Córas ceadúnaithe le haghaidh tobac agus galtoitíní tugtha isteach ag na hAirí Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke inniu go bhfuil tús curtha leis na hailt eile den Acht Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín), 2023. Tugtar isteach leis na hailt seo córas nua ceadúnaithe chun táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín cosúil le toitíní leictreonach a dhíol. Tiocfaidh an córas i bhfeidhm an 2 Feabhra 2026.
Faoi láthair, ní gá do dhaoine ar mian leo táirgí tobac a dhíol ó áitreabh amháin nó tuilleadh ach clárú agus táille aonuaire €50 a íoc. Níl aon riachtanas ann do dhaoine ar mian leo táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol.
Faoin gcóras nua, beidh ceadúnais bhliantúla ag teastáil chun táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol i ngach áitreabh óna ndíoltar ceachtar den dá táirge. Is gá iarratais a dhéanamh chuig Seirbhís Náisiúnta Sláinte Comhshaoil FSS ar tugadh an chumhacht di ceadúnais a eisiúint.
Leagtar síos i rialacháin a rinne an tAire an táille cheadúnais bhliantúil ag €1,000 chun táirgí tobac a dhíol agus €800 chun táirgí ionanálaithe nicitín a dhíol. Foráiltear leis an dlí freisin nach n-eiseofar ceadúnais d'áitribh shealadacha nó shoghluaiste, e.g. siopaí pop-up ag féilte, agus gur féidir ceadúnais a chur ar fionraí nó a chúlghairm.
Ina theannta sin, chuir an tAire tús leis an gceanglas a theastaíonn go bhfuil oibrithe miondíola, a dhíolann na táirgí seo, os cionn 18 mbliana d'aois, le roinnt eisceachtaí do bhaill teaghlaigh, agus cumhacht don tSeirbhís Náisiúnta Sláinte Comhshaoil, an t-údarás forfheidhmithe, ainmneacha na ngnólachtaí sin, a ciontaíodh i gcionta rialaithe tobac, a fhoilsiú.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá mé dóchasach go mbeidh an táille bhliantúil, atá á tabhairt isteach ón mbliain seo chugainn chun táirgí tobac a dhíol, ina dídhreasú do roinnt miondíoltóirí na táirgí seo a stocáil ar chor ar bith, mar gurb é aidhm an rialtais ná deireadh a chur le húsáid tobac. Ar an gcaoi chéanna, tá sé ar intinn agam go laghdóidh córas ceadúnaithe do tháirgí ionanálaithe nicitín líon na n-áiteanna ina ndíoltar iad, rud a laghdóidh úsáid galtoitíní i measc daoine óga agus daoine nach gcaitheann tobac.
"Léirigh miondíoltóirí comhoibriú agus comhlíonadh i gcónaí maidir le bearta nua rialaithe tobac a thabhairt isteach agus táim ag tnúth leis an meon céanna a fheiceáil maidir le tabhairt isteach an chórais seo. Tá a fhios ag miondíoltóirí go raibh an córas seo beartaithe ó thugamar an reachtaíocht isteach in 2023, agus táim muiníneach go gcinnteoidh an tréimhse 13 mhí seo go mbeidh dóthain foláirimh ag miondíoltóirí chun ullmhú le haghaidh seo. Éacht tábhachtach eile a bheidh ann maidir lenár straitéis fhoriomlán Éire saor ó thobac a bhaint amach."
Dúirt an tAire Burke:
"Ciallaíonn tabhairt isteach an chórais cheadúnaithe seo go mbeidh faisnéis agus maoirseacht cothrom le dáta ag ár ngníomhaireacht forfheidhmithe ar dhíol na dtáirgí seo ar fud na tíre. Meastar go bhfaigheann 4,500 duine bás gach bliain sa tír seo de bharr táirgí tobac, chomh maith le réimse ollmhór galar agus deacrachtaí tromchúiseacha sláinte.
"Tá Éire ina ceannródaí le fada maidir le bearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun rátaí caitheamh tobac a laghdú agus díobháil a bhaineann le tobac a laghdú, agus is céim thábhachtach iad na bearta seo chun sláinte ár ndaonra a chosaint anois, chomh maith leis na glúnta atá le teacht inár ndiaidh."