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh as tabhairt faoin obair an-tábhachtach seo. Tá an próiseas seo ríthábhachtach chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt an chreata, trí rannpháirtíocht leis an bpobal agus le daoine a úsáideann na seirbhísí sláinte seo. Trí thimpeallacht a chruthú ina n-oibríonn lucht déanta beartas, soláthraithe seirbhíse agus daoine a bhaineann leas as seirbhísí le chéile mar chomhpháirtithe, is féidir linn caighdeán, sábháilteacht agus taithí cúraim sláinte duinelárnach a fheabhsú."
Beidh an suirbhé ar líne beo i mí Iúil agus moltar don phobal ar fad é a chomhlánú. Beidh sé ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Sláinte . Meastar go bhfoilseofar an Creat faoi dheireadh 2024.